I Muintir Eoghain, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 30 Márta 1880. Deartháir é le Micheál agus Pádraig Ó Máille. Bhí sé tamall i Scoil Bhéal Átha na mBreac sa cheantar sin. Is dóigh gur chaith sé seal ina mhonatóir. Bhain sé céim B.A. Ollscoil Ríoga na hÉireann amach sa Cheiltis, sa Bhéarla agus sa Mhata-fisic i 1905. Foilsíodh Amhráin Chlainne Gaedheal leis féin agus a dheartháir Micheál an bhliain chéanna sin. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1906. Idir 1904 agus 1906 chaith sé téarmaí i Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus fuair scoláireacht taistil i nDeireadh Fómhair 1906 a thug go dtí Manchain é chun staidéar faoin scoláire John Strachan. Bronnadh MA air ansiúd. Thuigfeá gurbh é an tuairim a bhí ag Kuno Meyer de timpeall an ama seo (Kuno Meyer 1858–1919, a biography, 1991 le Seán Ó Lúing) go mba dhuine aonaránach é nach meascadh le mic léinn eile agus nach léadh a dhóthain den Bhéarla. Ag tagairt a bhí sé, is dócha, do cibé tréimhse de 1907–09 a chaith an Máilleach i Learpholl. Chaith sé an chuid is mó den dá bhliain sin in ollscoileanna Freiburg (faoi Thurneysen), Baden agus Berlin. I 1909 bhronn Ollscoil Freiburg dochtúireacht air. An bhliain chéanna sin fuair sé post i Músaem na Breataine chun dlús a chur le clárú na lámhscríbhinní Gaeilge, obair a bhí tosaithe ag S.H.O’Grady. Theastaigh ón Músaem teorainn ama a chur leis an obair agus d’éirigh sé as an bpost.

Is ag an am seo a bhí Ollscoil na hÉireann á cur ar bun. Chuir Tomás isteach ar chathaoir na Sean-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar ollúnacht na Gaeilge i nGaillimh. Beirt iarscoláirí de chuid Scoil Ard-Léinn na Gaeilge, mar sin, a fuair an dá phost: Bergin i mBaile Átha Cliath agus an Máilleach i nGaillimh. Seachas de Hindeberg is beag má bhí aon scoláire Gaeilge eile san am a raibh seilbh aige ar chaint na Gaeltachta agus ar an scoláireacht nua eolaíoch araon mar a bhí ag Tomás.

Dúirt Pádhraic Ó Domhnalláin ina thaobh: ‘Do shiúil sé Gaeltacht agus breac Ghaeltacht Chonnacht ag éisteacht le sean fhondúirí ag friotal leo go binn gur bhailigh ar chuala sé d’fhoghair is d’fhuama is de leagain snoite snasta, gur mhínigh a raibh d’idirdhealú is d’ildhéanamh ó dheas agus ó thuaidh, thoir is thiar, ag baint leo is go ndearna a gcur i gcomórtas agus i gcomparáid lena macasamhail i dteangacha i gcéin agus i gcomhgar agus sin go heolgasach ealaíonta trí chumas na Gaeilge féin, go bhfuil a éargna sin againn i leabhar ríthábhachtach dar teideal Urlabhraidheacht [Urlabhraidheacht agus graiméar na Gaedhilge, 1927], leabhar a bhéas mar lia os a leacht go bráth’ (Scéala Éireann 17 Eanáir 1938).

Ó 1917 go 1920 bhí sé ina eagarthóir ar An Stoc. In éineacht le Piaras Mac Canna, a dheartháir Pádraig, Eoin Mac Néill agus Pádraic Ó Conaire chuir sé gairm scoile amach faoin bpáipéar sin seachtain roimh Éirí Amach 1916. B’éigean dó dul ar a choimeád i nDúiche Sheoigheach agus in lar Umhaill 1920–21 agus bhí tamall i gcomh luadar an cholúin reatha i gConamara. Casadh air Colm Ó Gaora, fear a shíl go raibh Tomás chomh dona leis an bPiarsach ag ól tae. ‘Fear soineanta a bhí chomh simplí leis an bpáiste, agus an-réchúiseach ann féin, a bhí sa Máilleach .... Ní cheapfá go deo le breathnú air ná le labhairt leis go mba é an ríscoláire é a bhí ann. Ní cainteoir líofa a bhí ann, ach bhíodh rian agus réasún ina chomhrá. Ba mhinic a chualas ag caint é agus shílinn go mba dhuine é nach dtigeadh an chaint leis. Nuair a bhíodh sé linn ina dhiaidh sin ar a chaomhúint thugainn chun suime go gcuireadh sé an-sonrú sna baogracha a bhíodh tite anuas as alltracha na gcnoc nó in uisce na lochán beag a bhíodh fanta i mbarra nó i logáin na gcnoc céanna’ (Mise). Dúirt Liam Ó Buachalla faoi in Ar Aghaidh, Feabhra 1938: ‘Bhí aithne agus eolas faoi leith ar bhochta na Gaillimhe aige agus is fial flaithiúil a chuidigh sé leo uair ar bith a raibh a fhios aige go raibh siad ina chall’.

Phós sé Eibhlín Ní Scannláin ón bhFearann Fuar, Co. Chiarraí. Bhí scata de pháistí óga acu nuair a d’éag sé ar 15 Eanáir 1938. Ba é a sheoladh ag an am Roighne, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. air i 1928.

I measc na leabhar eile a scríobh sé nó ar chuir sé eagar orthu tá: The language of the Annals of Ulster, 1910; Amhráin Chearbhalláin, 1916; An ghaoth aniar, 1920, giotaí as An Stoc; Mac Dathó, 1924; Micheál Mac Suibhne agus filidh an tsléibhe, 1934; An béal beo 1936; An tIomaire Rua: Cogadh na Saoirse i dtuaisceart Chonamara, 1939 (athchló 2007). Bhí aistí léannta aige in Ériu, Zeitschrift für celtische Philologie, Lia Fáil .... Bhí sé páirteach le Micheál Breathnach (1886–1987) in ullmhú an leabhair a cuireadh amach leis an gcúrsa Linguaphone i 1927–28. Rinne sé eagarthóireacht ar leabhair a dhearthár Micheál agus thug cúnamh le heagarthóireacht a dhéanamh ar Sgéalaidhe Leitir Mealláin, 1926 agus ar Sgéalta na nOileán, 1929 a scríobh Peadar Ó Direáin.

D’fhág an tOllamh Tomás Ó Broin an cur síos seo air i gcuntas lámhscríofa ar a óige atá i seilbh a iníne: ‘An nóiméad a bhfaca tú Tomás Ó Maille, thug tú faoi deara go raibh máchail éigin sa gcliathán clé, rud a d’fhág tarraingt ann. In achar gearr, áfach, rinne tú dearmad air sin agus chonaic tú ábhar mór spéise ann. Níor fear ró-ard é ach bhí toirt réasúnta ann, agus bhí an cloigeann mór i gcomórtas leis an gcorp. Bhí sé dea-ghnúiseach gan a bheith ródhathúil agus bhí lorg beag den mheangadh ar a bhéal agus ins na súile. I gcónaí chaitheadh sé an cineál bríste ar a dtugtaí plus fours, bríste boilsceannach ceangailte isteach faoin nglún. Bhí an ball éadaigh sin imithe as faisean ag an am ach cheap daoine go raibh an tOllamh chomh gafa sin ag cúrsaí léinn nár thug sé é sin faoi deara. Ba léir gur thaithnigh sé go mór leis na mic léinn. B’fhurasta a fheiceáil go mba dhuine an-nádúrtha é: ní raibh cur i gcéill ná gaisce ar bith ina iompar nó ina chuid cainte. Thugadh mic léinn the prof. air. Níor chall ainm thairis sin a chur air. ‘I saw the prof. in Shop Street’, a déarfadh duine. B’fhurasta dul chun cainte leis, agus thapaigh mic léinn an deis sin . . .. Ba chainteoir dúchais Gaeilge Ó Máille ach ina chuid cainte agus ina chuid scríbhneoireachta ba éisealaí agus ba shlachtmhaire é ná an gnáthchainteoir dúchais. Is é an cleachtadh is mó a bhí againn sa nGaeilge scríofa bheith ag tiontó ó Bhéarla agus is ansin a thaispeáin sé chomh cáiréiseach ar an nGaeilge a d’fhéadfadh sé a bheith. Sleachta as clasaicí Béarla a thugadh sé dúinn—b’fhéidir as Conrad nó Dickens. Scríobhfadh sé a leagan Gaeilge féin ar an gclár dubh agus d’iarrfadh sé moltaí agus leasuithe ar an rang. Ní bheadh sé sásta le leoriarracht. Chaithfeadh gach abairt a bheith soiléir bríomhar agus dul taithneamhach na Gaeilge a bheith uirthi. Bheadh sé ag athrú agus ag feabhsú go mbeadh barr slachta ar an leagan.’ Chuireach sé ionadh ar na mic léinn an acmhainn Ghaeilge a bhí aige agus é ag trácht ar ábhar fíortheicniúil. Ach ní róshásta lena theagasc sa tSean-Ghaeilge a bhí Ó Broin. ‘Bheadh an tOllamh ag imeacht rómhear agus ní chuirfeadh sé ord maith ar an ábhar.’Tá cuntas fada ag Ruairí Ó hUiginn air agus ar a mhuintir in Scoláirí Gaeilge: léachtaí Cholm Cille XXVII, 1997 in eagar ag Ruairí Ó hUiginn. Tugann Ó hUiginn cuntas maith ar an gcaoi ar tugadh colún dó in Freeman’s Journal in ionad ‘Sceilg’. Is léir go raibh an t-aighneas a lean sin ar cheann de na fáthanna ar bhain Cumann na Scríbheann nGaedhilge eagarthóireacht Foras Feasa ar Éirinn siar as lámha an Mháilligh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú