I gcathair Phort Láirge a rugadh é c.1879. Agus é á oiliúint mar mhúinteoir i Modhscoil Shráid Mhaoilbhríde chláraigh mar bhall den Ard-Chraobh (An Claidheamh Soluis 23 Meán Fómhair 1899). Ina chomhfhreagraí ag nuachtáin náisiúnta agus ag an Nationalist i gCarraig na Siúire agus ina bhall bunaidh de Shinn Féin ann. Duine de rúnaithe Choiste Choláiste Cónaithe na Rinne i 1909. Ar fhoireann Choláiste na Rinne ó 1918. Scríobh ‘Provincialisms’ and ‘dialects’ in modern spoken Irish, 1910. Ina bhall de Choiste Gnóan Chonartha i 1911. D’éag 31 Deireadh Fómhair 1949.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú