Cainteoir dúchais Gaeilge ó Cho. Luimnigh ba ea a seanathair Richard Sheehy (c.1812–1899) agus d’insíodh sé dá gharchlann faoin gcaoi a mbuailtí buille den slat air in aghaidh gach focal Gaeilge a labhraíodh sé ar scoil (Leah Levinson and Jerry H. Natterstad, Hanna Sheehy-Skeffington, Irish feminist, 1986). Bhí cumann Gaeilge aige i Luachma in aice an Teampaill Mhóir i gCo. Thiobraid Árann tuairim 1880 agus chuaigh sé i gcion go mór ar Liam P. Ó Riain nuair a thug sé leabhar Sheáin Uí Dhálaigh, Féin-teagasc na Gaedhilge, dó mar chúnamh chun scríobh na teanga a fhoghlaim.

Is mar gheall ar ghnó na clainne i Luachma a rugadh Caitlín ann ar 29 Aibreán 1886. Baisteadh í (Katherine Mary Joseph) in eaglais pharóiste Luachma 1 Bealtaine. Ba iad a sheas di an lá sin Daniel McCoy, deartháir a máthar Elizabeth, agus, thar ceann a haintín Kate Bean de Barra, a deirfiúr Hannah. Ba leis an aintín sin Óstán de Barra, Sráid Mhór na Danmhairge, Baile Átha Cliath.

Bhí a hathair David ag dul le sagartacht ar dtús. I gColáiste na nGael i bPáras a bhí sé féin agus a dheartháir Eoghan toisc nár theastaigh uathu mionn dílseachta a ghlacadh i Maigh Nuad. Cuireadh abhaile é nuair a bhí an calar forleata i bPáras in 1866. Chaith sé tamall i bpríosún i ndiaidh Éirí Amach 1867. Chuaigh sé le muilleoireacht ansin, i gCill Mocheallóg ar dtús, i gCeann Toirc ansin, agus i Luachma ar deireadh, tuairim 1878. Tháinig a athair Richard chun cónaithe leis ansiúd. Duine de na sagairt a thuill clú mar gheall ar a n-obair ar son Chonradh na Talún ba ea deartháir David, an tAthair Eoghan Ó Síthigh, sagart paróiste Bhrú na nDéise, fear a chuaigh i gcion go mór ar Éamonn de Valera nuair a bhí seisean ag fás suas san áit sin. B’as Baile Dhá Thuile, Co. Luimnigh, do mháthair Chaitlín. Ba í Caitlín an duine ab óige de sheisear: Hanna (a phósfadh Francis Sheehy-Skeffington), Richard, Margaret, Eugene, Mary (a phósfadh Tom Kettle) agus Caitlín.

Toghadh David Sheehy ina bhall parlaiminte in 1885. Sheas sé i gContae na Mí agus ansin, anuas go 1918, i nGaillimh Theas. Bhí sé ina rúnaí ag an bPáirtí Éireannach. D’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath agus bhí na hiníonacha ar scoil ag na Doiminicigh i Sráid Eccles. Bhí Caitlín ar an seisear cailíní a fuair an marc ab airde in Éirinn i nGaeilge sa ghrád sóisearach i 1901 (An Claidheamh Soluis, 31 Lúnasa 1901). Bhronn an Bord Oideachais bonn óir uirthi toisc gurbh aici a bhí an céadatán ab airde in Éirinn nuair a bhí na marcanna sna hábhair go léir suimithe. Nuair a thug an bord bonn óir eile do chailín a raibh marc ní ba airde aici thacaigh An Claidheamh Soluis le Caitlín toisc gur de bharr marc níos airde don Ghermáinis ná don Ghaeilge a bhí marcanna níos airde ag an gcailín eile (féach an mhír nuachta dar teideal ‘The Gold Medal Controversy’ in uimhir 30 Samhain 1901). I nDaonáireamh 1901 ba í Caitlín an t-aon duine amháin sa chlann ar cuireadh síos san fhoirm fúithi go raibh Gaeilge aici.

Seans maith gur chaith sí tamall i rang Norma Borthwick i Sráid Eccles. Chuir sí isteach ar chomórtais aithriseoireachta ag Oireachtais 1901 agus 1902 agus tugadh ardmholadh dá hiarrachtaí (Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1901; An Claidheamh Soluis 31 Bealtaine 1902). Bhí sí go fóill faoi bhun 16 bliana i 1902 de réir na rialacha agus cead aici cur isteach ar an gcomórtas áirithe sin.

Is i gColáiste Loreto i bhFaiche Stiabhna, ar do mhná a bhí ag staidéar le haghaidh céime ón Ollscoil Ríoga a bunaíodh é, a bhí sí sular bhain sí céim BA sa nua-litríocht amach i 1908. Fuair sí céim mháistir freisin. Chaith sí saoire in Inis Meáin, rud a chuir lena díograis. Ní foláir nó bhí cáil na Gaeilge agus an náisiúnachais uirthi i measc a comhaoiseach. Deirtear gur ar a cuid cainte a bhunaigh James Joyce comhrá an charachtair ‘Miss Ivors’ sa scéal ‘The Dead’. Théadh seisean chuig na comhthionólacha sóisialta i dteach David Sheehy ag 2 Plás Bhelvedere agus bhí spéis aige, deirtear, i Mary Sheehy. Mar aon le Hannah agus Mary bhí Caitlín gníomhach i ngluaiseacht chearta na mban.

Pósadh Caitlín agus Francis Cruise O’Brien i 1912. D’éag seisean 25 Nollaig 1927. Bhí sé seal ina rúnaí ag Sir Horace Plunkett agus ina oibrí ar son ghluaiseacht na gcomharchumann. Bhí tuismitheoirí Chaitlín, a deartháireacha agus an chuid ba mhó dá deirfiúracha, in aghaidh an chleamhnais. Agnóisí ba ea an Brianach. Tá cur síos ag mac Chaitlín, Conor Cruise O’Brien, ar an teannas a bhain leis an gcleamhnas i measc chlann Síthigh in States of Ireland, 1972. Ba í Caitlín an aintín ab ansa le Owen Sheehy-Skeffington.

Bhí post múinteora Gaeilge aici sa Scoil Tráchtála i Ráth Maonais, agus d’éag sí 12 Feabhra 1938. Scríobh sí: A first Irish book illustrated by Beatrice Elvery, 1924, leabhar do leanaí; Na trí muca: sgéalta greannmhara i gcóir na bpáistí, [c.1925]; Luathscríbhinn Gregg. Caitlín Ní Shíothaigh M.É. d’oireamhnaigh. Gregg Shorthand adapted to Irish by Kathleen Cruise O’Brien M.A.; The Dublin book of recitations, original and selected, 1915. Scríobh sí an dráma Apartments faoin ainm pinn Fand O’Grady agus léiríodh níos mó ná uair amháin é mar curtain-raiser in Amharclann na Mainistreach. Cúis phléisiúir do Chaitlín gur ag Sara Allgood (1887–1952) a bhí an phríomhpháirt ann uair díobh. D’aistrigh Séamus Ó Cuinn é faoin teideal Na lóistéirí, 1936.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú