MAC SUIBHNE, Traolach (1879–1920)

Chaithfí é a áireamh ar mhairtírigh mhóra na hÉireann. Foilsíodh trí bheathaisnéis: Móirín Chavasse, Terence MacSwiney (1962); Diarmaid Ó Briain, Traolach Mac Suibhne (1979); Francis J. Costello, Enduring the most: the life and death of Terence MacSwiney (1995). Tá eolas le fáil ar a dheirfiúr Máire in Soul of fire: a biography of Mary MacSwiney (1986), le Charlotte H. Fallon. Gheofar mionchuntais air i bhfoclóirí beathaisnéise agus i leabhair thagartha i gcoitinne. I gCorcaigh a rugadh é ar 28 Márta 1879. John MacSwiney, múinteoir ó chathair Chorcaí, agus Mary Wilkinson, múinteoir ar Shasanach í, a thuismitheoirí. Seachtar clainne a bhí sa teaghlach agus ba í Máire (rugadh ar 27 Márta 1872 in Surrey, Sasana) an duine ba shine díobh. D’aistrigh an teaghlach go Corcaigh mar a raibh monarcha tobac agus snaoise ag an athair i mBóthar Wellington i gcomhpháirt le fear céile dheirfiúr an athar. Ba iad na gasúir eile sa teaghlach Kit, Peter, Margaret, Seán agus Annie (Eithne). Bhí mac eile, Eoghan, a fuair bás go hóg. Níor réitigh an mhonarcha leis an asma a bhí ar an athair agus d’imigh sé chun na hAstráile mar a bhfuair sé bás in 1892. Faoin am sin bhí gnó siopa ar siúl ag an máthair; fuair sí bás in 1904. Meastar go raibh tionchar an-mhór ag a dheirfiúr Máire air ón am sin amach.

Bhí Traolach ar scoil sa Mhainistir Thuaidh, é in aon rang le P.S. Ó hÉigeartaigh. Ag an am sin bhí cónaí ar an teaghlach ag 5 Ardán Naomh Muire, Cnoc an Aonaigh. In aois chúig bliana déag dó fuair Traolach post i gcomhlacht Dwyer Co. sa chathair agus bhíothas á oiliúint ann mar chuntasóir. Deir Diarmaid Ó Briain go bhfuair sé ardonóracha sa Ghaeilge sa mheánghrád. Bhí baint aige le bunú Chumann Liteartha na nGael, ar bhrainse é den Chumann Liteartha Ceilteach. Bhí sé ar dhuine de na chéad scoláirí i gColáiste na Mumhan in 1904 agus deirtear gurbh í Eibhlín Ní Chróinín is mó a mhúin Gaeilge dó. Is lena shaothar ar son na teanga a bhaineann caibidil a cúig den bheathaisnéis a scríobh Diarmaid Ó Briain. Ba é Traolach is mó a thathantaigh ar Thadhg Ó Murchadha (1843-1919) a chuimhní cinn a bhreacadh. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge in 1918 agus bhí baint mhór aige le heagrú an Oireachtais i gCorcaigh in 1919.

Bhain sé céim san fhealsúnacht amach in 1907 de bharr scrúduithe na hOllscoile Ríoga. In 1908 bhunaigh sé an Cork Dramatic Society i gcomhpháirt le Domhnall Ó Corcora. Scríobh sé ceithre dhráma Béarla dóibh. Fuair sé post i gComhairle Contae Chorcaí in 1911 agus é de chúram air ranganna tráchtála a mhúineadh agus a eagrú. Bhí baint mhór aige le bunú na nÓglach i gCorcaigh um Nollaig 1913 agus ceapadh é ina thimire lánaimseartha acu in 1915. Faoi 1914 bhí an seachtanán Fianna Fáil á chur in eagar agus á scríobh aige sular sochtadh é tar éis aon eagrán déag. Bhíodh sé ag scríobh in Irish Freedom i rith 1912-16 agus i ndiaidh a bháis foilsíodh cnuasach dá ailt faoin teideal Principles of Freedom (1921). Ceapadh é ina chathaoirleach ar choiste gnótha na nÓglach i gCorcaigh in 1915. Chaith sé mí in earrach 1916 i bPríosún Chorcaí tar éis dó óráid cheannairceach a thabhairt uaidh sa Bhaile Nua, Co. Chorcaí. Faoin am seo bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta. Ghlac sé le horduithe cealaithe Mhic Néill um Cháisc 1916. Le cead Arm na Breataine thaistil sé féin agus Tomás Mac Curtáin go Ciarraí lena rá leis na hÓglaigh a n-airm a ghéilleadh. Lean mothú ciontachta an teip sin i gCorcaigh. Chaith sé tréimhsí gairide de 1916 agus 1917 i ngéibheann in Wakefield, Frongoch, Reading, Corcaigh, Béal Feirste agus Dún Dealgan. Phós sé Muriel Ní Mhurchú ar 9 Meitheamh 1917 in Bromyard i Sasana mar a raibh sé ar díbirt. Risteárd Ó Maolchatha a sheas leis. Casadh Muriel (rugadh ar 9 Meitheamh 1892) den chéad uair air in 1915 agus ba nuaíocht ar fad aici go leor dár bhain leis ó thaobh polaitíochta agus cultúir de. Bhí a muintir an-mhaith as sa saol agus in aghaidh an náisiúnachais: ba leo grúdlann Uí Mhurchú. Bhí an mháthair in aghaidh an chleamhnais agus d’iarr ar an easpag comhairle a chur ar Mhuriel. Rugadh iníon dóibh, Máire, ar 23 Meitheamh 1918 agus le Gaeilge ar fad a bhí an leanbh á tógáil acu.

Toghadh é ina theachta Dála i gCorcaigh Thiar in olltoghchán 1918. Lean sé air ag timireacht do na hÓglaigh agus ag eagrú chúirteanna na Dála. I ndiaidh dhúnmharú Thomáis Mhic Curtáin toghadh é ina Ard-Mhéara ar Chorcaigh ar 30 Márta 1920. Gabhadh é ar 12 Lúnasa 1920 tar éis do fhórsa míleata sciuird a thabhairt faoi Halla na Cathrach. Cuireadh cúirt mhíleata air ar 16 Lúnasa agus gearradh dhá bhliain príosúin air. Gheall sé go ngiorródh sé an tréimhse pionóis trí dhiúltú bia a ghlacadh. Cúpla lá ina dhiaidh sin aistríodh é go Príosún Brixton agus é i riocht titime le laige. D’éag sé ann ar 25 Deireadh Fómhair tar éis 74 lá ar stailc ocrais. Cuireadh sochraid ollmhór air i Londain agus i gCorcaigh. Tá sé curtha i Reilig Fhionnbharra.

Nuair a bhí Máire seacht mbliana d’aois bhain tinneas dá cois agus rinneadh faillí ann. An fáth a raibh sí bacach gurbh éigean an chos a theascadh. Toisc gurbh i Sasana a chaith sí a céad bhlianta d’fhan iarracht de thuin Sasanach aici ar feadh a saoil. Sa Chlochar Ursalach i gCorcaigh a cuireadh oideachas uirthi. Fuair sí post múinteora i scoil phríobháideach i Sasana agus chaith tamall sa Fhrainc. D’éirigh léi teastas múinteora a fháil in Cambridge agus thug sin go post múinteora í sa chlochar Beinidicteach in Farnboro. Faoi 1904 bhí sí ag múineadh sa Chlochar Ursalach i gCorcaigh. Bhí sí ina ball den Munster Women’s Franchise League ach de bharr an tionchair a bhí ag a deartháir Traolach uirthi chaithfeadh tús áite a bheith ag neamhspleáchas na hÉireann. Ba í a chuir tús le Cumann na mBan i gcathair Chorcaí. Gabhadh í ar 2 Bealtaine 1916 ach ligeadh saor í an tráthnóna sin. Briseadh as a post í. Gairid ina dhiaidh sin,ar 4 Meán Fómhair, bhunaigh sí féin agus a deirfiúr Eithne (Annie) Scoil Íte i gCorcaigh.

Bhí baint mhór aici leis na feachtais chun cabhrú le príosúnaigh 1916 agus a gcleithiúnaithe, agus bhí sí gníomhach ag eagrú chumainn Sinn Féin agus sa troid in aghaidh an choinscríofa. D’fhan sí in aice an phríosúin i Londain le linn do Thraolach a bheith ar stailc ocrais, agus ar mhaithe le poiblíocht ar son saoirse bhí sí dícheallach ag baint earraíochta as a raibh á fhulaingt aige agus as a bhás. Bhí daoine ann a chreid gurbh ise faoi deara a bháis. Sna laethanta deiridh ní ligfí í féin agus Eithne isteach sa phríosún. Ar 26 Samhain 1920 d’imigh sí féin agus Muriel, baintreach Thraolaigh, go dtí na Stáit Aontaithe chun fianaise a thabhairt don choimisiún in Washington a bhí ag fiosrú riocht na hÉireann. Nuair a bhí de Valera ag filleadh abhaile d’iarr sé ar Mháire leanúint uirthi ag lorg aitheantais thall don phoblacht agus ag bailiú airgid. D’éirigh easaontas le Dev nuair nach raibh sé sásta breis airgid a chaitheamh ar an bhfeachtas Meiriceánach sin. Níor fhill sí abhaile go Lúnasa 1921. Toghadh í in olltoghchán Bhealtaine 1921. Bhíothas ag caint ar a oiriúnaí a bheadh sí mar bhall den toscaireacht a bhuailfeadh le Rialtas na Breataine. Ba í a thug an óráid ab fhaide sa Dáil in aghaidh an Chonartha. Atoghadh í in 1922. Cuireadh í i bpríosún Mountjoy ar 4 Samhain 1922 agus chuaigh sí ar stailc ocrais. Ag geata an phríosúin bhí an rud céanna ar siúl ag Eithne. Cuireadh ola dhéanach ar Mháire ar 24 Samhain agus ligeadh saor í ar 28 Samhain. Gabhadh arís í ar a bealach go sochraid Liam Uí Loingsigh agus i gCill Mhaighneann rinne sí stailc ocrais arís. Ligeadh saor í 2 Bealtaine tar éis 19 lá agus í beagnach gan aithne gan urlabhra. Atoghadh í i gCorcaigh in 1923. Ceapadh ina stiúrthóir poiblíochta ag Sinn Féin í agus bhí sí sa chathaoir ag Ard-Fheis 1923. Chuaigh sí go dtí na Stáit i dtús 1925 ach is beag spéis a bhíothas a chur inti anois. Beagnach bliain a mhair an turas sin. Faoi 1925 agus arís in 1929 bhí cúrsaí airgid go dona i Scoil Íte; ní ghlacfadh sí le córas meánoideachais an tSaorstáit agus ní raibh airgead stáit le fáil. Ní raibh cúrsaí i gcoitinne go maith aici. Bhí a deartháir Seán ag ól go trom agus gan aon phost aige. Chaill sí a suíochán in 1927. Tharraing sí siar a hainm do leasuachtaránacht Sinn Féin , post a bhí aici ar feadh cúpla bliain.

Mheas mórchuid daoine go raibh sí dolúbtha dígeanta drocharaíonach neamhghéilliúil, tréithe gan amhras a thaitin le mórchuid eile daoine. Ní rachadh sí chuig aon tionól ag Conradh na Gaeilge ná ag Cumann Lúthchleas Gael le heagla go mbeadh ‘dúnmharfóir’ de chuid an tSaorstáit sa láthair. D’éiligh sí go n-éireodh Art Ó Conchubhair as uachtaránacht Dáil Éireann mar go raibh tosaithe aige ar dhlí a chleachtadh sa tSaorstát. Bhí drochiontaoibh aici riamh as de Valera agus thit sí amach le Peadar O’Donnell agus leis an Athair Micheál Ó Flannagáin. D’fhág sí Sinn Féin in 1934 nuair a toghadh an sagart ina uachtarán ach lean uirthi sa chreideamh poblachtach. Bhí sí in aghaidh an Bhunreachta in 1937 agus ar son an fheachtais buamála i Sasana in 1939. Ó 1935 amach bhí galar croí uirthi agus d’éag sí ar 8 Márta 1942. Tá sí curtha i Reilig Naomh Seosamh, Corcaigh. Chreid Máire gurbh é an t-aon áit a dtiocfadh bláth ar an nGaeilge ná i bpoblacht neamhspleách. Tá an abairt seo ag Diarmaid Ó Briain á cur in iúl nach gcuirtí róbhéim ar an nGaeilge i Scoil Íte: ‘Go deimhin, bhí Máire réchúiseach go maith i leith na Gaeilge. Cosúil le gach ní Gaelach, ghráigh sí í’. Sampla den réchúis is ea gur thacaigh sí in 1936 le ceapachán Frances Vaughan mar ollamh le hoideachas i gColáiste Ollscoile Chorcaí, bean nach raibh Gaeilge aici. Thug Cormac Ó Cuilleanáin de shonc di nach in í an aigne a bheadh ag Traolach (The college: a history of Queen’s / University College Cork, 1845-1995, 1995 le John A. Murphy). Chuaigh Eithne i bhfeighil na scoile go dtí gur dúnadh í ar 17 Meitheamh 1954 agus d’éag sí ar 15 Deireadh Fómhair dár gcionn.

Maidir le Muriel (Muirgheal a thugann Earnán de Blaghd uirthi ina dhírbheathaisnéis), bean tréitheach agus pianadóir maith ba ea í ach ní raibh an tsláinte go maith aici agus d’éiríodh sí lionndubhasach, bhí Éire chomh corraithe sin. Níor fhéad sí, mar shampla, a bheith i sochraid Thraolach. Is dóigh gur dheacair di freisin ról bhaintreach an mhairtírigh a thógáil. D’imigh sí féin agus a hiníon óg go dtí an mhór-roinn in 1923. Anuas go 1930 bhí Máire óg i scoil aíochta in Heidelberg agus faoi 1932 bhí fonn uirthi filleadh ar Éirinn agus ar mhuintir a hathar. Theastaigh uaithi saol níos socra a chaitheamh agus b’annamh aon teagmháil aici le Muriel, a bhí gafa leis an troid in aghaidh an fhaisisteachais. Tharla freisin gur cheap Traolach a dheirfiúr Máire ina comhchaomhnóir. Bhí cás dlí ann agus rinneadh coimircí cúirte de Mháire óg. Go brách feasta ní bheadh Muriel sásta bualadh lena haoniníon; níor theastaigh uaithi gur mar Chaitliceach a thógfaí í. Thugadh sí cuairteanna ar Éirinn ach chaith a saol i Sasana agus sa Fhrainc. D’éag sí i Londain ar 24 Deireadh Fómhair 1982. Tá cuntas níos mine ar chúrsa a saoil ag Francis J. Costello sa chaibidil deiridh dá leabhar. Deir sé ann go raibh sí mór le hintleachtóir Francach agus gur rugadh iníon dóibh sa Ghearmáin in 1926.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú