Ó CONCHÚIR, Mícheál Feargus (1928–1998)

Tá eolas ar an bhfile seo in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998 agus in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 le Seán Ó Cearnaigh. In Gníomhartha na mBráithre, 1996, in eagar ag Micheál Ó Cearúil, tá an aiste ‘Filíocht M.F. Uí Chonchúir’ le Liam Prút. Tar éis a bháis bhí alt in The Angelus ag Christy Hannon, duine dá chomh-mhúinteoirí, ar an tréimhse a chaith sé i Ros Comáin agus alt ag Seán Ó Ceallaigh in Feasta, Nollaig 1998. In Ard na Coille, Inis Díomáin, Co. an Chláir, a rugadh é ar 9 Meán Fómhair 1928. Bhí a athair Pádraig fostaithe ag ceannaithe adhmaid agus bhí a mhuintirsean lonnaithe in Inis Díomáin ó 1824; b’as Tiobraid Árann dá mháthair Mary Maher. Cuireadh idir bhunoideachas agus mheánoideachas air i scoileanna na mBráithre Críostaí sa bhaile. Chuaigh sé isteach san ord i 1944. Chaith sé tamaill i gColáiste Chiaráin i mBré agus i gColáiste Oiliúna na mBráithre i Marino. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge, sa Laidin agus sa Mhatamaitic i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1960 agus an tArdteastas in Oideachas ina dhiaidh sin. Dar leis féin gurbh iad an tOllamh T.S. Ó Máille agus an Bráthair A.S. Ó Maoileoin an bheirt is mó a raibh tionchar acu air ó thaobh oideachais de.

Chaith sé a shaol ag múineadh, i Ros Comáin formhór an ama. Gaeilge, Matamaitic agus Laidin a bhí á múineadh aige sa bhaile sin. Ag tagairt don dán ‘Slán an Oide’ deir Prút: ‘Is é Ros Comáin atá i gceist ..., mar ar chuir M.F. Ó Conchúir “Éigse de hÍde” ar bun sa bhliain 1975 agus é mar aidhm aige cuspóirí Gaelacha de hÍde a bhaint amach. Rinneadh ócáid Bhéarla de Éigse, áfach, nuair a ghlac lucht polaitíochta seilbh uirthi agus labhair an Bráthair Ó Conchúir ina choinne sin. Dá dheasca sin agus toisc go ndealraíonn sé nár gheal le daoine áirithe cumas an fhile seo chun Gaeilge a mhealladh as óg agus sean, cuireadh tús le feachtas leanúnach ina aghaidh. Go tobann, sa bhliain 1991, chaill M.F. Ó Conchúir a phost agus aistríodh amach as Ros Comáin é. Tharla sin bíodh go raibh sé tar éis cuid mhór dá shaol, dá dhúthracht agus dá shárchumas mar mhúinteoir a bhronnadh ar mhuintir Ros Comáin.’

Foilsíodh roinnt bailiúchán dá dhánta: Gealadh báistí; Ragairne, 1986; Altóir na gréine, 1987; Éigse bhradach, 1990 agus Anam ag rince, 1994, Cuisne fómhair, 1998. Aistríodh dánta leis go teangacha eile—Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Rúisis, agus Fionnlainnis. Leabhar fealsúnachta is ea Fothrach folamh gan aird, 1989. Scríobh sé Úna Bhán, taighde ar an amhrán, 1994 agus Lámhleabhar seanfhocal, 1996. I 1996 freisin a foilsíodh O Conor Corcomroe: a bilingual history. Bhuaigh sé duais i gComórtas Amhránaíochta Chonamara agus tá amhrán leis, ‘An Caoineadh Fada’, i gcló in UP seanamhach!, 1990 le Micheál Ó Conghaile. D’éag sé i dteach an Oird i mBaile Dúill 10 Deireadh Fómhair 1998. Deir Liam Prút: ‘Is fada a bheidh cuimhne ar a sheasamh, a mhisneach, a dhaonnacht agus a shárchumas mar oideachasóir agus mar fhear creidimh a shaothraigh gort clochach an dúchais’ (Comhar, Nollaig 1998).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú