San fhógra báis in The Irish Times 30 Márta 2013 cuireadh síos ar Dhomhnall Ó Lubhlaí mar ‘Gaeilgeoir, múinteoir, oideachasóir, údar, Poblachtach.’ Os a choinne sin, ní dócha go bhféadfaí an t-ainm Domhnall Ó Lubhlaí a lua gan cuimhneamh ar scannal na péidifilia. Cé nár ciontaíodh riamh é as ionsaí gnéis a dhéanamh ar aon duine, ba líonmhar iad na daoine a chuir a leithéid ina leith. Craoladh agallaimh le cuid acu sin ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta go gairid i ndiaidh a bháis agus maíodh ansin go raibh suas le céad a d’fhulaing dá bharr. Ina dhiaidh sin is uile, b’fhíor an méid a cuireadh síos dó san fhógra báis. Ba é a bhunaigh Coláiste na bhFiann agus Cumann na bhFiann, bhí sé ina uachtarán tráth ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, chaith sé seal fada le múineadh na Gaeilge agus seal eile fostaithe ag an Roinn Oideachais ag ullmhú lámhleabhair do mhúinteoirí (Múineadh labhairt na Gaeilge i gcoláistí samhraidh, 1976). Bhí sé fosta ar an bhaicle poblachtach a scar le Sinn Féin in 1986 nuair a chinn an páirtí ar shuíocháin a ghlacadh i nDáil Éireann. Ní de thaisme atá débhríocht mhór sa méid a dúradh faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí in eagarfhocal Cuisle (Deireadh Fómhair 1998): ‘Níl aon fhear beo i saol na Gaeilge is mó a chuaigh i gcion ar aos óg na tíre le daichead éigin bliain.’

Is i Nua-Eabhrac a rugadh Domhnall Ó Lubhlaí ar 26 Aibreán 1930. D’fhill an teaghlach ar a mbaile dúchais, an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, sa bhliain chéanna agus b’ann a tógadh é féin agus a dheirfiúr, mar a bhfuair sé scolaíocht i Scoil Mhuire na mBráithre Críostaí. Bhí sé seal in Arm na hÉireann (an Chéad Chathlán Coisithe) ina fhear óg dó agus bhain cáilíocht teagaisc amach i gColáiste na Tríonóide ina dhiaidh sin. Tá sé luaite ‘gur briseadh ó phost múinteora i dTiobraid Árann é sna 1950idí de bharr a chuid gníomhaíochtaí sa ghluaiseacht Phoblachtánach’ (Comhar, Iúil 2013). Chaith sé deich mbliana ag obair ag Gael Linn go dtí thart ar 1968. Agus é ina Ardmháistir ar Choláiste Mhic Dara ar an Cheathrú Rua, Conamara, cheap sé córas smachta a bhí bunaithe ar a thaithí sa Chéad Chathlán. I ndiaidh dó Gael Linn a fhágáil chuir sé a choláiste féin ar bun i Ros Muc agus ba as an chéad iarracht sin a bunaíodh Coláiste na bhFiann in 1968. Ceapadh ina mhúinteoir Gaeilge é i gColáiste Chilliain i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair 1971. Faoin am a ceapadh ina uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge é i bhFeabhra na bliana 1976, bhí sé ar iasacht ag an Roinn Oideachais agus é ag ullmhú lámhleabhair do mhúinteoirí. Ní raibh sé i bhfad ina uachtarán ar an Chomhdháil gur cuireadh i bPríosún Luimnigh é ag tús 1977 tar éis dó diúltú ticéad páirceála a dhíol as siocair an ticéad a bheith i mBéarla. Scaoileadh saor é i ndiaidh roinnt laethanta nuair a dhíol duine anaithnid an fhíneáil ar a shon. Bhí an Lubhlaíoch ar fhoireann teagaisc dhá cheardscoil i gCluain Dolcáin faoi dheireadh na 1970idí.

Bhí rath as cuimse ar Choláiste na bhFiann le linn na 1970idí agus 1980idí, tráth a tháinig méadú leanúnach ar líon na ndaltaí a d’fhreastail ar an choláiste. Cuireadh sonrú go háirithe sa dóigh a gcloífí go docht le riail an Bhéarla agus tugadh suntas fosta don leagan amach míleata a bhí ar imeachtaí an choláiste. Gné eile a bhain le fás Choláiste na bhFiann, an aicme nua ceannasaithe a bhíothas á cothú ann. De réir eagarfhocal Cuisle (Deireadh Fómhair 1998) chuir suas le hochtar rúnaithe ranna rialtais a gcuid páistí féin chuig Coláiste na bhFiann. Faoi dheireadh na 1980idí, bhí gar do dhá mhíle dalta ag freastal ar chúrsaí Choláiste na bhFiann in ionaid éagsúla ar fud na tíre. Ba de bharr na forbartha sin a ceadaíodh £250,000 idir 1987 agus 1988 do thionscnamh nua de chuid Uí Lubhlaí, Tearmann Lir, as ciste an Chrannchuir Náisiúnta. I dtuairisc ar The Irish Times (28 Meán Fómhair 1988) míníodh go mbeadh £350,000 le bailiú ag an eagraíocht féin don tionscnamh agus go raibh £170,000 bailithe cheana, de réir Uí Lubhlaí. Maíodh fosta gur ceithre chuid a bheadh sa suíomh deich n-acra seo ar an Chúil, Co. na hIarmhí, mar atá, brú na n-óg do pháistí faoi bhun dhá bhliain déag d’aois, coláiste ar leith do dhéagóirí idir dhá bhliain déag agus ocht mbliana déag d’aois, aonad do dhaoine fásta agus brú d’iarscoláirí Choláiste na bhFiann.

Ní le hoideachas amháin a bhí Ó Lubhlaí ag plé ach le polaitíocht. Luaitear a ainm i measc na bPoblachtach a thaobhaigh le Ruairí Ó Brádaigh agus a scar le Sinn Féin ag Ardfheis 1986 nuair a ghlac tromlach an pháirtí leis an mholadh go suífeadh baill thofa Shinn Féin i nDáil Éireann (Comhar, Iúil 2013). Is cosúil go raibh an-aithne ag Ruairí Ó Brádaigh ar Ó Lubhlaí agus gur mhinic é ar cuairt ar theach cónaithe Uí Lubhlaí.

In 1991, i dtrátha an ama a bhí sé éirithe as an mhúinteoireacht, tháinig fear óg chuig Ó Lubhlaí ag iarraidh dúmhál a dhéanamh air as ionsaithe gnéis, a dúirt sé, a bhí déanta ag Ó Lubhlaí air. Chuaigh Ó Lubhlaí chuig na Gardaí i gCluain Dolcáin agus moladh dó bualadh leis an fhear arís agus an comhrá a thaifeadadh. Lean Ó Lubhlaí comhairle na nGardaí agus ba é an toradh a bhí ar an eachtra gur tugadh rabhadh don fhear óg as iarracht ar dhúmhál a dhéanamh. In 1997 tháinig fear eile chun tí agus chuir i leith Uí Lubhlaí go ndearna sé ionsaí gnéis air agus gur mhill sé a shaol. Nuair a chuala bean chéile Uí Lubhlaí, Caitlín, seo scar sí uaidh (Caitlín Ní Dhonnchadha ó cheart, as Cois Fharraige, Conamara, a bhásaigh in 2003). Is cosúil gur ghoill na líomhaintí seo go mór uirthi nó ní raibh aon eolas aici orthu go dtí sin, amach ón iarracht ar dhúmhál a shíl sí féin ag an am a bheith ina ghníomh mailíseach gan aon bhunús a bheith leis. Rinneadh tuilleadh líomhaintí ina dhiaidh sin in 1998 agus san iris mhíosúil Cuisle (Deireadh Fómhair 1998) tugadh dúshlán Uí Lubhlaí san eagarfhocal agus in ailt eile san eagrán céanna. Ba sa bhliain chéanna a thosaigh na Gardaí i Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, ag réiteach fianaise in éadan Uí Lubhlaí. In 2002 bhí siad réidh le Domhnall Ó Lubhlaí a chur ar a thriail as sé chúis is caoga a bhain le hionsaithe mígheanasacha, bugaireacht agus iarracht ar bhugaireacht a dhéanamh ar sheisear páistí. Ach theip ar an chás sa bhliain chéanna nuair a rialaigh an breitheamh, Aindrias Ó Cuív, nárbh fhéidir dul ar aghaidh leis an chás ar dhá phríomhchúis, mar atá, moilleadóireacht an stáit agus nótaí na nGardaí agus taifeadadh 1991 a bheith caillte acu. Cuireadh teoiric chun tosaigh ina dhiaidh sin gur cailleadh an t-ábhar seo mar éiric leis an Lubhlaíoch as spiaireacht a dhéanamh ar chomharsa béal dorais s’aige i gCluain Dolcáin, comharsa a bhí ina bhall sinsearach den IRA (Comhar, Iúil 2013).

Dhá bhliain roimh a bhás, d’fhoilsigh Domhnall Ó Lubhlaí leabhar mór toirtiúil 1,277 leathanach dar teideal Éire mar ba mhian le… (2011). Leabhar cuimsitheach é seo faoi stair agus faoi mhúineadh na Gaeilge ar ‘geall le hobair saoil é’ (féach léirmheas le hAlan Titley Feasta, Meitheamh 2012).

Sna seachtainí i ndiaidh a bháis ar 20 Márta 2013, craoladh míreanna fada faisnéise ar Nuacht TG4 faoi na líomhaintí a rinneadh in éadan Uí Lubhlaí agus cuireadh agallamh ar chuid acu sin a chuir ionsaithe ina leith. Craoladh agallamh fada le duine acu sin ar Rónán Beo, Raidió na Gaeltachta. Ar 17 Aibreán 2013 d’fhógair Coimisinéir na nGardaí go ndéanfaí athbhreithniú ar chás Uí Lubhlaí. Maíodh i bhfógra báis Dhomhnaill Uí Lubhlaí ar The Irish Times gur tugadh a chorp don eolaíocht.

Fionntán de Brún

Ailt

  • Anaithid [An Cúigiú Colúnaí] (2013) ‘Ó Lubhlaí agus an ghluaiseacht phoblachtánach’ Comhar 73 (7), 6.
  • Anaithid [eagarfhocal] (1998) ‘Domhnall Ó Lubhlaí: ní leor do “chloigeann a choinneáil síos”’ Cuisle 1.
  • The Irish Times, 30 Márta 2013
  • The Irish Times, 28 Meán Fómhair 1988
  • Titley, A. (2012) ‘Trom agus Cúis! Éire mar ba mhian le... Léirmheas le Alan Titley’ Feasta, 65 (6).