DE RÓISTE, Liam (1882–1959)

‘Is sampla fiormhaith den ghlúin sin Liam de Róiste. Cé gurbh i gceantar agus i dteaghlach nár bhac rómhór le cás na hÉireann a rugadh agus a tógadh é, ar chuma éigin rug meon na haoise greim air agus sheol ar bhóthar achrannach na saoirse é, trí iliomad cumann, gluaiseachtaí agus gábha, riamh agus choíche ...’. Sin é a deir beathaisnéisi Liam, Diarmuid Ó Murchadha, in Liam de Róiste, 1976, a d’fhoilsigh An Clóchomhar. B’fhéidir a rá gur cuntas ar an ngluaiseacht náisiúnta sa tréimhse 1899–1923 i gcathair Chorcaí, nó ar chuid mhaith di, is ea an bheathaisnéis sin.

I mBaile Mhontáin i bparóiste na Mainistreach Báine, ceantar tuaithe ar imeall thiar Chuan Chorcaí, a rugadh é 15 Meitheamh 1882, dar le Diarmuid Ó Murchadha. Is dóigh gurb in é an dáta ceart a thug Liam dó, cé gur 29 Meitheamh atá sa teastas breithe. Níor cláraíodh an bhreith go 17 Iúil. Múinteoirí náisiúnta ba ea a thuismitheoirí. Fuair an t-athair, Edward Roche, bás nuair a bhí Liam an-óg. Ba de mhuintir Eichiairn (Ahern) a mháthair Eliza.

Bhí beagán Gaeilge sa cheantar go fóill. D’fhaigheadh muintir Liam The Shamrock agus an Cork Weekly Examiner agus thosaigh sé ag cur spéise sna colúin Ghaeilge iontu nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois. Fuair sé cabhair ó Thomás Mac Eoin, máistir scoile Dhroichead an Mhionnáin (ní foláir nó gurbh é an Tomás Seons úd é a sheol litir ó Dhroichead an Mhionnáin i dtaobh ‘Béarlagair na Saor’ chuig Irisleabhar na Gaedhilge, Samhain 1898), agus chuir sé aithne ar chuid de na seanchomharsana ar Ghaeilgeoirí iad.

Fuair sé a chéad phost i siopa éadaitheora i gCorcaigh ar chúig scilling sa tseachtain, agus 64 uair a chloig oibre le déanamh aige, nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois. I ndiaidh ráithe d’aistrigh sé go post cléireachais in oifig iasachtaí, post nár mhair ach tamall gairid. I ndiaidh tréimhse dífhostaíochta d’éirigh leis post cléireachais a fháil in Acadamh Skerry, coláiste pulctha ar an Meal Theas. Faoi cheann dhá bhliain bhí sé ag múineadh rang tráchtála ann.

Cheangail sé le Craobh Chorcaí de Chonradh na Gaeilge in Aibreán 1899. Chuir sé aithne ann ar Thadhg Ó Murchadha (‘Seandún’) agus ar Shán Ó Cuív. Ceapadh é ina rúnaí cúnta sa chraobh nuair a beartaíodh ar Fheis na Mumhan a chur ar siúl Meán Fómhair 1900, feis a d’adhain spéis mhór i gcúrsaí na teanga. Toghadh é ina rúnaí ar choiste ceantair Chorcai 1902. Bhí sé ina rúnaí ag Coláiste na Mumhan ó 1904 go 1936. Ó 1907 amach bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha.

In 1899 freisin cheangail sé leis an Cork Young Ireland Society, cumann a bhunaigh Shán Ó Cuív, agus ceapadh é ina rúnaí acu. I measc an bheagáin eile ball bhí Liam Mac Cairteáin agus Traolach Mac Suibhne. Nuair a tharla scoilt sa chumann sin is ea a bhunaigh Liam agus a chairde an Cumann Liteartha Ceilteach (Corcaigh). Bhí gaol den chineál céanna acu leis an gConradh is a bhí ag cumainn Uí Mhaolruanaidh is Uí Ghríofa Átha Cliath, iad ag easaontú go pointe áirithe le seasamh neamhpholaitiúil an Chonartha. Ba é an Cumann Liteartha Ceilteach i gCorcaigh ba mhó faoi deara gur bunaíodh Cumann Tionsclaíochta Chorcaí (I.D.A.) 1903. Liam a ceapadh ina rúnaí oinigh, post a bhí aige go 1924. Lean cuid mhór áiteanna sampla Chorcaí.

I 1904 bhí sé ina rúnaí ar an gcoiste a d’eagraigh fáilte abhaile roimh Dhiarmuid Ó Donnabháin Rosa.

Ball de Chumann na nGaedheal ba ea Cumann Liteartha Ceilteach Chorcaí agus i 1903 lean siad sampla Airt Uí Ghríofa agus a chairde agus bhunaigh craobh den Chomhairle Náisiúnta chun cur in aghaidh chuairt Eadbhard a VII. Nuair a bunaíodh Sinn Féin i mBaile Átha Cliath 1905 cuireadh Liam ar an gCoiste Gnó. Bhí sé ina leaschathaoirleach ar chraobh Chorcaí on uair a bunaíodh í Deireadh Fómhair 1906.

Ar 27 Iúil 1909 phós sé Nóra Ní Bhriain ó Bhaile an Bharraigh. Bhí sí ina rúnaí ar Iníní na hÉireann i gCorcaigh ar feadh tréimhse. Bliain ina dhiaidh sin fuair sé post múinteora tráchtála faoi choiste ceardoideachais Chontae Chorcaí.

I 1913 bhí sé ar dhuine den choiste beag a d’eagraigh cruinniú poiblí i gCorcaigh chun go gcuirfí na hÓglaigh ar bun ann. Ceapadh é ina chisteoir ar an gcoiste sealadach. Atoghadh sa phost é 21 Meitheamh 1914. Ach ní raibh sé ag réiteach go hiomlán le cuid de na ceannairí agus faoi earrach 1915 ní raibh ann ach gnáthbhall. Shíl sé féin nach raibh an aigne mhíleata aige agus nach raibh aige an radharc ba ghá chun bheith ina fhear maith gunna. Toisc gurbh fhear cráifeach é ní raibh sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta riamh.

Bhí sé ina chathaoirleach ar Ardchoiste Chonradh na Gaeilge i gcathair Chorcaí timpeall an ama sin agus is thar ceann an choiste sin a bhí sé ina theachta chuig ArdFheis 1915.

Tar éis an Éirí Amach bhí sé ar dhuine de rúnaithe an Choiste Cabhrach agus nuair a athbhunaíodh Sinn Féin i gCorcaigh um Nollaig 1916 ceapadh é ina chisteoir. Bhí sé ag tacú le de Valera sa Chlár Thoir i bhfothoghchán 1917. Bhí sé ina bhall de choiste seasta Shinn Féin faoi Lúnasa 1918 agus in Olltoghchán na bliana sin toghadh é ina bhall parlaiminte do chathair Chorcaí. 20,801 vóta a fuair sé. Bhí sé ag réamhchruinnithe na Chéad Dála ach níor fhéad sé bheith sa láthair lá na hoscailte. Ní raibh aon phá faighte aige ó chuaigh sé ar a choimeád trí mhí roimhe sin. Nuair a shocraigh Sinn Féin i gCorcaigh go n-íocfaidís tuarastal leis d’éirigh sé as a phost múinteoireachta.

I 1919 bhí an tOireachtas ar siúl i gCorcaigh agus ba é Liam a d’oscail é nuair nár tháinig Eoin Mac Néill. Fuair sé an vóta ab airde i gCúige Mumhan do Choiste Gnó an Chonartha. An bhliain dár gcionn bhí sé ar dhuine den toscaireacht ó Bhardas Chorcaí a thug cuairt ar Thraolach Mac Suibhne i bpríosún Brixton. As sin go dtí an sos cogaidh bhí sé i gcontúirt a anama de ghnáth. Chaitheadh sé a theach féin a sheachaint go minic agus is cinnte go ndúnmharódh na Dúchrónaigh é Domhnach Cincíse 1921 dá mbeadh sé sa bhaile. Mharaigh siad an tAthair Séamus Ó Ceallacháin ina ionad, tharla é bheith i dteach Liam an oíche sin.

Atoghadh é i 1921 agus 1922 ach níor sheas sé in olltoghchán Lúnasa 1923. Ní raibh a chroí go hiomlán i bpáirtí Chumann na nGaedheal agus bhí cuid den rialtas, Pádraig Ó hÓgáin agus Caoimhin Ó Huiginn go háirithe, a shíl gur sórt Tadhg-an-dá-thaobh é. Dar le Liam go raibh ag teip ar eite Ghaelach an pháirtí. Lean sé air ag obair go lánaimseartha don Irish International Trading Corporation i gCorcaigh go dtí 1956. Idir dhá linn bhí baint aige leis an Irish Christian Front, dream a bhí ar son Franco i rith Chogadh Cathartha na Spáinne, agus le Muintir na Tíre. Bhuaigh sé suíochán i mBardas Chorcaí 1945 mar dhuine den Civic Party, dream a raibh baint ag Ridirí Cholumbáin leis. D’éag sé 15 Bealtaine 1959. Ní raibh aon chlann aige.

D’fhoilsigh a chomhlacht foilsitheoireachta féin, Shandon Publishing Co., paimfléad leis, A Message to the Man, 1908, agus sa bhliain chéanna dráma beag a scríobh sé in aghaidh an ólacháin, The Road to Hell, 1908, chomh maith le dráma beag eile idir na clúdaigh chéanna, Fodhla. Ba é féin a d’íoc freisin costas foilsithe Voices of the past, 1915, sleachta as dánta Gaeilge agus as scríbhinní tírghráthóirí. Ó Lúnasa 1906 go Meitheamh 1907 d’fhoilsíodh sé iris bheag The Shield.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú