Scríobh Séamus Ó hEocha ábhar síos uaidh agus chuir in eagar é faoin teideal Sceulta Mhicil Uí Mhuirgheasa ó’n Rinn (1923). Tugadh an tríú heagrán de Sceulta Mhicil Uí Mhuirgheasa ó’n Rinn amach in 1997; Coláiste na Rinne a d’fhoilsigh agus Nioclás Mac Craith a chuir in eagar. Tá curtha go mór ag Nioclás leis an mbuneolas ar bheatha Mhicil. I Ráth na mBiníneach sa Rinn, Co. Phort Láirge, a rugadh é. Baisteadh é ar 8 Meán Fómhair 1850. ‘Seán a ghairmtí dá athair agus Catraoine Ní Mhuirgheasa a bhí ar a mháthair.’ Phós sé Máighréad Ní Riagáin ar 8 Feabhra 1880. Ní raibh sliocht orthu. Scríobh Seán Ó Ciarghusa (‘Leac Logha’) in Leader 18 Meitheamh 1932 go dtéadh Micil in éineacht leis an bhFear Mór go dtí coláistí i bPort Láirge, i Mainistir Fhear Maí agus Mala mar fhianaise ar an saibhreas Gaeilge a bhí ar fáil. ‘Cá raibh an teanga eile a bhfaighfí a chur i gcomparáid lena theanga siúd tar éis ar deineadh d’anfhorlainn uirthi? Sea, agus cár mhaith bheith ag múineadh Gaeilge mara múinfí í mar a bhí sé aige siúd agus a leithéidí’.

Deir Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan: Ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne, [1987] gur thug sé go leor dá óige ag obair d’fheirmeoirí ar ‘leite is fiche’ sa tseachtain. Chaith sé ocht mbliana sna Stáit Aontaithe, ach níor fhéad aon abairt amháin Béarla a thabhairt slán leis. Faoi 1906 bhí sé ag obair ag feirmeoir i gcomharsanacht Choláiste na Rinne. Bhíodh Pádraig Ó Cadhla ag caint leis. ‘D’aithin sé air go raibh bua na scéalaíochta aige agus titim cainte a d’oirfeadh go maith do lucht a ranganna. Tugadh isteach sa choláiste é [i 1907] agus d’fhan sé ann ag scéalaíocht, agus ag déanamh acraí beaga, go dtí go bhfuair sé bás sa Tigh Dearg i Meitheamh na bliana 1932’. D’éag sé ar 8 Meitheamh 1932 agus tá sé curtha i Reilig an tSéipéil sa Rinn. Tuairiscíodh a bhás in Waterford News 17 Meitheamh 1932 agus dúradh go raibh sé 83 bliana d’aois, nach raibh aon Bhéarla aige agus go raibh sé mórálach as an teideal ‘Ardscéalaí na Mumhan’. Bhí cuntais air freisin in The United Irishman 18 Meitheamh 1932 agus in An Muimhneach, Feabhra 1933.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú