Gheofar beathaisnéisí gairide in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (Uí Nia 1998), in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995) le Seán Ó Cearnaigh agus in The Irish Times 11 Nollaig 2011. Níorbh in Éirinn amháin a bhí cáil na scoláireachta air; in 1989 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an ‘European Centre for Traditional Cultures’ agus in 1987 i bPáras bhí sé mar thuairisceoir oifigiúil ag comhdháil de chuid UNESCO a cheap polasaí i leith cúram a dhéanamh d’oidhreacht an bhéaloidis. Bhí Fraincis líofa aige agus roinnt Gearmáinise agus Breatnaise.

Sa Bhrú, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 13 Meitheamh 1949. B’as paróiste Mhaigh Coillí, Co. Chill Chainnigh, dá thuismitheoirí: Davy Hogan, ar fhear capall aitheanta é, agus Mary Tyrrell (Máire Tirial). Sa mhéid gur scoláire focleolaíochta agus údar aitheanta a dheartháir Éamonn agus gur sin-seanuncail le Dáithí ba ea William Carrigan, údar The history and antiquities of the diocese of Ossory (1905), b’fhéidir a rá go raibh agus go bhfuil an scoláireacht ag rith lena mhuintir. Cuireadh bunoideachas air i Scoil Náisiúnta De La Salle sa Bhrú. Chuirtí béim ar leith ar an nGaeilge sa scoil sin agus ag baile agus chuir sé lena eolas uirthi freisin i nGaeltacht Chiarraí agus é óg. Scoláireacht a ghnóthaigh meánoideachas dó i Scoil na mBráithre Críostaí i gcathair Luimnigh. Arís ba scoláireacht a thug é in 1967 go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Gaeilge, Béarla, fealsúnacht agus stair na hábhair aige ann. I ndiaidh bunchéime in 1970 bhain sé céim mháistir amach an bhliain dár gcionn. Ó 1970 amach bhí idir aistí, gearrscéalta, dánta agus léirmheasanna i gcló aige in Comhar agus in Feasta. Tar éis dó bliain go leith a chaitheamh le hiriseoireacht in RTÉ is ea a ceapadh é ar fhoireann Roinn an Bhéaloidis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ceapadh go buan é ar fhoireann Roinn an Bhéaloidis sa bhliain 1975, agus sna blianta ina dhiaidh sin ina léachtóir agus ansin ina léachtóir statúideach agus ina Ollamh sa bhliain 2006.

Ar mhaithe leis an gcuntas seo deir a dheartháir Éamonn Ó hÓgáin:

Le linn na 1970aí bhí sé páirteach i ngnóthaí a bhain le polasaithe socheacnamaíocha agus síochána a fhorbairt doShinn Féin, le súil is go n-aimseofaí réiteach ar theannas agus ar achrann na haimsire sin a chuimseodh Éireannaigh de gach sórt. Ach nuair a tuigeadh dó nach bhféadfaí a bheith ag súil le hidirbheartaíocht chuimsitheach, bheartaigh sé gurbh fhearr go gcaithfeadh sé a chuid ama ar iarracht a dhéanamh ar mhodheolaíocht chultúrtha agus shóisialta a sholáthar chun an dóchas agus an mhuinín astu féin a thabhairt chun cinn i measc na ndaoine. Chreid sé i gcónaí gur cheart go ndéanfadh na daoine a staid féin a shainiú, chomh fada agus ab fhéidir é. Chuige sin, bhí sé páirteach i dtionscnaimh éagsúla, agus orthu sin bhí irisí áitiúla agus ábhar léitheoireachta a spreagadh a bhainfeadh go sonrach le hoidhreacht chultúrtha na hÉireann agus daonscoileanna agus scoileanna samhraidh a eagrú go réigiúnach. Thug sé léachtaí i ngach cuid d’Éirinn geall leis ar an tairbhe don oideachas a bhaineann le taighde ar an mbéaloideas; agus bhí aithne go forleathan air mar chraoltóir agus mar láithreoir ar na cúrsaí sin ar an raidió agus ar an teilifís. Tá an-mholadh tugtha do na cláir Ghaeilge agus Bhéarla úd mar go léiríonn siad go beo gléineach an stór cruthaitheach samhlaíochta atá i gcónaí ag na daoine. Anuas ar an méid sin ní beag a bhfuil bailithe den bhéaloideas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon aige in Éirinn, gnó atá ar siúl aige gan stad ó thús na n-ochtóidí. Le linn na hoibre sin, d’aimsigh sé don Chnuasach Béaloidis lámhscríbhinní Gaeilge ón seansaol atá an-tábhachtach mar oidhreacht.

In 1973 a foilsíodh a chéad leabhar, Breacadh, cnuasach dá ghearrscéalta. Cnuasaigh eile díobh is ea Imeall an bhaile (1986), agus Scéalta nua (2001). Ó na 1980idí ar aghaidh bhí cnuasaigh dá dhánta á bhfoilsiú: Cois Camhaoireach (1981); Cóngar na gcrosán (1985); Idir an dá dhealbh (1988); Gadaí an cheoil agus dánta eile (1994); Footsteps from another world (2001); Ár gcogar ciúin (2002). Roghnaigh Gréagóir Ó Dúill péire dá dhánta in Fearann pinn: filíocht 1900 go 1999 (2000). In éineacht le hEva Ó Cathaoir agus Jason Forde a scríobh sé A portrait of Bray (1998). Is sa bhaile sin i gcontae Chill Mhantáin a bhí cónaí air féin agus a bhean Caitríona, ar feadh a saoil phósta.

In 1978 thuill sé céim dochtúra lena thráchtas ar osnádúrthacht na filíochta sa traidisiún Gaelach. Is air atá An file (1982), a chéad leabhar scolártha, bunaithe. Scríobh an Dr Máirín Nic Eoin faoi in Comhar, Meán Fómhair 1983:

Ba chóir d’aon duine atá ag plé le gné ar bith den tsaoithiúlacht Ghaelach é a cheannach agus a léamh go cúramach mar is léiriú iontach é ar an léargas is féidir leis an mbéaloideas a chaitheamh ar réimsí spéise agus taighde a bhí taobh le foinsí bearnacha liteartha go nuige seo.

Leabhair scolártha eile dá chuid is ea: Duanaire Osraíoch: cnuasach d’fhiliocht na ndaoine ó Cho. Chill Chainnigh (1980); Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire (1981) (é mar eagarthóir in éineacht le Séamus Ó Duilearga); Duanaire Thiobraid Árann: cnuasach d’fhilíocht na ndaoine ó oirdheisceart an chontae (1981); The hero in Irish folk history (1985); Fionn Mac Cumhaill: images of the Gaelic hero (1988); An cultúr agus an duine (1993) (in éineacht le Diarmuid Ó Gráinne); Myth, legend and romance – an encyclopaedia of the Irish folk tradition (1991); Binneas thar meon: cnuasach d’amhráin agus de cheolta a dhein Liam de Noraidh in oirthear Mumhan, é in eagar ag Dáithí i gcomhpháirt le Marion Deasy agus Ríonach Uí Ógáin (imleabhar a haon) (1994); Irish superstitions (1995); Skálda: Éigse is eachtraíocht sa tSean-Lochlainn (1995) (an tOllamh Bo Almqvist mar chomhúdar); The sacred isle: belief and religion in pre-Christian Ireland (1999); Celtic warriors: the armies of one of the first great peoples in Europe (1999); Islanders and water dwellers: proceedings of the Celtic-Nordic-Baltic folklore symposium... (1999) (in éineacht le Patricia Lysaght agus Séamas Ó Catháin); The lore of Ireland: an encyclopaedia of myth, legend and romance (2006). Chuir sé eagar ar: Munster folksongs (1980); An Mangaire Súgach: beatha agus saothar (1996) le Máire Comer Bruen (‘réamhrá, nótaí agus cóiriú le Dáithí Ó hÓgáin’); Binsín Luachra: gearrscéalta agus seanchas le Proinsias de Róiste (2001); Historic Ireland: 5,000 years of Ireland's heritage, (2001); The Celts: a history (2002); Ireland: people and places: a celebration of Ireland's cultural heritage (2003); Irish family names (2003) (dosaen leabhar agus cuntas ar shloinne nótáilte i ngach ceann díobh). Lean sé air go deireadh ag taighde agus ag foilsiú saothar taighde ar an mbéaloideas agus ar an litríocht chomh maith lena shaothar cruthaitheach féin. Foilsíodh dhá leabhar leis i dtús mhí na Nollag 2011 féin: Labhrann Laighnigh: téacsanna agus cainteanna ó shean-Chúige Laighean agus Lastar coinneal, cnuasach dánta. Tabharfar faoi deara sa liosta leabhar thuas nach raibh leisce riamh ar údair eile, ná ar a chomhscoláirí, a bheith i bpáirtíocht leis.

Deir Éamonn Ó hÓgáin:

Is i 2001 a thosaigh an bhaint a bhí aige le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. De bharr a mhíshásta a bhí sé leis an neamhaird sa daonchultúr ag eagraíochtaí oifigiúla na n-ealaíon in Éirinn, thairg Dáithí a sheirbhísí go deonach do ghléas nua forbartha laistigh den Chomhaltas, Meitheal, arbh é féin a bhí le bheith ina chéad Chathaoirleach air. De thoradh ar an gcomhoibriú ó bhaill shinsearacha den Chomhaltas tairgíodh tacaíocht fhiúntach ón Rialtas agus cuireadh ionaid nua ar fáil i gcomhair obair an Chomhaltais in áiteanna éagsúla faoin tír. Sa bhliain 2008 ag Fleadh Cheoil bhliantúil an Chomhaltais, bronnadh an teideal onórtha Ard-Ollamh Fhleadh Cheoil na hÉireann ar Dháithí. I dtús na nóchaidí bhí sé ar dhuine díobh sin a bhunaigh Craobh na hÉigse d’fhonn tacú leis na healaíona.

Bhí sé pósta ar Chaitríona Ní Mhaonaigh, múinteoir i scoil lán-Ghaelach i mBré, Co. Chill Mhantáin. Rugadh ceathrar iníonacha agus mac dóibh. D’éag sé ar 11 Nollaig 2011.

(Táthar fíorbhuíoch de dheartháir Dháithí, an Dr. Éamonn Ó hÓgáin, as eolas tábhachtach breise a sholáthar).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

  • Ó Cearnaigh, S. (1995) Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995. Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.
  • Uí Nia, G. (1998) Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ailt

  • Nic Eoin, M. (1983) ‘An File. Staidéar ar Osnádúrthacht na Filíochta sa Traidisiún Gaelach, Dáithí Ó hÓgáinComhar 42 (9), 33-36.