Bhí an scríbhneoir seo gníomhach i ngach eagraíocht náisiúnta nach mór agus sna heagraíochtaí a bhain le saoirse na mban go háirithe. Tá cuntais uirthi: ag Damian Doyle in Female Activists: Irish women and change 1900-1960, 2001 in eagar ag Mary Cullen agus Maria Luddy; in Women of Ireland: a biographic dictionary, 1996 le Kit agus Cyril Ó Céirín. I gcathair Phort Láirge a rugadh í ar 13 Deireadh Fómhair 1888 do Louis Jacob agus Henrietta Harvey, agnóisithe de bhunadh Chumann na gCarad; beirt iad a bhí frithShasanach. Óna hóige bhí spéis ag Rosamund i stair na hÉireann. Bhí sí ina ball de Chonradh na Gaeilge, d’Iníní na hÉireann agus den National League. Bhí sí féin agus a deartháir Tom ar bhunaitheoirí Chlub Shinn Féin i bPort Láirge i 1906. Thosaigh sí an bhliain chéanna sin ag foghlaim Gaeilge agus ar feadh cúpla bliain chaith sí mí sa Rinn. Deir Doyle: ‘She was a keen Irish dancer, sought after to teach other students difficult steps. Though she struggled with the language in the beginning, she was able to speak and write Irish for the rest of her life’. Bhí sí orthu sin a shíl gur cheart do Chonradh na Gaeilge éirí as a seasamh neamhpholaitiúil. Ba bhall de Chumann na mBan í. Bhí sí gníomhach san Irishwomen’s Franchise League agus bhí sí go mór i gcoinne na n-iarrachtaí a rinne John Redmond Óglaigh a thabhairt isteach in arm Shasana. Bhí sí ina hionadaí ó Phort Láirge ag Coinbhinsiún Shinn Féin i 1917, agus ba í a mhol rún, ar glacadh leis, go mbeadh cead vótála ag mná. Chuaigh sí chun cónaithe i mBaile Átha Cliath i 1920. Ba bhall í den Irishwomen’s International League, brainse den Women’s International League for Peace and Freedom, agus bhí sí tamall ina rúnaí acu. Le Louie Bennett agus Maud Gonne rinne sí iarracht ar shos comhraic a shocrú i 1922. Bhí sí ar thaobh na bpoblachtach sa chogadh cathartha agus chaith sí mí i bpríosún. Ba bhall d’Fianna Fáil í ina dhiaidh sin.

Deir Risteárd Ó Glaisne in De Bhunadh Protastúnach go raibh sí ina rúnaí ar Chraobh na gCúig gCúigí nuair a bhí Proinsias Ó Riain gníomhach sa Chonradh. In Frank Ryan, 2002, tugann Fearghal McGarry sleachta as dialann Jacob a léiríonn go raibh sí i ngrá leis sin. ‘They began a sexual relationship which, for Jacob at least, brought pain as well as happiness. Ryan insisted on secrecy, even to the extent of sometimes ignoring Jacob at social functions…’. Nuair a gabhadh an Rianach i gcogadh cathartha na Spáinne ba í a d’eagraigh feachtas chun go ligfí saor é. Deir McGarry: ‘Their sexual relationship ended in the mid-1930s, but they remained lifelong friends, and Jacob strove to protect Ryan’s legacy after his death when others did not.’

Scríobh sí úrscéal Callaghan, 1920, a foilsíodh faoin ainm F. Winthrop. Deir Ó Céirín: ‘Rosamund Jacob’s most ambitious work was her history The Rise of the United Irishmen 1791-1794, published in 1937 in an attempt to heal the wounds of the Civil War and the resulting splits in contemporary Irish life.’ Úrscéal léi is ea The Troubled House, 1938. Bhí beatha Martha, bean Wolfe Tone, scríofa aici ach, nuair nach nglacfadh foilsitheoir ar bith leis, d’athscríobh sí é mar úrscéal stairiúil, The Rebel’s wife, 1957; roghnaigh an Women’s Writers’ Club mar Leabhar na Bliana é i 1958. Úrscéal freisin is ea The Raven’s Glen, 1960. Timpiste bóthair 24 Meán Fómhair 1960 ba thrúig bháis di 11 Deireadh Fómhair 1960.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú