Bhí sé ar dhuine de cheannródaithe ghluaiseacht na teanga i gcathair Phort Láirge ach thráigh a dhíograis timpeall 1913-15, b’fhéidir, nuair a tháinig cor nua i náisiúnachas Chonradh na Gaeilge. I mBéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 4 Aibreán 1868. Múinteoir scoile a mháthair Mary Lucey agus tógálaí agus ceardaí a athair John. Cuid de sheanchas na clainne go raibh baint ag John le tógáil an tséipéilín i nGuagán Barra. Bhí cónaí orthu i dteach sa sráidbhaile a dtugtaí ‘Teach na Sagart’ air agus deichniúr clainne a bhí acu, cúigear buachaillí agus cúigear cailíní, arbh é James an duine ba shine díobh. D’éirigh le cúigear díobh a bheith ina mbunmhúinteoirí.

Faoi 1893 bhí James ag obair i Scoil Inse Geimhleach agus fuair teastas chun Gaeilge a mhúineadh; tá a ainm sa liosta a chuir Fionnuala Uí Fhlannagáin i gcló in An Gaodhal agus Micheál Ó Lócháin, 1990. Fuair sé an chéim BA agus faoi 1896 bhí sé ina ollamh le matamaitic agus ag múineadh Gaeilge i gColáiste Oiliúna De La Salle i bPort Láirge. Nuair a thug Tomás Ó Concheanainn cuairt ar an gcoláiste scríobh sé in An Claidheamh Soluis 29 Nollaig 1900: ‘This Training College deserves the very greatest credit, as it was the first to appoint a Professor of Irish, and as they are now issuing their own certificates, it cannot but have a healthy effect on the study of the language’. Toghadh é ina uachtarán ar chraobh den Chonradh sa choláiste (Weekly Nation 18 Nollaig 1897); bhí an chraobh sin ann go fóill i 1901 agus ba léir gurbh ionann í agus rang Gaeilge Shéamuis sa choláiste. Chuir sé trí dhán le Máire Bhuí Ní Laoghaire i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge idir Aibreán 1896 agus Meitheamh 1897. Um Cháisc 1897 bhí sé i láthair sa Tholsel i gCill Chainnigh thar ceann Phort Láirge nuair a bunaíodh craobh den Chonradh (Irisleabhar na Gaedhilge, Bealtaine 1897). Bhí sé ag cruinniú de Chraobh Bhéal Átha an Ghaorthaidh Lá ’le Stiofáin 1899. ‘Mr James Ahern, BA, Professor of Irish at De La Salle, Waterford, delivered a splendid address’ (An Claidheamh Soluis 13 Eanáir 1900). Toghadh é ina uachtarán ar Chraobh Phort Láirge agus tuairiscíodh (idem 26 Deireadh Fómhair 1901): ‘Professor Ahern had compiled a conversational Irish-English phrase book which at once became a favourite with students; an edition of 2,000 was soon exhausted, the sale resulting in a considerable addition to branch funds’. Foilsíodh an dara cuid den Leabhar Mion-chainte seo i 1902. Faoi Fheabhra 1901 bhí ardrang gach Satharn aige i gcomhair múinteoirí an Chonartha i bPort Láirge (idem 16 Feabhra 1901). Léigh sé páipéar dar teideal ‘An obair atá roimh Ghaeilgeoirí fós’ ag Craobh Londan (idem 10 Lúnasa 1901). Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha i 1902-3 agus toghadh é ina bhall den choiste oideachais (idem 14 Meitheamh 1902). Ceapadh é ina bhall den bhord scrúdaitheoirí chun inniúlacht Ghaeilge múinteoirí a mheas (idem 6 Meán Fómhair 1902). Thosaigh raic i 1902 nuair is é Kuno Meyer agus nach scoláire Éireannach a cheap Bord an Oideachais mar scrúdaitheoir idirmheánach agus in eagarfhocal in An Claidheamh Soluis áiríodh Ahern i measc na scoláirí aitheanta a bheadh i dteideal an phoist sin. Nuair a d’fhógair Coláiste De La Salle go dtabharfadh siad tús áite d’iarrthóirí a mbeadh eolas acu ar an nGaeilge is dó a thug An Claidheamh Soluis (25 Deireadh Fómhair 1902) an chreidiúint. An bhliain chéanna sin chuir sé eagrán de Tadhg Gabha le ‘Beirt Fhear’ ar fáil le nótaí. Bhí sé ag Ard-Fheis 1904 thar ceann Chraobh Chill Bhriain, Co. Phort Láirge (idem 16 Iúil 1904).

Air a thit sé cabhrú lena dheartháireacha agus lena dheirfiúracha chun oideachas a fháil agus níor phós sé go dtí tuairim 1908. Josephine Colfer, iníon le tábhairneoir, a bhean agus rugadh a n-aon duine clainne, Mary Josephine, i Márta 1910. Cibé míshásamh a bhí air thóg sé an iníon seo amach as an mbunscoil nuair a bhí sí tuairim 13 bliana d’aois agus thug oideachas di sa bhaile. Níor mhúin sé Gaeilge di, an fáth, b’fhéidir, ar lig an Eaglais di dul go Coláiste na Tríonóide tuairim 1927. Cháiligh sí mar dhochtúir agus phós sí mac leis an lúithnire cáiliúil Oilimpeach Peter O’Connor. Is cosúil freisin go raibh titim amach ag James leis an Eaglais Chaitliceach agus le hord De La Salle. Nuair a d’éag sé 18 Deireadh Fómhair 1949 dúradh in Munster Express: ‘For some time (as well as maths) taught Irish in De La Salle. . . . During the Troubled Times he was not so much before the public eye and some regarded his enthusiasm for matters Gaelic to be waning. . . . The fact was that essentially he was a pacifist. . . . He held strong National views of the old school—stressed desirability for constitutional agitation rather than force’. Dúradh ann freisin go raibh cáil na hargóna agus na díospóireachta poiblí air. Tá sé curtha i mBaile Gunnair.

Foilsíodh a leabhrán i dtaobh Thomáis Dáibhís i 1945 agus tá leid dá mhíshásamh le lucht na hathbheochana ann: ‘Davis knew not a word of Irish and, so far as is known, made no attempt to learn it. Even at the present day it is a noticeable fact that the most enthusiastic advocates of the revival of the language are those who are completely ignorant of it and make no effort even to acquire a few salutations, while those who are native speakers, or who have studied it closely, are not so enthusiastic’.

Scríobhadh sé aistí in Waterford News agus d’fhoilsigh ann leagan ciorraithe de The Collegians le Gerald Griffin, nó gearrscéal fada a bhí bunaithe air, faoin teideal The Colleen Bawn. Thug an Carthage Press amach mar leabhar é sa tsraith The Knapsack Library i 1945 agus foilsíodh cúpla cló.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú