Is mar an tAthair Agaistín OFM Cap. is fearr a aithnítí é. I nGabhrán, Co. Chill Chainnigh, a rugadh é ar 7 nó ar 17 Samhain, 1870. John a ainm baiste agus ba iad William Hayden agus Mary Morrissey a thuismitheoirí. Sa Bhlarna, Co. Chorcaí, mar a raibh a athair ina mháistir stáisiúin, a tógadh é. Tar éis bheith ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh chuaigh sé isteach san Ord Caipisíneach i mBaile an Róistigh. Chaith sé tamall san Eilbhéis sular oirníodh é in Eaglais Naomh Agaistín, Sráid Thomáis, Baile Átha Cliath, in 1893.

Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh i dtús an chéid, le linn dó bheith ina reachtaire ar mhainistir Bhaile an Róistigh. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Choláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, i 1904. Ba é a d’ullmhaigh an chéad chlár léinn agus d’fhreastail sé féin ar chúrsa 1904. Ba é a d’iarr ar Liam de Róiste bheith ina rúnaí. ‘Níorbh fhéidir dul i gcoinne an Athar Agaistín nuair a d’iarr sé ort rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dílis agus chomh dúthrachtach sin i ngluaiseacht na teanga agus an toil chomh láidir aige, b’éigean dom géilleadh dó ag deireadh agus ghlac mé leis an rúnaíocht’ (Liam de Róiste, 1976 le Diarmuid Ó Murchadha).

Thug sé seanmóir i nGaeilge uaidh in Ardeaglais Westminster, Londain, Lá ’le Pádraig 1905. Thugadh sé misin do phobail Ghaeltachta Chiarraí agus Dhún na nGall. Múinteoir Gaeilge ba ea é freisin. Is mar seo a cuireadh síos ar a dhealramh in Father Mathew Record, Márta 1954: ‘His gigantic figure, enhanced in power by the lines of his habit and his full flowing beard, took hold on the minds of his audience immediately’. Chuir Irish Times 8 Feabhra 1954 an abairt seo i gcló: ‘He looks like a prophet from the Bible or one of the ancient Irish kings’. Thug sé óráid i láthair na sluaite i gCorcaigh nuair a bhí Dubhghlas de hÍde ag triall ar Mheiriceá i 1905 agus chuaigh a dhealramh i gcion chomh mór sin ar Alice Milligan gur scríobh sí véarsaí ina thaobh: ‘As he stands there grave and tall before the people,/ Speaking nobly, speaking loud,/ Speaking words to which the Holy One will hearken/ There is awe among the crowd./ There is awe; and in the awe-compelling stillness,/ As I look on the rope-girdle and the gown/ My memory summons many another picture/ Of the Friars in the garb of Brown’.

Trí bhearna sna ballaí d’éirigh leis dul isteach in Ard-Oifig an Phoist i 1916 go ndearna freastal spioradálta ar Sheán Mac Giolla Bhríde, agus ar an bPiarsach agus a dheartháir. Bhí baint aige leis an socrú faoinar ghéill Tomás Mac Donnchadha. Ba chuimhin le Liam Ó Briain é ar cuairt chuig na príosúnaigh i mbeairic Risteamain: ‘Tháinig cuairteoir eile isteach—an tAthair Aguistín, Capuisíneach, sagart an-cháiliúil agus an-Ghaelach a raibh aithne ag gach éinne ar fud Éireann air san am nó geall leis, is é sin éinne a raibh aon bhaint aige le hobair na Gaeilge agus obair na saoirse. B’ionann agus léas solais ó na flaithis anuas chugainn an sagart seo a theacht inár measc agus bhailíomar go léir timpeall air. Chím os mo chomhair anois é, na súile an-bheomhara faoi na spéacláirí—súile a bhí lán d’intleacht agus de chomhthuiscint, an béal a mbíodh frídín an gháirí de ghnáth air ach nach raibh sé anois air, agus an fhéasóg mhór leathan liath—Venerabilis Barba úd Capucinorum, mar a deir amhrán éigin de chuid na meánaoiseanna’ (Cuimhní cinn, 1951). Bhí sé ina Ghairdian ar mhainistir Shráid na hEaglaise ag an am. Thug sé féin agus an tAthair Albert Bibby cuairt ar Thomás Ághas an lá a cailleadh é. ‘Father Augustine spoke to him in Irish, words of comfort that have been uttered from time immemorial by the Irish hearthstone: God is good and he has a good mother and Ashe replied in Irish: Yes, indeed, Father. That is about his last recorded utterance’ (Seán Ó Lúing, I die in a good cause, 1970). Ba é a bhí i bhfeighil an tsearmanais i mBromyard, Cardiff, nuair a pósadh Traolach Mac Suibhne agus Muriel Murphy i 1917. Dar leis an Irish Times gurbh é sin an chéad phósadh Caitliceach san áit ó aimsir an Reifirméisin.

Nuair a aistríodh é go Meiriceá mar mhisinéir thug sé leis teachtaireachtaí rúin chuig de Valera agus Harry Boland. Thugadh sé léachtaí thall i dtaobh an Éirí Amach. Chaith sé tamaill ina dhiaidh sin san Eilbhéis agus sa Róimh sular fhill sé ar Chorcaigh. Nuair a thosaigh a shláinte ag teip air tuairim 1944 chuir sé faoi arís sa mhainistir i mBaile an Róistigh. D’éag sé 7 Feabhra 1954. An creideamh Caitliceach is ábhar do na leabhair a scríobh sé. I mBéarla atá siad. Baineann cuid díobh leis an Athair Tiobóid Maitiú agus an lánstaonadh ón ólachán, gluaiseacht a dtacaíodh sé go láidir léi. Chuir sé réamhrá Béarla le leabhar Sheáin Uí Cheallaigh (‘Sceilg’), Beatha an Athar Tiobóid Maitiú, 1907. Ba é a d’áitigh ar Sceilg é a scríobh. D’aistrigh Tomás de Bhial an leabhar Ireland’s loyalty to the Mass, 1933 faoin teideal Dílse na nGael don Aifreann, 1957. Scríobh sé réamhrá Gaelic pioneers of Christianity, [c.1926] le Dom Louis Gougaud. Bhíodh aistí i gcló aige in Catholic Bulletin agus Capuchin Annual.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú