I nDroim Sneachta, Teach na dTrí Mhíle, Co. Mhuineacháin, a rugadh é. Mac Quillan ba shloinne dá mháthair. Fuair sé bunoideachas i nDroim Síne ó mháistir a raibh cáil air, Dan MacCormilla. Bhí sé i gColáiste Naomh Mac Cáirthinn i mbaile Mhuineacháin sula ndeachaigh go Maigh Nuad mar ar oirníodh é in 1889. Bhí sé in aon rang ansiúd le Eoghan Ó Gramhnaigh. Ceapadh é ina shagart cúnta i bPaiteagó, Dún na nGall, ar dtús agus ansin i mBaile an Scotaigh agus i gCluain Eois, mar a raibh dualgais séiplínigh i Loch Dearg le déanamh aige. Le linn dó bheith i gCluain Eois cuireadh go Learpholl é chun airgead a bhailiú le haghaidh teach pobail nua. Chaith sé tamaill i gCluain Tiobrad agus i Machaire Cluana freisin.

I dtuairisc a bháis in Donegal Democrat, 12 Bealtaine 1945 deirtear gurbh i gConradh na Talún a thosaigh sé ar a obair náisiúnta. Más fíor don Derry Journal 9 Bealtaine 1945 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Lúthchleas Gael i Muineachán. Go luath sa chéad bhí cáil na díograise timpeall na teanga air, é ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge ó 1904 ar aghaidh, ina bhall de Dháil Uladh agus i gceannas ar an gConradh i Muineachán. Áirítear é in aon anáil le Yorke agus De Hindeberg ar an mbeagán de sheanchairde Uí Ghramhnaigh: ‘Father O’Kieran of Clontibret, the tireless and indefatigable leader of the Irish language movement in Monaghan’ (Micheál Ó hIceadha in Leabhar an Athar Eoghan, [1904] l.137). Faightear tuairim i dtaobh a chumais chun scríbhneoireachta go hóg ina shaol san aiste bhríomhar ‘A walk to Wolfe Tone’s Grave’ a scríobh sé le linn dó bheith i Maigh Nuad. Síleadh gurbh é an Gramhnach a scríobh é agus cuireadh i gcló é in Leabhar an Athar Eoghan.

Bhí sé sa láthair ag cruinniú tionscnaimh Shinn Féin i 1905 agus thug óráid a thuill clú dó. Bíonn tagairtí dó in Sinn Féin ar fianaise cuid díobh i dtaobh a aigne i leith chath na Gaeilge san ollscoil nua. Tuairiscíodh 3 Iúil 1909, mar shampla, go ndúirt sé: ‘The Castle Catholic element in Ireland do not want the sons of the people in the New University—they want it for themselves—and this contemptible element has secured the support of the standing committee of the Catholic Bishops of Ireland’. Ceapadh é ina shagart paróiste i mBuíochar, Co. Mhuineacháin. In Slán le hUltaibh, 1970 tá cur síos ag Earnán de Blaghd ar a mhíshástacht a bhí sé ansiúd. Buachaillí agus cailíní aimsire ba ea formhór na gCaitliceach ann i gcaoi nárbh acmhainn don pharóiste sagart cúnta a fhostú agus gur bheag má fhéadadh an tAthair Lorcán dul ar saoire lae fiú. Murach airgead a fágadh le huacht aige bheadh ocras féin air. Aon sagairt a bhí ann roimhe níor fágadh ach tamall gairid ann iad, más fíor, ach b’éigean dósan aon bhliain déag a thabhairt ann. Ba é tuairim an Bhlaghdaigh ‘go raibh sé searbhasach leis an saol agus díomá doleigheasta air’. ‘Ní foláir nó bhí ardchumas óráidíochta agus polaitíochta aige. Tírghráthóir díograiseach a bhí ann cinnte, agus dá mbeadh an chaoi aige bheadh sé in ann seirbhís ar fheabhas a thabhairt don tír.... Ach de dheasca na gcúrsaí a choimeád ó ghníomhaíocht pholaitíochta é agus ó chomhluadar na gceannairí polaitíochta ... milleadh é i slí. Bhí an trá agus an taoide caillte aige. Nuair a scaoileadh é faoi dheoidh ní raibh a dhóthain den fhéiniontaoibh fágtha aige le gradam a bhaint amach.... Níl fhios agam cé acu bhí nó nach raibh cúiseanna eile seachas an pholaitíocht lena choimeád i bhfad i Machaire Airne [Buíochar]’. B’fhéidir go mba chúis amháin díobh é a bheith rannpháirteach i bhfeachtas an Chonartha ar son an Ghaeilge a bheith éigeantach i máithreánach Ollscoil na hÉireann: in éineacht le Mathúin Ó Riain agus Tomás Ó Ceallaigh labhair sé ag an ollchruinniú sa Rotunda 7 Nollaig 1908.

Fuair sé paróiste an Mhachaire Mheánaigh i gContae Fhear Manach, i 1917. Paróiste mór a bhí ann. ‘Caisleán’ a thugtaí ar theach an tsagairt paróiste. Bhí gairdíní fairsinge agus ullóird aige ansiúd. I ngach paróiste ina raibh sé bhíodh sé ag áitiú ar dhaoine crainn toraidh agus crainn den uile shórt, agus crainn mar bhriseadh foscaidh, a chur. Ar fud an tí aige bhíodh prócaí den tobac a d’fhásadh sé féin, ach ní raibh fonn ar a chairde é a chaitheamh. Bhí sé cairdiúil le Dom Sweetman OSB, sagart cáiliúil an tobac i nGuaire. Nuair a ghlac fórsaí armtha na Breataine seilbh ar an gCaisleán milleadh nó cailleadh cuid mhaith dá leabhair luachmhara. D’iarr sé cúiteamh sa chúirt. Agus é ag tagairt do leabhar díobh a síleadh a bhí ar son an Oráisteachais thuairimigh aturnae na coróineach nár chosúil go mbeadh a leithéid i leabharlann sagairt Chaitlicigh. Ach dúirt an breitheamh: ‘That merely shows that Fr Ó Ciaráin is catholic in his taste’. Deirtear nach raibh aon leabhar Gaeilge nach raibh léite aige ach nach raibh labhairt na teanga go líofa aige.

Bhí an méid seo in Derry Journal: ‘Throughout the Anglo-Irish war he was in close contact with the Republican leaders, was one of the links between the units in the North and saved from capture many a prominent Republican soldier on the run’.

D’éag sé 7 Bealtaine 1945 in ospidéal Bhéal Átha Seanaidh.

Milleadh taifid an pharóiste i ndóiteán fadó. Is cosúil gur ‘Kerans’ an leagan Béarla den sloinne a d’úsáideadh a mhuintir. B’as Co. Fhear Manach don mháthair.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú