Chaith an fear seo an chuid is mó dá shaol oibre anuas go 1916 ina státseirbhíseach. D’éirigh sé as a phost chun bheith ina abhcóide agus rinne breitheamh de. Is ina bhreitheamh dó a tharla gur chuir rialtais, idir ghallda agus dhúchasach, i bpríosún é faoi bheith i gceannas ar chúirteanna neamhdhleathacha.

Sa Ghleann Dubh i gCill Bhriotáin in aice le Cúirt Mhic Shéafraidh i gContae Chorcaí a rugadh é. Ag tabhairt freagra ar cheisteanna in Cork Examiner 20 Lúnasa 1994 scríobh a col seisir, Helen O’Donovan, chuig údair an chuntais seo gur Ghrásach ón Rinn, Cloich na Coillte, a mháthair. An t-aon Diarmuid (Jeremiah) a rugadh do lánúin Crowley-Grace in 1875–76 i gCill Bhriotáin ná an mac a rugadh ar 2 Bealtaine 1875 do John Crowley agus a bhean Ellen Grace, más fíor do thaifid an pharóiste. Dúirt Helen freisin go raibh deartháireacha darbh ainm Denis agus Patrick aige agus deirfiúracha darbh ainm Kate agus Ellie. Rugadh leanaí a raibh na hainmneacha sin orthu do John agus Ellen idir 1866 agus 1878. Ní raibh aon amhras ar Helen ná ar a hathair ach gurbh é Diarmuid an duine a rugadh ar 2 Bealtaine 1875.

Mar oifigeach custaim is máil bhí sé lonnaithe in Ard an Rátha, Dún na nGall, roimh thús an chéid—faoi Nollaig 1899 tuairiscíodh é bheith i láthair ag feis sna Frasa. Nuair a bhí Daonáireamh 1901 á dhéanamh dúradh go raibh sé 25 bliana d’aois. Cuireadh síos freisin gur i gContae Dhún na nGall a rugadh é. Ceapadh é ina bhall den choiste a bunaíodh chun an contae sin a eagrú don Chonradh (An Claidheamh Soluis 9 Feabhra 1901). Deir an Irish Law Times go mba dhlúthchara le hArt Ó Gríofa é agus go scríobhadh sé aistí don United Irishman. Cibé bunús fírinneach atá leis sin b’fhéidir beagán den áibhéil a bheith ann; níl fiú is tagairt dó i mbeathaisnéis mhór Uí Lúing.

Bhí sé ag obair i mBaile Átha Troim faoi 1902 agus ansin aistríodh é go Londain. In éineacht le Seán P. Mac Énrí, Micheál Breathnach, Liam P. Ó Riain, Pádraic Ó Conaire, Muiris Ó Dubhda, Art Ó Caoimh, An tAthair Micheál Ó Maoldomhnaigh, Art Ó Briain, Seán Ó Catháin, Eibhlín Costello , agus Peadar Mac Fhionnlaoich bhí sé ag Mór-Chomhdháil Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath thar ceann Londan i 1902. ‘Bheadh sé deacair i dtráth ar bith de shaol an Chonartha dream chomh hildánach leo a thabhairt ar aon láthair’, a deir Donncha Ó Súilleabháin in Conradh na Gaeilge i Londain 1894–1917, 1989. Thabharfá leat gur bhall tábhachtach den Chonradh ba ea Diarmuid. Bhí sé ina ionadaí ó Chraobh Ard an Rátha ag an gcomhdháil chéanna sin. Bhí sé ar choiste Oireachtais 1904 agus 1912. Toghadh ina bhall den Choiste Gnó é thar ceann an Chonartha i Sasana i 1910–12. Scríobhadh sé ábhar in An tÉireannach (1912–3), iris an Chonartha i Londain. Ní luaitear in Clár litridheachta na Nua-Ghaedhilge 1850–1936 III: prós i dtreimhseacháin, 1940 ach an t-aon aiste amháin uaidh i nGaeilge, píosa in An Claidheamh Soluis i 1917. Tá litir an-bharrúil, é ábhairín frithchléireach, ó ‘D. Ó Cruadhlaoich’ faoin teideal ‘St Patrick’s Anti-Treating League’ san iris sin ar 29 Samhain 1902. Is dóigh gurb é Diarmuid s’againne é. Bhíodh ábhar aige go minic in Sinn Féin. Litir, mar shampla, ar 22 Meán Fómhair 1906 i dtaobh Choláiste na Rinne agus an gá a bhí le bunscoil ann agus sraith litreacha um Shamhain 1910 i dtaobh cheist Ollscoil na hÉireann. ‘Also worth at least a mention are the contentious essays. . . in which he raised, among other issues, a series of important if wrongheaded points about the sort of subject matter appropriate to a modern literature in Irish’ (Philip O’Leary, Irish Literary Supplement, earrach 1994).

D’éirigh sé as a phost i 1916. Shílfeá ón gcur síos in The Irish Law Times gur mar gheall ar an Éirí Amach a rinne sé sin. Cháiligh sé mar abhcóide an bhliain sin. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó i 1919–21. Ceapadh é ina bhreitheamh cuarda sna Cúirteanna Poblachtacha i 1920. D’oir sé gur go ciúin a bheadh imeachtaí na gcúirteanna seo á reáchtáil agus nach mbeadh a fhios ag na húdaráis cérbh iad na breithimh. Ach níor theastaigh aon rúnmhaireacht ó Dhiarmuid. Gabhadh é i mBéal an Átha agus gearradh dhá bhliain príosúnachta air (Misneach 20 Samhain 1920). Níor scaoileadh saor é go deireadh 1921. Bhí cúirteanna na Dála ag obair go fóill agus lean sé air ag taisteal na tíre. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus tháinig an crú ar an tairne nuair a tugadh cás habeas corpus i dtaobh Sheoirse Pluincéad os a chomhair i mBaile Átha Cliath le linn don Chogadh Cathartha a bheith faoi lánseol. D’ordaigh sé an tAire Cosanta agus gobharnóir Mhuinseo, mar a raibh an Pluincéadach ina phríosúnach, a theacht os a chomhair. Ba é freagra an Rialtais Sealadaigh deireadh a chur leis na cúirteanna. Ina ainneoin sin d’eisigh Ó Cruadhlaíoch barántais chun an bheirt acu a ghabháil. Mí ina dhiaidh sin shac an Rialtas i bpríosún é gan aon chúis a chur ina aghaidh.

Ach faoi Lúnasa 1923 bhí sé ina bhall de choimisiún a bunaíodh chun déileáil le riaráiste cásanna. Bhí tuarastal breise aige ach shíl sé nár tugadh dó a raibh sé ina theideal a fháil: tuarastal saoil £750 saor ó cháin ioncaim. Agus nuair nach bhfuair sé ardú céime a raibh sé ag súil leis d’éirigh sé as a phost i 1924 chun gurbh fhearr a d’fhéadfadh sé bualadh chun cinn lena chás in aghaidh an rialtais. Ar deireadh fuair sé féin agus gach breitheamh Dála a bhí éirithe as a bpoist pinsean £500.

Ball gníomhach de Shinn Féin ba ea é ina dhiaidh sin. Scríobh sé an paimfléad The oath of allegiance, 1925. Luaitear é i measc na gceannairí a bhí in aghaidh de Valera i 1926. Nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht i 1932 chuir sé a chás chun cinn arís ach caitheadh amach as an gcúirt é agus cinneadh gur air a thitfeadh na costais. Bhí sé i bPáras ag an am agus chuir sé seic agus nóta tarcaisneach caol díreach chuig de Valera Oíche Nollag 1934. Scríobh sé paimfléad Step by step from the Republic back into the Empire in aghaidh de Valera. ‘Illuminating pamphlet’ a thugann Brian Murphy air in Patrick Pearse and the lost republican ideal, 1991. I dtaobh na nAnáidí Talún dúradh in An Tír 16 Iúil 1932: ‘Only two writers as far as I know have grappled seriously with the problem—Eamonn Mansfield with the economic side and Diarmuid O’Crowley with the legal aspect’.

D’éag sé ina theach i mBóthar Charleville ar 4 Samhain 1947 agus cuireadh é sa Chlogach i gCorcaigh. Ní raibh sé pósta. Tá cuntas ar a théarma mar bhreitheamh agus ar an tranglam dlí sin ag Mary Kotsonouris in Retreat from revolution: the Dáil courts 1920–24, 1993. I gcaint a chraol sí sa chlár ‘Sunday Miscellany’ i 1993 dúirt sí: ‘It is difficult to understand his motives—it can hardly have been simply the money because he was prepared to lose a considerable sum in pursuit of a relatively moderate gain. Whatever it was, it filled his days with drama and righteousness, passion and defeat’.

Sa chaint sin freisin bhí tagairtí dá phinsean státseirbhíse. Mura raibh sé ach 40 bliain d’aois i 1916 tá sé deacair a thuiscint conas a gheobhadh sé pinsean. Aisteach go leor, bhí Jeremiah Crowley, oifigeach custaim is máil ag obair i mBangor sa Bhreatain Bheag, ar dhuine de shíntiúsóirí Irisleabhar na Gaedhilge in 1883. Is gnách Jeremiah mar ghalldú ar Dhiarmuid. Bheadh an fear sin ar a laghad 58 bliana d’aois i 1920.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú