Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 129
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Agus leacht á nochtadh aige i mBaile Átha Buí i nDeireadh Fómhair 1956 dúirt a chomharba i Maigh Nuad, an tAthair Donnchadh Ó Floinn [B3]: ‘Ba é an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh Eoin Baiste na nGael ag siúl roimh an Tiarna chun go dtabharfadh sé dá mhuintir eolas a slánaithe’ ··· Tar éis siléig na gcianta ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach is aige a bhí an post ba mhó sa tír a d’fhéadfadh, mar a mheas daoine, fónamh don teanga, ollúnacht na Gaeilge i Maigh Nuad. Tá eolas ina thaobh in Leabhar an Athar Eoghan: the O’Growney memorial volume, [1904] in eagar ag Agnes O’Farrelly [Úna Ní Fhaircheallaigh] [B1], in Eoghan Ó Gramhnaigh: beathaisnéis, 1968 le Seán Ó Ceallaigh, in aistí le Donnchadh Ó Floinn, Mairéad Ní Choinmhidhe agus Seán Ó Ceallaigh in Irisleabhar Mhaigh Nuad 1963, in uimhir speisialta de An Sagart in 1963, agus in aiste le Pádraig Ó Fiannachta in ‘Maigh Nuad agus an Ghaeilge’, Léachtaí Cholm Cille XXIII, 1993. I mBéal Átha Faithlinn, Baile Átha Buí, Co ··· I ndiaidh bunscolaíochta i mBaile Átha Buí chuaigh sé isteach i gcliarscoil Naomh Finnín san Uaimh mar scoláire lae sular thosaigh sé i Maigh Nuad 1 Meán Fómhair 1882. Cheana féin bhí spéis mhór aige sa Ghaeilge agus bhí sé ag iarraidh foclóir a chur le chéile ··· Luaitear fáthanna éagsúla leis an spéis seo: go bhfaca sé an teanga i gcló in Young Ireland; go bhfaca sé sean-Bhíobla Gaeilge sa chliarscoil in 1877—ach deir Mairéad Ní Chonmhidhe in Irisleabhar Mhaigh Nuad 1963 gurb é a bhí ann cóip d’eagrán 1822 de theagasc críostaí Uí Dhuinnshléibhe; gur bhuail sé lá le Johnny Gantly, cainteoir cumasach Gaeilge a bhí ina thraenálaí capall. Dhéanadh sé a dhícheall i Maigh Nuad caidreamh a dhéanamh le Gaeilgeoirí ar nós Sheáin Maolmhuire Uí Raghallaigh [B1] agus Risteaird de Hindeberg [B2] agus le leithéidí Peter Yorke [B2] agus Lorcáin Uí Chiaráin [q.v.] ··· Solus na Gaeilge an t-aon duais a ghnóthaigh sé le linn a théarma i Maigh Nuad
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. Aifreann i mBrosna Cló Iar-Chonnacht Eisithe ar Blaiseadh: Filíocht, scéalta agus béaloideas (1995). Ina ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad bhunaigh Pádraig Ó Fiannachta an teach foilsitheoireachta An Sagart, agus ina dhiaidh sin, mar shagart paróiste an Daingin, bhunaigh sé institiúid diagachta agus léinn dúchais, An Díseart ··· I mblianta deiridh a shaoil bhí stráicí fada de chuid Virgil agus Hóiméar ar eolas fós aige. Agus an tEaspag Seosamh Ó hUallacháin ó Bhaile an Reannaigh mar eiseamláir aige, ba é a mhian riamh bheith ina shagart agus in 1944 chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad ··· Bhí sé, mar a dúirt sé féin, ‘fiáin chun caide’, leis, ach nuair a fuair sé droch-chic sa cheann agus nár tugadh am saor dó bhain ‘drochchliseadh néarach’ dó a mhair cúig mhí agus ba é an toradh a bhí air ná nár lig na húdaráis dó leanacht ar aghaidh lena chúrsa i Maigh Nuad ··· Mar sin scríobhas mo chur síos féin ar an saol sin le cabhair mo thaithí saoil féin.’ Trí bliana a bhí sé sa Bhreatain Bheag nuair a bádh a dheartháireacha, agus ag an am seo aistríodh Pádraig go Y Drenewydd, áit ar mhúin sé mata, creideamh, tíreolaíocht agus Breatnais do leanaí scoile, idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh. Agus trí bliana eile caite sa Bhreatain Bheag aige, tharla an Fiannachtach ar oilithreacht go Lourdes agus gur casadh a sheanmhúinteoir an tAthair Ó Floinn air agus gur fhiafraigh sé de, ‘Dá n-iarrfaí ort teacht thar n-ais go Maigh Nuad anois ag múineadh, an dtiocfá?’ Rinne sé a mhachnamh air agus ar an mbealach abhaile dúirt sé go dtiocfadh ··· Ba shásamh dá intleacht aibidh, dá ghrá teasaí ar a oidhreacht chultúrtha agus dá chlaonta aeistéitiúla é plé le teanga agus saíocht na Gaeilge. Nuair ab éigean dó dul ar scor in 1992 bhí drogall air an coláiste a fhágáil ach, den dara huair ina shaol, diúltaíodh d’iarratas uaidh fanacht i Maigh Nuad
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Ó na 1950idí ar aghaidh bhí sé ar dhuine de mhórphearsana athbheochan na Gaeilge agus lena chois sin bhain mórthábhacht leis mar eaglaiseach, mar Uachtarán ar Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, mar scoláire Gaeilge agus staire, agus mar dhuine ceannasach i gCúige Uladh i rith thréimhse chorrach achrannach 1978-90 ··· Agus é ag dul le sagartacht i Maigh Nuad (1940-44), agus léann Ceilteach á dhéanamh aige don BA, bhí Donnchadh Ó Floinn [B3] mar Ollamh le Gaeilge aige agus tionchar mór aige air ··· Ceapadh é ina léachtóir staire i Maigh Nuad in 1953 agus ó 1959 go 1974 bhí sé ina Ollamh le Nua-Stair; ba é John Hume an mac léinn ba aitheanta aige, is dóigh. Ceapadh é ina rúnaí ar Chumann na Sagart in 1953 agus ina uachtarán in 1955 ··· .’. Ba é an cláraitheoir i Maigh Nuad é ó 1968 go dtí 1970 nuair a ceapadh é ina Leasuachtarán agus cúram na mac léinn tuata mar cheann dá dhualgais ··· Chuir Raidió na Gaeltachta agallamh air sa Róimh agus luaigh sé gach paróiste Gaeltachta in Éirinn sna beannachtaí a chuir sé abhaile. Meastar nach rómhaith a réitigh uachtar­ánacht Mhaigh Nuad leis, ach anois in Ard Mhacha bhí sé gafa idir thine an dá arm, é ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an dá thaobh, an IRA agus rialtas na Breataine agus Aontachtaithe Uladh
Tar éis bunscolaíochta chaith sé trí bliana i gColáiste Naomh Seosamh i mBéal Átha na Sluaighe roimh dhul go Maigh Nuad i 1910 ··· Agus déanann sé talamh slán de go raibh foghlaim na teanga mar chaitheamh aimsire aige a luaithe a shroich sé Maigh Nuad ··· Ar nós ar fud na tíre bhí spiorad breá Gaelach i Maigh Nuad agus bhí chuile dhuine ar a dhícheall ag foghlaim na Gaeilge ··· Na sagairt a bhí san aon bhliain leis i Maigh Nuad a thóg an leacht cuimhneacháin ag Cloch Scaoilte
Laudable and effective efforts have been made of late to restore the Irish to its antient degree on the scale of learned languages.’ Sa 3ú heagrán in 1848 dúradh: ‘In that year [1822] the Reverend Dr John MacEncroe, now the Venerable Dean of Sydney, published in Dublin the second edition of this Catechism which he had begun to prepare for the press while a student in Maynooth about three years before ··· O’Sullivan [Domhnall Ó Súilliobháin[q.v.]], also a student of Maynooth at that very time, brought out his Irish translation of the Imitation of Christ ··· The College of St Patrick encouraged both those publications engaging two hundred copies of one and three hundred copies of the other ··· Oirníodh i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, é in 1819
I Leabharlann an Ruiséalaigh, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad tá cóip de Irish-English Dictionary Uí Raghallaigh agus laistigh den chlúdach tá lipéad ar a bhfuil an téacs thíos clóbhuailte: ‘Beidh an Ghaedhilge faoi mheas fós i n-Éirinn i n’inis na righ/ This volume was presented to Mr Michael Hickey by members of the Irish Class, taught by him in St John’s College, Waterford, during the scholastic year 1881-´82’.’ In Irisleabhar na Gaedhilge 4 Feabhra 1883 tá véarsaí dá dhéantús (‘Fáilte d’Irisleabhar na Gaedhilge go Port Láirge’) faoin ainm cleite ‘Seamróg’. Chaith sé an tréimhse idir 1884 agus 1893 i misean na hAlban, ach bhí comhfhreagras rialta aige leis an Athair Eoghan Ó Gramhnaigh [q.v.] agus le daoine eile i ngluaiseacht na Gaeilge le linn dó a bheith ann ··· Ar achainí an easpaig bhí sé ag réiteach chun stair na deoise a scríobh agus bhí sé ag bailiú ábhair bhéaloidis le foilsiú in Irisleabhar na Gaedhilge. Ansin, i Meitheamh 1896, d’éirigh Ó Gramhnaigh as an ollúnacht i Maigh Nuad ··· ‘The pivot centre of Gaeldom’ a thug de Hindeberg ar Mhaigh Nuad in 1903 ··· Chuir Cuairteoirí an Choláiste tuarascáil isteach ina aghaidh agus dhíbir na hIontaobhaithe as a phost i Maigh Nuad é ag deireadh Iúil 1909
Is cosúil gur le Gaeilge a tógadh Seán. Chaith sé tamaill i gColáiste Iarlatha agus i gColáiste na Carraige Duibhe roimh dhul go Maigh Nuad in 1881 ··· I remember O’Growney was very keen after O’Reilly because of the excellence of his Gaelic’ (Leabhar an Athar Eoghan). Ní i Maigh Nuad ach i gCluain Life a oirníodh Seán in 1888 ··· Ní hí an chuid is lú spéis an díbliú a thug sé do Mhaigh Nuad agus na tagairtí do ‘fhir na nduaiseanna’ fiche bliain roimhe sin ··· Cibé rud a d’éirigh dó i Maigh Nuad fadó, is léir go raibh sé éirithe an-searbh faoi 1903. Ní raibh an misneach caillte aige go fóill
He told the brother who was his master that he did not know that there was a special language of our own until he began its study that year”, dar leis an Athair John Brady, staraí dheoise na Mí (Irish Ecclesiastical Record, Iúil 1941). Bhí sé tamall i gColáiste Fhinín sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad ··· In 1907–11 bhí sé ar dhuine den triúr a chuir eagar ar Seanmóirí Muighe Nuadhad, seanmóirí den 18ú haois, seanmóirí an Easpaig Uí Ghallchóir ina measc, atá i lámhscríbhinní i Maigh Nuad. Sa bhliain deiridh dó dhíbir na hIontaobhaithe an tAthair Micheál Ó hIceadha as a phost ollúnachta ··· Ní cheadófaí é a oirniú i Maigh Nuad agus b’éigean dó dul go dtí Coláiste na Naomh Uile mar ar oirníodh é i Meitheamh 1909 ··· Faoin am seo bhí sé ina léachtóir le Breatnais i Maigh Nuad agus ag an am céanna ina shagart cúnta i gCoill Chluana, Dun Búinne
Ó 1852 go 1855 bhíodh sé ag freastal ar scoileanna Charraig an Ime agus Mhaigh Chromtha; ó 1855 go 1859 bhí sé ag foghlaim i scoileanna Laidine i Maigh Chromtha agus i gCeann Toirc; chaith sé dhá bhliain ansin i gColáiste Cholmáin i Mainistir Fhear Maí sula ndeachaigh sé go Maigh Nuad in 1861 ··· Bhí sé i rang Gaeilge i Maigh Nuad (feic Doneraile, 1968, le Anthony Gaughan) agus bhuaigh sé an dara duais sa Ghaeilge sa bhliain deiridh ··· Is ródhócha gurbh i Maigh Nuad a fuair sé an scil sin. Bhí sé ina shagart cúnta sna paróistí seo: Cill Sheanaigh (1867–8); Cill Uird (1868–72); Ráth Chormaic (1872–78); Maigh Chromtha (1878–80); An Ráth (1880–82); Cill Uird (1882–4) – tamall den tréimhse ag feidhmiú mar shagart paróiste; Dún ar Aill (1884–91) ··· Ar 24 Bealtaine 1970 eagraíodh siompóisiam i Maigh Nuad in ómós dó agus labhair Tomás Ó Floinn, Seán Ó Ríordáin agus an tAthair Tadhg Ó Murchú
a ghnóthú in 1895, chuaigh sé go Maigh Nuad ··· Bhí sé ina ollamh i gColáiste Chomhghaill i mBéal Feirste ar feadh tamaill freisin. Thug an rialtas cuireadh dó i 1908 bheith ina bhall de sheanad Ollscoil nua na Ríona ach ar chomhairle an Chairdinéil Uí Lúóg dhiúltaigh sé glacadh leis. Ceapadh ina Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad é ar 12 Deireadh Fómhair 1909 mar chomharba ar an Dr Micheál Ó hIceadha agus rinne sé staidéar ar an tSean-Ghaeilge faoi Thurneysen in Freiburg ··· Bhí sé i gceist aige dochtúireacht a bhaint amach ach tháinig tuirse rómhór air de dheasca na tromoibre i Maigh Nuad – bhíodh sé ag múineadh na Laidne chomh maith leis an nGaeilge agus ina dhiaidh sin bhí an Bhreatnais mar ábhar aige – agus níor éirigh leis an aidhm sin a bhaint amach
Tar éis bliana i gColáiste Naomh Eoin i gcathair Phort Láirge, chuaigh sé isteach i Maigh Nuad in 1890 agus oirníodh ann é in 1895 ··· Ghnóthaigh sé céim MA in Ollscoil Oxford, Sasana freisin le hardonóracha in 1897, an bhliain ar ceapadh é ina ollamh le léann clasaiceach i Maigh Nuad ··· Ó 1905 go 1922 bhí sé ina Ollamh le Gréigis i Maigh Nuad agus ina Leas-Uachtarán ann ó 1919 go 1922 nuair a ceapadh é ina ardeaspag cúnta ar Sydney agus ina ardeaspag teidealach ar Germia
D’fhoghlaim sé Laidin i Scoil Phádraig Standún i gCaisleán an Bharraigh roimh dhul dó go Maigh Nuad in 1807 ··· Oirníodh é um Meitheamh 1814 agus an bhliain chéanna sin ceapadh é ina léachtóir le diagacht i Maigh Nuad ··· In Leon an Iarthair: aistí ar Sheán Mac Héil..., 1983, in eagar ag Áine Ní Cheanainn, níl an tAthair Edward MacHale ag aontú leis sin agus tagraíonn do lámhscríbhinn Mhic Héil i Maigh Nuad ina bhfuil dáta timpeall 1820 lena aistriúcháin
Chuaigh sé go Maigh Nuad in 1893 ··· Bhí sé imithe ón gcoláiste ar feadh tamaill agus é ar intinn aige bheith ina Íosanach ach oirníodh i Maigh Nuad é mar shagart de chuid Chluain Fearta ar 23 Meitheamh 1895 ··· Cé go ndeirtear go raibh Eoghan Ó Gramhnaigh [B4] mar mhúinteoir Gaeilge aige i Maigh Nuad is é a deir John F
Chuaigh sé isteach i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha, roimh dhul go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, dó in 1901 ··· Bhí baint aige le cúrsaí na Gaeilge agus an náisiúnachais sa Choláiste. ls fear eile de bhunaitheoirí Chumann Seandálaíochta Co ··· B'éigean dó Maigh Nuad a fhágáil agus is le bheith ina shagart i ndeoise Naomh Pól, Minnesota
Bhí sé i gcliarscoil shóisearach Fhearann Phiarais ó 1899 amach agus ar feadh seacht mbliana i Maigh Nuad, mar ar oirníodh é ar 20 Meitheamh 1909 ··· Ba bhall é de Chuallacht Cholm Cille sa Choláiste. Thug sé a chéad chuairt ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh i 1910 agus d’éirigh cairdiúil le Dónall Ó Corcora agus Osborn Ó hAimhirgín ··· Ba chuid dár fhoghlaim sé ón Ollamh Mac Cardie Flint i Maigh Nuad an urlabhraíocht agus Shakespeare araon. Cé go raibh sé i gceannas ar Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh bliain chorraitheach amháin le linn Chogadh na Saoirse, níorbh fhear eagraíochta é
Mhuineacháin, ar Choláiste Mhic Carthainn, a chaith sé an bhliain dheireanach den mheánscolaíocht sular imigh sé go Maigh Nuad le bheith ina shagart ··· Ar a chairde i Maigh Nuad, bhí Pádraig Ó Fiannachta agus blianta ina dhiaidh sin in 1980, d’fhoilsigh an bheirt acu cnuasach filíochta, Spaisteoireacht, i gcomhar le chéile ··· Bhí cléireach eile, Tomás Ó Fiaich, mar léachtóir aige i Maigh Nuad agus d’éirigh an bheirt an-mhór le chéile – cairdeas fada buan a mhair ar feadh blianta ina dhiaidh sin
Bliain ina dhiaidh sin, d’aistrigh sé chuig Coláiste Mhic Carthainn, gar do bhaile Mhuineacháin, áit ar fhan sé mar scoláire cónaithe idir 1903 agus 1907 agus ansin chuaigh sé ar aghaidh chuig Coláiste Phádraig, Maigh Nuad le bheith ina shagart. Chruthaigh sé ardacmhainn léinn sa diagacht, sa stair agus sa Ghaeilge i Maigh Nuad ··· Chothaigh Coláiste Phádraig an dúil a bhí aige sa teanga ach b’fhada roimhe sin ó céadlasadh a ghrá don Ghaeilge
Bhí sé i ndán dó a chuid léinn a fháil faoi choimirce Naomh Pádraig: d’fhreastail sé ar bhunscoil Naomh Pádraig ar an Lúb (1947–1953), Coláiste Phádraig, Ard Mhacha (1953–1960), agus Coláiste Phádraig, Maigh Nuad (1960–1963) ··· Chuaigh an cur chuige nua critice a raibh Breandán Ó Doibhlin ina cheannródaí air i Maigh Nuad i seascaidí an chéid seo caite i bhfeidhm go mór air
Tar éis meánscolaíochta i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha, chuaigh sé go Maigh Nuad ··· in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 30 Eanáir 1954, dúirt sé gur thosaigh sé ag cur spéise sa teanga le linn dó a bheith i Maigh Nuad agus go gcaitheadh sé mí gach samhradh i nGaeltacht Thír Chonaill
Cuireadh oideachas air i gColáiste Chiaráin agus oirníodh é i Maigh Nuad in 1860 ··· Tá a lámhscríbhinní i Leabharlann Choláiste Phádraig, Maigh Nuad.
Deir Corish gur i Maigh Nuad a lean sé lena staidéar agus deirtear in Ríocht na Midhe, 1971 gurbh i Maigh Nuad a oirníodh é in 1803 ··· Ceapadh é ina mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, in 1801 agus trí bliana ina dhiaidh sin, ar 20 Iúil 1804, ceapadh é ina ollamh
Níl d’eolas ar chúrsaí a shaoil ach gur cheardaí in Inis Díomáin é, gur thosaigh sé ar obair an scríobhaí in 1810 agus gur lean air go 1853, i measc a chairde go raibh Séamus Mac Cruitín[q.v.] agus Micheál Ó hAnnracháin[q.v.], go bhfuair sé bás go timpisteach de dheasca nimhe, agus go bhfuil a maireann dá dhéantús, 13 lámhscríbhinn, i Maigh Nuad agus in Acadamh Ríoga na hÉireann ··· Molann an bheirt údar go háirithe an lámhscríbhinn Renehan 69 i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, a scríobh sé d’fhear in Inis Díomáin, Micheál Ó Maoldomhnaigh
Oirníodh é i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, do dheoise an Dúin agus Coinnire in 1947 ··· An Dúin. D’fhoghlaim sé Gaeilge le linn dó a bheith i Maigh Nuad agus chuir slacht i dTír Chonaill ar a raibh foghlamtha aige; cara mór leis ba ea Micí Sheáin Néill Ó Baoill [B4]
Bhí sé i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, ó 1819 amach ··· Russell of Maynooth College may select, so however that the manuscripts and books as selected by him shall not together with the said O’Renehan M.S.S
Tar éis bunoideachais i Lios Eiltín chaith sé tamaill i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, agus i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne, roimh dhul go Maigh Nuad dó mar ar oirníodh é i 1946; i Maigh Nuad chuir sé suim ar leith i stair na heaglaise agus i léann na Gaeilge agus bhain BA amach sa léann Ceilteach
Bhí sé i gColáiste Naomh Mac Cáirthinn i mbaile Mhuineacháin sula ndeachaigh go Maigh Nuad mar ar oirníodh é in 1889 ··· Faightear tuairim i dtaobh a chumais chun scríbhneoireachta go hóg ina shaol san aiste bhríomhar ‘A walk to Wolfe Tone’s Grave’ a scríobh sé le linn dó bheith i Maigh Nuad
Bhí sé ar scoil ag na hÍosánaigh i nGaillimh agus i Mungairit sula ndeachaigh sé go Maigh Nuad ··· Ar éigean aon bhliain i Maigh Nuad dó nár bhuaigh sé duaiseanna sa Ghaeilge agus in urlabhraíocht an Bhéarla
Thosaigh sé i gColáiste Chnoc an tSamhraidh in 1890 agus chuaigh go Maigh Nuad in 1894 ··· Oirníodh in Ardeaglais Shligigh é i 1900 toisc é bheith beagáinín ró-óg le hoirniú i Maigh Nuad
Arís bhí Gaeilge acu go léir; bhí an teanga go láidir sa cheantar go fóill. Bhí baint ag Pádhraic le Cuallacht Cholmcille le linn dó a beith i Maigh Nuad ··· Oirníodh é i Maigh Nuad i 1908
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí sé ina chomharba ag Pól Ó Briain[q.v.] i gcathaoir na Gaeilge i Maigh Nuad ··· Chuaigh sé go Maigh Nuad in 1816 agus oirníodh do dheoise Thuama é
‘An cara is dlúithe a bhí aige i gcaitheamh a shaoil’ an tagairt atá ag Diarmaid Ó Doibhlin dó in ‘Tomás Ó Fiaich—saol agus saothar i Maigh Nuad’ (Maigh Nuad: Saothrú na Gaeilge 1795–1995, 1995 in eagar ag Etaín Ó Síocháin) ··· Chaith sé seal ag teagasc na fealsúnachta trí Ghaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus ceapadh é ina ollamh le loighic agus le heitic i Maigh Nuad
Tar éis dó tamall a chaitheamh i scoil Laidine ar an mbaile sin chuaigh sé isteach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, in 1828 agus oirníodh ina shagart é ar 24 Bealtaine 1834 ··· Ar feadh tamaill bhí tuairisc bhréagach a thug uachtarán Choláiste Phádraig, an Dr Laurence Renehan[q.v.], air ina chiotaí air agus é ag lorg oibre
Oileadh don sagartacht é i gColáiste Chiaráin, Cill Chainnigh, agus i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, mar ar oirníodh é ··· Ceapadh é in 1841 ina ollamh le Béarla agus Fraincis i Maigh Nuad agus ó 1857 amach bhí sé ina ollamh le Stair Eaglasta
Tar éis bunscolaíochta bhí Aindrias i gColáiste Cholmáin sula ndeachaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad ··· Bhí aighneas na hollscoile nua faoi lánseol ag an am agus dúirt eagarfhocal in An Claidheamh Soluis 3 Iúil 1909 go raibh údaráis Mhaigh Nuad agus na heaspaig ag agairt a ndíoltais ar shagairt óga thírghrácha
Mhúscail sé spéis an Duinnínigh sa teanga nuair a d’iarr sé cabhair air agus é ar chuairteanna minice ar an leabharlann i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, chun staidéar a dhéanamh ar na lámhscríbhinní ann ··· Is inspéise gur chum sé amhrán molta i dtaobh Uí Mhainchín, uachtarán Mhaigh Nuad, ‘Mannix mo mhíle stór’, i bhfad i ndiaidh na conspóide sin. Sa tsraith Classics of Irish History d'fhoilsigh Preas Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath an leabhar seo leis an Duinníneach, The Queen of the Hearth, 2013, é in eagar le mórchuid nótaí ag an ollamh Meiriceánach Philip O'Leary
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Toisc é a bheith sa phost ar feadh 22 bliana agus toisc cion ar leith a bheith ag na mic léinn air ba mhó, b’fhéidir, ná aon ollamh Gaeilge dá raibh i Maigh Nuad roimhe a chuaigh sé i gcion ar ghlún iomlán d’ábhair sagart ann ··· Le linn an achair sin freisin bhí sé ina scrúdaitheoir teagaisc Chríostaí. Ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad mar chomharba ar an Athair Gearóid Ó Nualláin [B2]
Tá tuairim ann gur bhain sé teideal an domhain i Meiriceá uair agus é ar a laethanta saoire ó Mhaigh Nuad ··· I Maigh Nuad thugtaí “Jones’s Court” ar an bpinniúr ansiúd le barr measa air. Oirníodh ina shagart é in 1896
Ó 1887 go dtí 1889 bhí sé ag freastal ar mheánscoil Chnoc Mhellerí agus ar Choláiste Naomh Eoin i bPort Láirge as sin go dtí 1891. In aiste in Feasta, Márta 1964 tá an sliocht seo as litir a chuir sé chuig Muiris Ó Droighneáin: “I Meán Fómhair 1891 chuaigh mé go Maigh Nuad mar ar chaith mé cúig bliana nach mór ··· Cé go raibh an Ghaeilge ó m’óige agam níor cuireadh romham ina hábhar léinn í, ná níor tugadh aon chaoi dhom a léamh a fhoghlaim go ndeachaigh mé go Maigh Nuad, ach as sin amach ba í an Ghaeilge ba ansa liom ar na hábhair uile
Scoil neamhspleách de chuid Sheáin Mhic Héil a bhí i mBaile an Mhuilinn. Chuaigh sé ar ball go dtí Coláiste Iarlatha i dTuaim agus chuaigh isteach i Maigh Nuad ar 3 Meán Fómhair 1892 ··· Mar is léir ó aiste a scríobh sé in Ar Aghaidh, Márta 1931, tháinig sé go mór faoi thionchar Eoghain Uí Ghramhnaigh i Maigh Nuad. Bhí sé ag obair i gCliara, An Spidéal, Cloch na Rón, Cill Fhear Odhráin, Achadh Ghobhair, Na Caológa...
I ndiaidh tamaill i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne chuaigh sé go Maigh Nuad ··· Deirtear nár thosaigh sé ar an nGaeilge a fhoghlaim go dtí gur fhág sé Maigh Nuad ach chomh luath le 1898 bhí cuid dá dhéantús Gaeilge i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge
Bhí de thoradh ar ar fhoghlaim sé den Ghaeilge an tráth úd go measadh daoine go raibh iarracht de Ghaeilge Thír Chonaill le brath ar a chanúint. In 1897 chuaigh sé go Maigh Nuad
D’éirigh sé an-searbh le Maigh Nuad nuair nach raibh toradh á thabhairt ar a éilimh
Bhíodh comhfhreagras acu le chéile sna blianta 1896–9 agus is léir gur chabhraigh an tAthair Maurus lena chomhfhreagraí chun ollúnacht na Gaeilge i Maigh Nuad a fháil
Ghnóthaigh sé céim sa léann Ceilteach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Chuaigh sé isteach i gColáiste Iarlatha in 1846 agus go Maigh Nuad in 1849
Ó 1908 bhí sé i gColáiste Fhlannáin agus ó 1911 i Maigh Nuad mar ar oirníodh ina shagart é in 1917
I Meán Fómhair 1895 chuaigh sé go dtí Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, ach níor chaith sé ann ach an dá bhliain. Fuair sé a chéad phost i Scoil na mBráithre ar Ché Uí Shúilleabháin, Corcaigh, ag múineadh Laidne agus Fraincise ar chúig scilling déag sa tseachtain
Cuireadh é ar feadh cúpla bliain ag staidéar san Ollscoil Chaitliceach i mBaile Átha Cliath, áit ar éirigh sé cairdiúil le Seán Diolún. Chuaigh sé isteach i Maigh Nuad in 1875 agus tar éis staidéir ceithre bliana rinne sé an tArdchúrsa i dTeach Dhún Búinne
‘Are they playing God save the King?’, he once asked, to which came the reply ‘What kind of an Irishman are you – they’re playing St Patrick’s Day!” Ba é an tAthair Gearóid Ó Nualláin, Ollamh na Gaeilge i Maigh Nuad, a tháinig i gcomharbacht air i gColáiste na Mumhan agus dúirt sé an méid seo ina thaobh: “Fear fé leith riamh ab ea an Dochtúir Ó Dálaigh ..
Bhí Annraoi sa láthair agus ceapadh é mar Ollamh Gaeilge ag an bhForas. Sna blianta a lean sin bhíodh sé ag craoladh ar raidió RTÉ, rinneadh clár Féach faoi, thug sé léacht ar Fhíníní Chill Bheathach in Óstán Wynn i mBaile Átha Cliath agus i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, i mí an Mhárta 1969
Bhí Gaeilge aige ón gcliabhán. Chaith sé tamall i gColáiste Naomh Eoin i bPort Láirge roimh dhul go Maigh Nuad (1886–1892)
Ó 1943 go 1957 bhí sé ag múineadh Breatnaise agus Sean-Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Bhí cónaí air i ‘Glenstal’, Carraig an tSionnaigh, Co
a bhíodh ar a dtóir’. I gColáiste Bhréanainn, Cill Airne, agus i Maigh Nuad bhí cáil an cheoil agus na lúthchleasaíochta air
Ach chosain an tEaspag Ó Duibhir iad, rud a chabhraigh le hathrú meoin a theacht ar an bpobal i dtaobh an Éirí Amach. Um Meitheamh 1916 bunaíodh Cumann na Sagart i Maigh Nuad agus toghadh an tAthair de Bhál ina uachtarán air
Chuir an chéad Chogadh Domhanda deireadh lena chúrsa staidéir sa Ghearmáin agus toghadh é ina Ollamh le Matamaitic i Maigh Nuad an bhliain sin, post a bhí aige gur toghadh ina uachtarán ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe é in Aibreán 1945. Scríobh a dheartháir Muiris: ‘He was an ardent student of his country’s history and language....His four years’ absence in foreign lands had strengthened his conviction that Ireland was on the road to a complete loss of nationhood unless she made a heroic effort to smash the chains that bound her in bondage’ (The Big Sycamore)
I ndiaidh tamall a chaitheamh i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, chuaigh sé isteach san Ord Uinseannach i gCaisleán Cnucha in 1871 agus bhí ag múineadh ann sular oirníodh é 1874 nó 1875
Oirníodh ina shagart i Maigh Nuad é 1914
Chaith sé tamall ina ollamh sa choláiste sin sula ndeachaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, mar ollamh le Béarla
Bhí Maitiú i gCliarscoil Naomh Macartain, Muineachán, sula ndeachaigh sé go Maigh Nuad
Bhí air teacht abhaile in 1894 agus arís in 1896, agus chuaigh sé isteach i Maigh Nuad i bhfómhar 1896
Ba bhall é Edward den choiste a bhí ag troid in aghaidh deontas stáit bheith ag Coláiste Phádraig, Maigh Nuad
In 1893 ceapadh é ina ollamh le fiscolaíocht i Sráid Cecilia, agus thugadh sé leachtaí ar an ábhar céanna sin i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Níl an Droichead Nua ach ceithre mhíle go leith ón gCreagán. Bhí sé i gColáiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach sular oirníodh é i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, 1900
Ainmníodh é do chathaoir na hEabhraise agus na Scríbhinní Diaga i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Tuairimíonn Ó hÓgáin gurbh fhéidir go raibh de thoradh ar a litir gur thosaigh an tAthair Martin Loftus[q.v.] ag aistriú an Tiomna Nua i Maigh Nuad.
I Luimneach a rugadh é agus is do dheoise Luimnigh a oirníodh é i Maigh Nuad
Cé go raibh 200 ar rolla an ranga aige ansiúd ghlac sé freisin le hobair mar chúntóir ag Micheál Ó hIceadha[B1] i Maigh Nuad (idem 20 Deireadh Fómhair 1906)
Ó Dheireadh Fómhair 1954 bhí sé ina léachtóir Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Oirníodh i Maigh Nuad 1919
Cuireadh oideachas air i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne, agus i Maigh Nuad
Chuir leagan Gaeilge de theagasc críostaí Mhaigh Nuad ar fáil
Oirníodh i Maigh Nuad 1938
Faoi 1756 bhí sé i gceantar Choill Mhic Thomáisín; tá fianaise air sin ina chóip de ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’ atá i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Tagraítear go minic don leabhar a scríobh sé d’ógbhean in Áth na Cise le linn dó a bheith tinn i 1769; tá sé i Leabharlann Ollscoil na hÉireann (Maigh Nuad). Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.
D’éirigh leis mórán duaiseanna a bhaint i Maigh Nuad agus roghnaíodh é chun leanúint den staidéar in Institiúid Dhún Búinne
Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é, is ródhóigh, ach seachas cúpla bliain a chaitheamh i Maigh Nuad mar ábhar sagairt ó Dheoise Chluana, nuair a bhí James Tully[q.v.] bocht i gceannas na Gaeilge ann, níl fianaise gur cuireadh aon oiliúint scolártha air
Théadh gach aicme creidimh go dtí an scoil mhór lae agus cónaitheach a bhí aige i nDún Dealgan; dalta díobh ba ea Nicholas Joseph Callan (1799–1864), an t-eolaí mór a bhí ina ollamh i Maigh Nuad
Tar éis tamaill i Maigh Nuad oirníodh é in Eaglais Naomh Treasa i Sráid Clarendon, Baile Átha Cliath, in 1851
Bhí seirbhíseach sa teach agus bhí Gaeilge ag gach duine. Bhí sé i gColáiste Chnoc an tSamhraidh roimh dhul go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad , dó
I ndiaidh bunoideachais bhí sé sa chliarscoil deoiseach i Leitir Ceanainn agus go dtí 1869 bhí sé i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Ó 1910 bhí sé ag léachtóireacht ar an tSeandálaíocht Cheilteach i gColáiste Naomh Pádraig, Maigh Nuad
Tar éis oideachais i gColáiste Bharra i bhFearann Phiarais bhí sé i Maigh Nuad
Chaith Éamonn an tréimhse 1925–9 i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha, agus ó 1929 go 1936 bhí sé i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Le naoi mbliana a bhí an lánúin pósta. Oirníodh i Maigh Nuad é i 1926
Le linn dó a bheith i Maigh Nuad bhí sé ar dhuine den triúr comhalta de Chuallacht Cholm Cille a sholáthair Gadaí géar na geamhoíche i 1915
Deir Muiris Ó Droighneáin[B2] in Taighde i gcomhair stair litridheachta na nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas (1936): ‘Chaith sé a théarma i Maigh Nuad ag obair go dícheallach ar son na teangan
Is cosúil go bhfuair ceathrar díobh bás ina naíonáin. I Maigh Nuad bhí Pádraig ina bhall de Chuallacht Cholm Cille
I gColáiste na nGael i bPáras a bhí sé féin agus a dheartháir Eoghan toisc nár theastaigh uathu mionn dílseachta a ghlacadh i Maigh Nuad
Bhí ar a laghad beirt deartháireacha aige, ar shagart duine díobh agus oifigeach Chustaim agus Máil an fear eile, agus triúr deirfiúracha. Fuair sé oideachas i gColáiste Maolmhaodhóig i mBéal Feirste agus oirníodh é i Maigh Nuad ar 11 Meitheamh 1905
Bhí sé i Maigh Nuad ó 1870 amach agus tá de Bhaldraithe sásta gur oirníodh é in 1873 agus tugann mar údar leis an tréimhse ghairid oiliúna sin go raibh sagairt an-ghann ag an am sin
Bhí sé 21 bliain d’aois nuair a rinneadh daonáireamh na bliana 1901, é i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Deirtear go raibh baint aige le bunú Chuallacht Cholm Cille i Maigh Nuad
Bhí sé ina léachtóir le Moch-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge agus Breatnais i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, in 1940-42
Ní bhíodh d’uain againn araon chun na hoibre a dhéanamh ach cibé lá saoire nó téarma saoire a d’fhaighinnse ó mo dhualgas ollúna i Maigh Nuad, agus ise ó na dualgais aíochta agus tís a bhíodh uirthi mar chéile an Phríomhbhreithimh
for the first time the Regius Professors of Divinity and Hebrew in Dublin may be seen acting together with the President of Maynooth ...’
Ó hIceadha in Leabhar an Athar Eoghan, 1904 in eagar ag Úna Ní Fhaircheallaigh; ní i Maigh Nuad a bhí sé féin ach bhí labhartha aige le sagairt a chaith tamall i rang Uí Mhaoltuile. I ndeireadh a thréimhse níor fhéad an fear bocht aon obair a dhéanamh bhí sé chomh lag sin agus is ar ábhar sagairt éigin a chuirtí cúram na teanga
Oirníodh é i Maigh Nuad 1937 agus chaith sé blianta an chogaidh i Londain agus in Brighton, é ag friotháilt ar imircigh as Éirinn i rith Chogadh 1939-45
Bhí post sealadach aige ag múineadh Sean- agus Meán-Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Chuaigh sé le leabharlannaíocht nuair a iarradh air i 1937 leabharlann Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, a athchóiriú agus a chlárú
Ba bhall é den Record Tower Society in 1819 agus bhí sé ag cuimhneamh ar chur isteach ar ollúnacht na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, más fíor
Is le linn dó a bheith i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, a d’aistrigh sé Imitatio Christi Thomas a’ Kempis go Gaeilge (Searc-leanmhain Chriost
Tá i músaem Choláiste Phádraig, Maigh Nuad, éidí Aifrinn arbh fhéidir gur leis an gCéitinneach iad. Is minic a tugadh ‘Herodotus na hÉireann’ air
Tá lámhscríbhinní dá dhéantus in Acadamh Ríoga na hÉireann, Leabharlann na Breataine, Maigh Nuad, an Bodleian in Oxford..
Ó 1943 go 1946 bhí sé ina Ollamh le Dlí Canónta i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, agus chaitheadh lá sa tseachtain ann (fonóta ag Baumgarten le halt Uí Mhurchú)
I gContae Phort Láirge a rugadh é, i bparóiste Mhaothla, b’fhéidir, agus is dóigh gur chainteoir dúchais Gaeilge é; is é a deir Nilsen: ‘Tá fianaise againn go mba chainteoir maith Gaeilge a bhí ann.’ Chaith sé tamall i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
An costas a bhainfeadh le Maigh Nuad agus, is dóigh, malairt aigne a chuir as a cheann é
Tá a bhailiúchán lámhscríbhinní, tuairim 120 imleabhar (Irish Book Lover, Meitheamh 1912) díobh, i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, iad liostaithe ag Pádraig Ó Fiannachta in Lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Phádraig Má Nuad: ClárFascúl VIII, 1973
Chuaigh sé go Maigh Nuad in 1829
Chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, an bhliain chéanna
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Duine de bhunaitheoirí Chuallacht Cholmcille i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, agus fear gaoil le Breandán agus Ciarán Ó Doibhlin
As sin chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad
Tar éis dhá bhliain ann chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, agus fuair céim le honóracha sa Léann Ceilteach i rith na tréimhse aige ann
Tá a phortráidí de Phríomháithe na hÉireann, D’Alton agus Conway, i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Chaith sé cúig bliana i Maigh Nuad, mar ar oirníodh é, agus cúig bliana mar ollamh le diagacht i gcoláiste Chumann na Misean chuig na hAfracaigh (SMA) i gCorcaigh
Bhí sé bliain ag gníomhú mar ollamh le Stair Eaglasta i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Bhain sé céim sa Ghaeilge amach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, agus oirníodh é i 1940
In Éigse XXVIII, 1993 deir Pádraig Ó Fiannachta: ‘Bhí an-spéis aici san obair a bhí á dhéanamh agam féin ar lámhscríbhinní Mhaigh Nuad ag an am
Bhí an cumas agus an mianach a bhí ann aitheanta le fada an lá ach go dtí gur thairg an tOllamh Pádraig Ó Fiannachta post i Maigh Nuad dó i 1984, rinne gach grúpa faillí ann.’ Is é a deir Seán Ó Tuama (Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995): ‘Diarmaid Ó Súilleabháin was the most dedicated writer of novels in recent times
Le bunmhúinteoireacht freisin a chuaigh a dheirfiúr agus a thriúr deartháireacha; fuair deartháir eile bás den fhliú mór agus é ag dul le sagartacht i Maigh Nuad. I scoil aon mhúinteora i Sliabh Rua, Co
Chaith sé cúig bliana i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad
Ar aon nós, choinnigh cuid den dream óg greim ar an teanga de bharr a ndáimh le seantuismitheoirí nach raibh Béarla acu. Chuaigh Peadar go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, sa bhliain 1895 ach d’fhág sé é sa bhliain 1897
Chaith sé dhá bhliain i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, mar a raibh Pádraig Ó Fiannachta agus Tomás Ó Fiaich ar na léachtóirí a bhí aige, sa tSean-Ghaeilge agus sa stair
Buille coscrach ba ea an binse fiosrúcháin agus rith sé le Muiris ina dhiaidh freastal ar Óstaí an Rí le cáiliú mar abhcóide ach ina ionad sin lean sé mian a chroí nuair a chuaigh sé go Maigh Nuad chun cúrsa i litríocht na Gaeilge a dhéanamh faoi Phádraig Ó Fiannachta. In 1973, tháinig cor nua i gconair ghairme Mhuiris nuair a d’iarr Conor Cruise O’Brien, Aire Post agus Teileagraf chomhrialtas nua Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, ar Mhuiris a bheith ina cheannasaí ar Sheirbhís Faisnéise an Rialtais
Tá na lámhscríbhinní a rinne sé san Acadamh Ríoga, i Leabharlann na Breataine, sa Leabharlann Náisiúnta, i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus i Maigh Nuad
Luke ab ainm dá athair agus feirmeoir ba ea é. Tar éis meánoideachais i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha, chuaigh sé go Maigh Nuad agus oirníodh ann é i 1902
Bhain sé céim amach sa léann Ceilteach i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, mar a raibh tionchar láidir ag Donnchadh Ó Floinn(q.v.) air
Tá sé go hiontach siúl isteach chuig na mic léinn agus a rá leo, “Bhuel, bhí aithne agam ar na daoine seo ar fad”. Is mar léachtóir páirtaimseartha sa Nua-Ghaeilge a thosaigh sí i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, in 1981, ach in 1983 d’aistrigh sí go Roinn na Sean-Ghaeilge mar ar shaothraigh sí go lánaimseartha ag cur oiliúint ar mhic léinn i litríocht ársa na Gaeilge ar feadh breis is tríocha bliain
D’fhág sé cnuasach tábhachtach seanmóirí Gaeilge ina dhiaidh, mar atá, an lámhscríbhinn MF4 atá ar coimeád anois i Leabharlann an Ruiséalaigh i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Is léir ó fhianaise MF4 agus ón obair a rinne sé maidir le daoine a chlárú sa scaball gach bliain gur shagart díograiseach dícheallach é John Heely a raibh leas a phobail go mór ar a umhail
Lean an faobhar foghlama de ar an ollscoil agus bhain sé dhá bhunchéim amach: BA Onóracha sa Laidin agus sa Ghréigis in Ollscoil na Banríona sa bhliain 1946, agus ansin BA Onóracha san Fhealsúnacht agus sa Diagacht i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad in 1950