Sa teach Prospect Lodge, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman, a rugadh é ar 2 Lúnasa 1882. Bhí a thuismitheoirí ina gcónaí ann ar feadh ceithre bliana. Francis Mary Pierce a ainmneacha baiste. Rinne seanathair Phiarais fortún san Astráil agus tháinig abhaile gur cheannaigh eastát Bhaile Eoghain i nDumha Aille in aice le Caiseal tuairim 1864. Phós Francis McCan, athair Phiarais, Jane Mary, deirfiúr le P. J. Power (1850–1913), ball parlaiminte ar son an Pháirtí Éireannaigh i bPort Láirge Thoir. Uncail do Phiaras mar sin an tAthair Mathew Power S.J. Bhí a sheanathair, Pierse Power, pósta ar Eliza Hayden sa Charraig Bheag ar dheartháireacha léi an tAthair Uilliam Ó hÉideáin, an tÍosánach a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, agus an tAthair Daniel Hayden S.J. (d’éag 1866). Bhí triúr deartháireacha ag Piaras agus ba é an dara duine ba shine sa chlann é. Bhí sé le teacht in oidhreacht Bhaile Eoghain, eastát a raibh 910 acra ann anuas go dtí an t-am ar tháinig forálacha Acht Wyndham i bhfeidhm agus gur díoladh beagnach a leath le tionóntaí. Ba le muintir Pennefather fadó é.

Deir a mhuintir gur máistir tí ó Shasana a bhí ag na buachaillí ar dtús agus gur cuireadh ar feadh dhá bhliain iad go dtí Coláiste Choill Chluana Gabhann. D’éirigh Piaras tinn i mBealtaine 1900 agus d’fhill abhaile.

Buachaill scafánta láidir ba ea é agus snámhaí maith. Shábháil sé buachaill ó Choill Chluana Gabhann i dTrá Mhór i bhFómhar 1899 agus fuair bonn cré-umha an Royal Humane Society. I 1908, moladh a iarracht ar fhear a shábháil in abha na Siúire. Ghlacadh sé páirt i rásaí capall agus i bhfiach an mhadra rua.

Chaith sé tamall i 1904 sa Fhrainc ag foghlaim na Fraincise agus tamall eile sa Danmhairg ag staidéar ar mhodhanna nua feirmeoireachta. Maidir lena spéis sa Ghaeilge, síltear gur thosaigh sé á foghlaim nuair a d’fhág sé Coill Chluana Gabhann. B’fhéidir tionchar a bheith ag a sheanuncail air agus deirtear gur tháinig sé faoi anáil an Athar Mathúin Ó Riain agus ina dhiaidhsean go raibh tionchar ag an bhFear Mór air. Bhí rang aigesean i nDumha Aille. Bhí Piaras ina rúnaí i 1915 ag Dáil Déise, an coiste gnó a thogh ionadaithe na gcraobh den Chonradh i dTiobraid Árann agus i bPort Láirge. Thugadh sé cuairt ar na ceantair Ghaeltachta i bPort Láirge, i gCiarraí, i nGaillimh agus i dTír Chonaill.

Bhí sé meáite ar Ghaeilgeoir a phósadh agus d’iarr sé lámh Josephine Ahearne, múinteoir i nDurlas. Faoi Mhárta 1919 bhí sé geallta léi. Phós sí James McNeill i 1923. Bheadh sé ina Gobharnóir Ginearálta ina dhiaidh sin. Bhí sí ina hambasadóir ag Éirinn sna hÍsealtíortha i ndiaidh bhás Mhic Néill.

Bhain Piaras le Sinn Féin ó thosach. Cheangail sé leis na hÓglaigh go luath i 1914 agus ceapadh é mar oifigeach i gceannas ar Óglaigh Thiobraid Árann , an chuid díobh a thug droim láimhe do pholasaí an Réamonnaigh. I rith an Éirí Amach chuir sé Éamonn Ó Duibhir go Luimneach agus Seán Ó Treasaigh go Corcaigh leis an teachtaireacht go dtosódh Briogáid Thiobraid Árann ag troid dá mbeadh Corcaigh agus Luimneach sásta an rud céanna a dhéanamh. Chaith sé tréimhse i bpríosúin Reading agus Frongoch i ndiaidh an Éirí Amach. (Nóta i gcatalóg Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 3 Samhain 1998: ‘Pierse MacCan papers recd. including “Three months in England’s prisons. Chapter 1: Arbour Hill”’.)

Toghadh é do Shinn Féin i dTiobraid Árann Thoir in olltoghchán 1918 le 7,487 vótaí in aghaidh 4,794 ag T.J. Condon, iarrthóir an Réamonnaigh. Bhí sé i bpríosún Ghloucester ag an am. In éineacht leis bhí Art Ó Gríofa, Deasún Mac Gearailt, Pádraig Ó Caoimh, Seán Mac an tSaoi agus fir eile. Bhí Piaras ag múineadh Gaeilge don Ghríofach ann. Ceal aeir an rud is mó a ghoilleadh ar na príosúnaigh. Bhí an áit an-mhífholláin. Tháinig an fliú mór an bhliain sin agus is dá dheasca a fuair Piaras bás ar 6 Márta 1919. Ligeadh na príosúnaigh pholaitiúla eile saor láithreach. Cuireadh sochraid mhór air agus labhair an tAthair Mathúin Ó Riain agus Cathal Brugha ag an uaigh.

In eagarfhocal in An Stoc dúradh: “An 17ú lá de Bhealtaine seo caitheadh tugadh ar siúl é mar is é a bhí ina threoraí agus ina chraobh chosanta do mhuintir a cheantair féin ar an-reacht Gall. Duine ar bith dá raibh in aithne air cheap sé nach raibh sé le fáil duine ba fholláine shláintiúla ná é, de fhear breá, lúth, láidir, ligthe, scaoilte. Ach bhí sé cuibhrithe istigh i bpríosún le naoi mí agus ghoill drochbheatha an phríosúin air agus bhí sé lag dá bharr nuair a bhuail an drochaicíd é ... Ba fear é a raibh gnaoi na ndaoine air in gach aon áit dár ghabh sé, go háirithe san áit is fearr a raibh aithne air – ina thír féin. Cé gur fear saibhir a bhí ann chaith sé a shaol ag iarraidh maith a dhéanamh ar dhaoine bochta agus ar lucht oibre a cheantair. ’Sé a chuir an páipéar seo AN STOC ar bun lena chuid airgid féin agus le hairgead a chruinnigh sé lena aghaidh, mar ba mhaith leis go mbeadh páipéar Gaeilge ag Gaeilgeoirí Chonnachta le léamh agus nach mbeidís i dtuilleamaí na bpáipéar gallda an-Chríostúla a thagann as Sasana. Is minic a thugadh sé cuairt ar Ghaillimh is ar Árainn mar is í Gaeilge Chonnachta ab fhearr leis labhairt. Sin é an fáth a bhfuil an páipéar seo faoi dhaolbhrat bróin inniu le hómós don fhear a chuir ar bun é”.

Scríobh Déaglán Ó Bric cuntas ar shaol Phiarais. Tá cuid a haon (1882–1916) i gcló in Tipperary Historical Society Journal (Irisleabhar Staire Thiobraid Árann) 1988. Níl sé ag réiteach go hiómlán maidir le pointí beaga i dtaobh a óige leis an gcuntas seo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú