I gCeallachán atá ar imeall chathair Phort Láirge agus i bparóiste Bhaile Gunnair a rugadh staraí mór dheoise Phort Láirge. Deirtear in DIB gur ar 8 Márta 1862 a rugadh é. Luaitear beirt deirfiúracha a bheith aige. Fuair sé bunoideachas i Scoil Náisiúnta an Chnoic Bhuí sular fhreastail sé ar Scoil Ollscoile Phort Láirge agus ar Choláiste Naomh Eoin. Oirníodh ina shagart é in 1885. Chaith sé trí bliana i Learpholl agus ansin, toisc an eitinn a bheith ag bagairt air, cuireadh amach go dtí an Astráil é. Chaith sé seacht mbliana in New South Wales agus thug sin caoi dó aithne agus eolas a chur ar bhunstoc na tíre agus ar a gcultúr. Deir Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan : ris a ráidhtear an tan seo Coláiste na Rinne (1987) gur dá bharr sin a adhnadh a shuim sa tseandálaíocht. Nuair a d’fhill sé ar Phort Láirge chaith sé tamaill ina shéiplíneach i gclochar Shiúracha Beaga na mBocht, ina churáideach i bparóiste na hArdeaglaise agus ina chigire deoiseach. Thug an post deiridh sin deis dó eolas a chur ar gach ball den chontae. In 1904 ceapadh é ina shéiplíneach i gClochar an Tréadaí Mhaith agus i gColáiste De La Salle agus faoi 1908 bhí sé ina churáideach i bPort Lách. Ó 1910 bhí sé ag léachtóireacht ar an tSeandálaíocht Cheilteach i gColáiste Naomh Pádraig, Maigh Nuad. Ó 1915 go 1934 bhí sé ina léachtóir agus ansin ina Ollamh le Seandálaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Le linn a óige bhí an Ghaeilge ag roinnt de na seandaoine timpeall ar Cheallachán. Bunaíodh craobh de Aontacht na Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin agus is ansin a thosaigh sé á foghlaim. Bhí sé ina bhall de chomhairle na hAontachta agus ina aiste ‘The Gaelic Union; a nonagenerian retrospect’, i gcló in Studies XXXVIII, Uimhir 152, Nollaig 1949, deir sé: ‘Nothing can better illustrate the humble beginnings of the Gaelic Union than that an obscure ecclesiastical student, like the present writer, could be, and actually was, elected a member of the council. He has now no memory of actual attendance at meetings. The railway fare to Dublin might have proved an obstacle’. Tagraíonn Seán Pléimeann do shíntiús deich scilling a fuair sé uaidh (Irisleabhar na Gaedhilge, Uimhir 36, 1890). Nuair a d’fhill sé ón Astráil chuir sé rang ar bun sa Y.M.S. i bPort Láirge (idem 1 Meitheamh 1898). Cheangail sé le Conradh na Gaeilge nuair a bunaíodh é agus deirtear in Waterford News 19 Deireadh Fómhair 1951 go bhfreastalaíodh sé ar gach feis agus ar gach ócáid chun tacú le hobair na hathbheochana. In An Claidheamh Soluis 12 agus 26 Lúnasa 1899 luaitear é a bheith sa láthair nuair a bunaíodh Craobh Inis Meáin de Chonradh na Gaeilge agus ag cruinniú de Chraobh Chill Rónáin. Bhí ‘Irish MSS in Library of St John’s College, Waterford’ aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1904-Feabhra 1905.

Bhí sé ina eagarthóir ar Journal of Waterford and South East of Ireland Archaeological Society ó 1896 go 1915 agus san iris sin a foilsíodh a mhórshaothar Place-names of the Decies ar dtús. Cuireadh amach mar leabhar é in 1907 agus sa réamhrá gabhann sé buíochas le ‘the seanchaies of Decies, those ancient men of beautiful minds whom I met and talked with on the roadsides or in the fields, by the turf fire on winter evenings or along the cliffs and up the Comeragh slopes on Sundays in summer. Many a difficulty their fine intelligence solved, many a quest their kindly and childlike interest helped. Was it the sunset of life adding mystic lore or the last fitful gleams of an ancient Celtic culture—the sun about to set forever?’. Deirtear gur shiúil nó gur rothaigh sé trí gach orlach de Phort Láirge agus é i mbun an tsaothair sin agus go ndearna sé a shláinte agus radharc na súl féin a íobairt agus é i mbun an dara heagrán a ullmhú. Ach ba é an sagart ba shine sa deoise é nuair a cailleadh é 16 Deireadh Fómhair 1951. Tá sé curtha i reilig Naomh Odhrán i mBaile na nDéiseach.

Scríobh sé Donnchadh Rua Mac Conmara (1911); Parochial history of Waterford and Lismore dioceses during the 18th and 19th centuries (1912); Prehistoric Ireland: a manual of Irish pre-Christian archaeology [1922]; Early Christian Ireland: a manual of Irish Christian archaeology (1925); Críchad an Chaoilli: being the topography of ancient Fermoy (1932); Ardmore: its founder and early Christian memorials (1932); Aran of the Saints [1935]; Waterford and Lismore; a compendious history of the united dioceses (1937); Logainmneacha na nDéise (1952); The Chapel of St Finnbarr, University College, Cork [g.d.]. Chuir sé eagar ar Beatha Dhéagláin agus Beatha Mhochuda (1914) agus ar A Bishop of the Penal times being letters and reports of John Brenan (1932). Foilsíodh a lán dá ailt in Journal of Waterford and South East of Ireland Archaeological Society. Sholáthraíodh sé d’irisí mar Irish Ecclesiastical Record, Studies, Cork Historical and Archaeological Society Journal agus do na páipéir áitiúla. In 1923 foilsíodh Mion-mhíniú ar an dTeagasg Críostaidhe.

Tionóladh ‘An Canónach Pádraig de Paor: ócáid chomórtha’ i gcathair Phort Láirge ar 8 Márta 2012. I measc na n-aoichainteoirí bhí Monsignor Michael Olden, Dr. Elizabeth Shee-Twohig, an tOllamh Pádraig Ó Macháin agus an Dr. Pádraig Ó Cearbhaill.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú