Ar feadh caoga bliain bhí sé ar dhuine de na pearsana ba mhó i ndomhan na Gaeilge. I mBaile Sheáin, Móin Achaidh Ghae, Co. Luimnigh, a rugadh é 16 Nollaig 1880. Ba iad a thuismitheoirí David Patrick Hough, feirmeoir, agus Honora Dowling. Bhí triúr deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Deirtear go raibh a mhuintir san áit le trí chéad bliain. Taispeántar i nDaonáireamh 1901 gurbh iad a bhí sa teaghlach an oíche áirithe sin: Honora (47), baintreach; Minnie (25) a hiníon; David (24), a mac; Pat (18), mac a bhí ag obair in uachtarlann; Nóra (18), a hiníon, scoláire. Ní raibh aon trácht ar an nGaeilge. Faoi 1911 ní raibh ann ach David, a bhí singil go fóill, Minnie agus Patrick agus dúradh go raibh Gaeilge acu go léir.

Tar éis bunscolaíochta chuaigh Séamus ag obair i dteach tábhairne (nó siopa, b’fhéidir) i mBaile Átha Cliath agus chuaigh isteach i gCraobh Uí Ghramhnaigh, Conradh na Gaeilge, le Brian Ó hUiginn. Bhí an bheirt acu i measc na ndaoine aitheanta a dúirt amhráin agus a chuir píosaí aithriseoireachta i láthair ag scoraíocht mhór na craoibhe i Halla na Measarthachta, Sráid Gloucester, 14 Nollaig 1902 (An Claidheamh Soluis 27 Nollaig 1902). Séamus Ó Duirinne, Déiseach, a mhúineadh an rang sinsearach. Deir Micheal Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan . . .: geárr-stair, [1987]: ‘Bhí sé ina cheann aige go raghadh sé go dtí America agus san am san bhí an-chumhacht ag Éireannaigh sna ceardchumainn thall agus ba mhór an teannta ag duine é chun obair d’fháil, an Ghaedhealuinn do bheith aige’. Bhí gaol aige le Patrick Henry McCarthy (1860-1933), taoiseach ceardchumannach in California a bhfuil aiste ina thaobh, ‘The Greening of a Limerick man’, ag L.A. O’Donnell in Éire-Ireland, samhradh 1976 agus ba dhóigh lena mhac Colm gurbh in an fáth a raibh sé i gceist ag Séamus dul go Meiriceá. Ach ina áit sin fuair sé post mar mhúinteoir taistil i gConradh na Gaeilge agus bhí ag obair i gContae Chill Dara. Deir Donncha Ó Súilleabháin san aiste ‘An chéad choláiste samhraidh’ (Feasta, Meán Fómhair 1972) gur fhreastail sé ar Choláiste na Mumhan i 1905. Fuair sé post mar thimire breise i gCúige Mumhan le hobair a dhéanamh i dTiobraid Árann agus Luimneach Thoir (An Claidheamh Soluis 19 Bealtaine 1906). Thosaigh sé ag teagasc i gcúrsaí samhraidh Choláiste na Rinne in Iúil na bliana sin agus d’éirigh leis i scrúduithe Choláiste na Mumhan (idem 15 Meán Fómhair 1906). Deirtear gurbh i mBéal Átha an Ghaorthaidh tuairim 1908 a tosaíodh ar ‘An Fear Mór’ a thabhairt air: bhí sé sé throigh agus ceithre orlach ar airde. Ar chlog a bhronn roinnt dá chairde in Iolscoil na Mumhan air Lá le ’Pádraig 1928 bhí an abairt seo san inscríbhinn: ‘Ní breátha a fhaid ná mar is gile a chroí’.

Bhí sé ar dhuine den triúr a cheannaigh an seanfhothrach i Maoil an Chóirnigh mar láithreán meánscoile ó Villiers Stuart thar ceann Choláiste na Rinne. Teach Deasmhumhna a thugtaí ar an teach athchóirithe. Bhí sé ina bhall de chéad choiste bainistíochta Iolscoil na Mumhan sa Rinn i 1909. Bhronn sé 500 crann ar an gcoiste i Márta 1910 agus ainmníodh é mar rúnaí cúnta i Meán Fómhair na bliana sin. Tuairiscíodh in Sinn Féin 9 Samhain 1909 go raibh sé i gContae Laoise, i gContae Cheatharlach agus i gContae Chill Dara agus gur chuir sagart paróiste an Tulaigh ina aghaidh nuair a rinne sé iarracht ar chraobh a bhunú ansin.

D’éirigh sé as an timireacht i 1910 agus bhí ina oide Gaeilge i gColáiste na gCistéirseach i Ros Cré ar dtús agus ansin, anuas go 1919, i Mungairit. I 1911 bhí sé ina bhall de Choiste na gClólann agus de Choiste an Oireachtais (An Claidheamh Soluis 19 Lúnasa 1911) sa Chonradh. Nuair a tharla i 1919 gur dúnadh an mheánscoil agus go raibh Teach Deasmhumhna folamh ba é a mhol don Choiste go gcuirfí Scoil na Leanbh ar bun ann. ‘Ní raibh aon ró-dhóchas ag lucht an Choiste go mbeadh rath agus toradh ar scoil dá samhail san aimsir chorraithe a bhí ann, agus ní mó ná mar a chreideadar ráiteas an Fhir Mhóir go gcuirfeadh sé na leanaí ag labhairt na Gaeilge in aon téarma amháin, ach ghéilleadar go haithleasc fé dheireadh dá dhúthracht agus dá mhisneach, agus tugadh cead a chinn dó’, a dúirt Seán Ó Cuirrín os cionn a uaighe an lá a cuireadh é i reilig na Rinne (Feasta, Samhain 1959). Nuair a bunaíodh Scoil na Leanbh i 1919 ceapadh ina phríomhoide é. Aithníodh í mar scoil náisiúnta i 1927.

Phós sé Mairéad Ní Dhruacháin agus bhí triúr clainne acu: Colm, Aonghus agus Déirdre. Bhí sé ar dhuine díobh sin a bhunaigh Comharchumann na Rinne. Toghadh ina bhall é den Choiste 15 ar 8 Eanáir 1925 chun atheagar a chur ar Chonradh na Gaeilge agus bhí ina bhall de Choimisiún na Gaeltachta 1925-6. I gcomhpháirt le cuid de lucht gnó Dhún Garbhán bhunaigh sé tionscail sa cheantar: an Dickens Leather Company (bhí sé ar cheann de na chéad tionscail Éireannacha a bhí ar stocmhargadh Bhaile Átha Cliath) agus an Dungarvan Glue and Gelatine Company.

Is mó comhartha aitheantais agus onóra a tugadh dó: bhí sé ina bhall de Sheanad Éireann agus den Bhord Turasóireachta; bhí sé tamall ar Choiste stiúrtha Choláiste na hOllscoile, Corcaigh; toghadh é ina uachtarán ar an Oireachtas i 1949; chaith sé tamall ina uachtarán ar Chumann Choistí Gairmoideachais na hÉireann; bhronn Ollscoil na hÉireann LL.D. air i 1955 agus bronnadh ‘Comhartha an Chraoibhín’ air; bhí sé ina bhall den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge a bunaíodh in Iúil 1958. D’éag a bhean 7 Márta 1956 agus d’éag sé féin 19 Meán Fómhair 1959. Ba é a bhailigh an t-ábhar ó Mhicheál Ó Muirgheasa atá in Sgéalta Mhicil, 1923. Chuir Comhlacht Oideachais na hÉireann amach Seanchas agus scéilíní do Ghaedhil óga na hÉireann, [gan dáta]; foilsíodh na scéilíní seo ar dtús in Pobal, páipéar beag i Luimneach. Trí leabhairín eile leis is ea Géilín, Bréagán agus Féirín.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú