Tá alt ina taobh ag Mícheál B. Ó Mainnín in Scoláirí Léinn: Léachtaí Cholm Cille XXXV, 2005 (‘Deirdre Uí Fhlannagáin’) agus alt le Aidan MacDonald in Peritia, Journal of the Medieval Academy of Ireland, 3, 1984. Ba iníon í le Richard Morton (Mortún), Béal Feirsteach a d’fhoghlaim Gaeilge, agus a bhean Bríd Nic Dhiarmada, cainteoir dúchais Gaeilge ó Ghaeltacht Dheisceart Thír Chonaill. I mBéal Feirste a rugadh Deirdre 24 Aibreán 1932; ba í an duine ba shine í de cheathrar cailíní. Chaith sí blianta Chogadh 1939–45 sa Ghrafaidh sna Gleannta i dTír Chonaill. Deir a céile Laurence Flanagan sa réamhrá le Irish Place Names (1994): ‘Although she was born in Belfast Deirdre Morton spent most of her childhood in Donegal, in an Irish-speaking area. Here she acquired an awareness of the realities of Irish rural life, both its hardships and its joys, as well, of course, as the basis of her command of the Irish language.’

Chaith sí iomlán a saoil acadúil in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, mar mhac léinn, mar chúntóir léachtóra, mar léachtóir cúnta agus mar léachtóir, agus bhí sí ina léachtóir sinsearach ann ó 1973 go bhfuair sí bás. Ina mac léinn di bhí sí gníomhach sa Chumann Gaelach agus sa Chomhchaidreamh. Ba é Seán Mac Airt ba thúisce a d’adhain agus a chothaigh a spéis sa logainmníocht; luaitear go raibh tionchar uirthi freisin, maidir leis an earnáil sin de léann na Gaeilge, ag Éamonn de hÓir, G.B. Adams, agus Heinrich Wagner. Deir Ó Mainnín: ‘Bhí Deirdre tumtha i dtraidisiún seo na hainmníochta; chaith sí a saol oibre ar fad ag cur an ábhair seo chun cinn sa tsaol acadúil agus i measc an phobail mhóir in Éirinn.’ Dúirt T.S. Ó Máille in Nomina 8, 1984: ‘It is fitting to name Deirdre Flanagan as a worthy successor to the line of scholars... associated with Queen’s.... Those scholars did giants’ work in onomastic studies over the past hundred years, and Deirdre added her share to the achievements of her predecessors’ (i gcló ag Ó Mainnín). Thugadh sí léachtaí ar an ábhar seo ar fud Chúige Uladh. Bhí baint aici leis an Ulster Place-Name Society ó bunaíodh é 20 Feabhra 1952 agus bhí rannpháirteach in obair iris an Chumainn idir 1952 agus 1958 nuair a d’éag an t-eagarthóir Seán Mac Airt. D’athbhunaigh sí an iris sin Bulletin of the Ulster Place-Name Society in 1978 agus bhí ina heagarthóir go ham a báis. Chaith sí tamall ar chomhairle an Council for Name Studies in Great Britain and Ireland agus ó 1983 bhí sí ina ball tofa de choiste eagarthóireachta Nomina, iris na comhairle. Bhí suim ar leith aici i gceantar Leath Cathail i gContae an Dúin.

Tá liosta a foilseachán i gcló ag Ó Mainnín. Tá a saothar scríofa scaipthe ar fud Fearsaid, Ulster Journal of Archaeology, Dinnseanchas, Onoma, Ulster Local Studies, agus tá ábhar léi i bhféilscríbhinní agus i bhfoilseacháin léannta eile. Gan amhras is in Bulletin of the Ulster Place-name Society agus in An tUltach atá an chuid is mó dá hailt. Tá a fear céile, Laurence Flanagan, tugtha mar chomhúdar Irish Place Names (1994). Deir seisean ann: ‘Before her untimely death on 2 March 1984, Deirdre had talked of writing a book on Irish place-names. The present work is not that book, but a substitute for it...’. Tiomnaíodh é do Mhac Airt, de hÓir agus Wagner. Phós siad 1960. Bhí Laurence ina choimeádaí i Músaem Uladh. Bhí triúr iníonacha acu. Cuireadh í sa Charraig i nGaeltacht Dhún na nGall mar a raibh teach saoire acu. Tuairiscíodh in Irish News 11 Aibreán 2001 gur dúnmharaíodh Laurence roinnt lá roimhe sin nuair a bhris gadaithe isteach ina theach sa South Parade, Bóthar Ormeau, Béal Feirste. Dúirt cigire den RUC: ‘It is one of the worst I have seen in a long time. An elderly gentleman, living by himself, was attacked in such a violent manner. It was a horrendous incident.’ Sa pháipear céanna 16 Aibreán 2001 tá tuairisc ar a raibh le rá ina thaobh ag a chairde acadúla ag an aifreann éagnairce. Leabhair eile leis is ea Ancient Ireland: life before the Celts (1998); Irish Proverbs (2001); The Darling of my Heart: Two thousand years of Irish love writing (1994) (eagarthóir); Ireland’s Armada Legacy; A Dictionary of Irish Archaeology; Favourite Irish Names for Children; Irish Wrecks of the Spanish Armada....

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú