Bhí spéis ar leith ag an scoláire Gaeilge seo sna logainmneacha agus meastar go mbaineann leath a shaothair leo. Tá cuntas air in Topothesia, 1982 in eagar ag Breandán S. Mac Aodha. Tá an t-eolas céanna le fáil in Seanchas Ard Mhacha, 1990. Seo é an t-eolas atá sa teastas breithe: gur rugadh é ar 27 Meán Fómhair 1904 faoin ainm Thomas Joseph Melia, gurbh é 5 Bucknall New Road, Hanley, Staffordshire, an seoladh bhí ag a thuismitheoirí, John Melia, ‘builder’s labourer’, agus Ellen Elizabeth Maley. Cuireadh meánoideachas air i Manchain. Chláraigh sé mar mhac léinn i nGaillimh in aois 26 dó ar 7 Deireadh Fómhair 1930; 118 Rutland Street, Manchain, a sheoladh ag an am sin. Is é a dúirt Criostóir Túinléigh (iarleabharlannaí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) le Séamus Mac Mathúna, Rúnaí um Ghnóthaí Acadúla na hollscoile, gurb amhlaidh go raibh ranganna Gaeilge á dtabhairt i Manchain ag an (sean) Ollamh Tomás Ó Máille, go raibh Tomás S. ag freastal orthu sin, agus gur spreag sean-Tomás é le dul go Gaillimh mar mhac léinn agus gur chuidigh sé go mór leis. Bhain sé BA amach i 1933. Chaith sé trí bliana ag múineadh i meánscoil na mBráithre i Luimneach sular ceapadh é ina Chúntóir lánaimseartha i Roinn na Gaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Thuill a bhailiúchán de sheanfhocail Chonnacht PhD dó i 1939. Ceapadh ina Léachtóir le Teangacha Ceilteacha é i 1947. Bhí sé ina Ollamh le Nua-Ghaeilge ó 1953 go dtí gur éirigh sé as an bpost i 1974. Thiteadh dualgais éagsúla eile air: bhí sé ina Dhéan ar an Dámh Cheilteach (1957-69), ina bhall den Choiste Rialaithe (1969-74) agus ina bhall de Bhord na Staidéar (Ollscoil na hÉireann). Ceapadh é ina bhall de Choimisiún na Logainmneacha i 1964 agus ina bhall den Chomhairle um Ainmstaidéar in Éirinn agus sa Bhreatain. Bronnadh DLittCelt air i 1971. Deir Breandán Mac Aodha: ‘Is doiligh le lucht an lae inniu an droch-chaoi eacnamaíochta ina raibh na hollscoileanna sa tír seo ins na tríochaidí, na daichidí agus na caogaidí a shamhailt. Bhí ganntanas mór airgid, foirne agus foirgneamh ag cur as dóibh. Ba creathnach an t-ualach teagaisc a thit ar na léachtóirí. Ina lán slite ba mheasa an scéal i Roinn na Gaeilge ná i Roinn ar bith eile. Ach dá dhonacht an brú ní dhearna an Máilleach dearmad ariamh ar phríomhdhualgas an scoláire .i. teorainn an léinn a shíorleathnú amach trín taighde. Tá ómós an-mhór tuillte aige mar gheall ar a dhílse is a bhí sé don phrionsabal sin.’

Bhí sé ar bhunaitheoirí Galvia i 1953 agus ar feadh breis agus deich mbliana bhí sé ina chomheagarthóir air. Bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Thaibhdhearc na Gaillimhe, agus ina chathaoirleach ar Choiste Chonnacht den Chumann Scoildrámaíochta. Bronnadh Topothesia; aistí in ónóir Tomás S Ó Máille, 1982 air. Deir Mac Aodha: ‘Ba ceannródaí é i scrúdú eolaíochtúil na n-áitainmneacha: d’aithin sé go luath gur gá gach ainm a iniúchadh ní hamháin ó thaobh na teangeolaíochta dhe ach freisin ó thaobh na geografaíochta dhe. Ar an ábhar sin baineann an bailiúchán seo d’aistí leis an téama sin a b’ansa leis féin riamh anall, an dinnseanchas.’ Tá liosta a shaothair i gcló in Topothesia. Scríobh sé: Seanfhocla Chonnacht, 1948-52; Liosta focal as Ros Muc 1974; Breacadh, 1973, saothar taighde ar an duanaireacht. Chuir sé eagar ar An tIomaire Ruadh, 1939 le Tomás Ó Máille.

Aistriúchán ar Desecration le Diarmuid Ó Murchadha is ea Milleadh, 1937; léiríodh an dráma seo i dTaibhdhearc na Gaillimhe 14-16 Bealtaine 1934. Tugadh an chéad léiriú 22 Deireadh Fómhair 1939 san amharclann chéanna do Síol Comhraic, dráma a scríobh sé i gcomhar le Ó Murchadha. Bundráma dá dhéantús is ea Earráid (an chéad léiriú sa Taibhdhearc 16-19 Bealtaine 1940). Dráma eile sa Taibhdhearc a raibh baint aige lena scríobh is ea Caithréim an Sglábhaidhe (i gcomhar le Walter Macken), a léiríodh 16-18 Márta 1941. In éineacht le hAodh Mac Dhubháin, Cilian Ó Brolcháin agus Coiril Ó Mathúna d’aistrigh sé Ten Little Niggers Agatha Christie faoin teideal An tOileán Doilfe (léiríodh é 10-13 Meitheamh 1948). Bhí gearrscéalta i gcló in Ar Aghaidh aige faoin ainm cleite ‘Stócach’. Tá aistí léannta leis in Béaloideas, Journal of Celtic Studies, Éigse, Journal of the Galway Historical and Archaeological Society. D’éag sé ar 27 Lúnasa 1990. D’fhoilsigh Cois Life Seanfhocla Chonnacht, 2010, eagrán nua dá Sean-Fhocla Chonnacht, 1948-52, é cóirithe ag Donla uí Bhraonáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú