Bhí cáil náisiúnta air i ngeall ar an bpáirt a ghlac sé i gCogadh na Talún. ‘An Sagart Mór’ a thugtaí air, cé gurbh fhear beag é. Tá cuntas cuimsitheach ar an gcuid sin dá shaol ag Proinnsias Ó Gallchobhair in The History of Landlordism in Donegal, 1962. Sa Chloigeann in aice le Carraig Airt, Co. Dhún na nGall, a rugadh é Nollaig 1842. Ba é an ceathrú duine de chúigear clann é. I ndiaidh bunoideachais bhí sé sa chliarscoil deoiseach i Leitir Ceanainn agus go dtí 1869 bhí sé i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. D’aistrigh sé go hInstitiúid Dhún Búinne an bhliain sin agus oirníodh é in Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha, Lá Coille 1871. Bhí sé ina shagart cúnta sa Dúchoraidh go 1873 nuair a ceapadh é ina riarthóir i nGaoth Dobhair. Faoi 1875 bhí sé ina shagart paróiste ann. Rinne sé gach dícheall chun coinníollacha beatha na bparóisteach a fheabhsú: d’fhéachadh sé le deontais le haghaidh scéimeanna oibre a fháil ó na húdaráis; thugadh sé ar Bhord na gCeantar Cúng prátaí síl a thabhairt do dhaoine bochta. Chuir sé scoileanna nua á dtógáil. Bhunaigh sé cúirteanna dúiche agus cheap giúistísí le dul ina mbun. Chuir sé stop le déanamh an phoitín agus bhunaigh cumann measarthachta. Ach is léir freisin ar eachtra in Scéal Ghaoth Dobhair, 1983 le Seán Mac Fhionnlaoich go raibh drochamhras aige ar na rincí a bhíodh ar siúl i dtithe na ndaoine agus gur fhéach sé le deireadh a chur leo.

Ar 2 Eanáir 1888 bhí sé ar dhuine de na cainteoirí i bparóiste na dTuath nuair a bhí craobh de Chonradh na Talún á bunú ann. Gabhadh é in Ard Mhacha ar chúiseamh gur spreag sé daoine chun nach n-íocfaidís cíos agus tugadh go Príosún Dhoire é. Chruinnigh na mílte i nDún Fionnachaidh ar 30 Eanáir nuair a cuireadh cúirt air. Gearradh trí mhí príosúnachta air agus nuair a rinne sé achomharc cuireadh trí mhí eile anuas air. Nuair a scaoileadh saor é lasadh tinte cnámh ar chnoic i nGaoth Dobhair, i gCloch Cheannfhaolaidh agus sna Rosa. Cuireadh an dlí air arís faoi rudaí a dúirt sé i Machaire Clochair 19 Nollaig na bliana céanna. Eisíodh barántas gafa ar 28 Eanáir. Gabhadh é sna Doirí Beaga tar éis Aifreann an Domhnaigh 3 Feabhra. Maraíodh cigire na bpóilíní, William Limrick Martin, sa ghráscar a tharla an mhaidin sin agus cuireadh dúnmharú i leith an Chanónaigh agus 34 eile. Thosaigh na trialacha i Leifear i bhFeabhra 1889 agus lean go dtí Deireadh Fómhair i bPort Laoise. Rinneadh margadh: ach go bpléadálfaidís ciontach, nach ndaorfaí aon duine chun báis, go ngearrfaí téarmaí pianseirbhíse fada ar chuid acu, príosúnacht ghairid ar chuid eile agus go scaoilfí an Canónach saor.

In earrach 1897 cuireadh go dtí na Stáit Aontaithe é chun airgead le haghaidh na hardeaglaise nua i Leitir Ceanainn a bhailiú. Chaith sé dhá théarma agus beagnach ceithre bliana ann idir 1897 agus 1901 agus thug cuairt, más fíor, ar gach cathair, baile agus sráidbhaile sa mhór-roinn. Chuir sé litir Ghaeilge abhaile ó San Francisco nuair a bhí 13ú céad Cholm Cille á chomóradh agus tá sé i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Iúil 1897. Um Meitheamh 1901 ceapadh é ina shagart paróiste in Inis Caoil agus bhí ina chónaí feasta sna Gleannta. Thug Tomás Ó Concheanainn cuairt ar an áit agus scríobh i dtaobh na Gaeilge ann: ‘Canon MacFadden is responsible for its position in the homes as well as in the schools. He preaches in Irish every Sunday and, until he came to the parish, Irish was as foreign in the pulpit there, for almost a generation, as Sanscrit. The language is becoming more “respectable”, is more commonly used at fairs and markets and in the shops, than heretofore’ An Claidheamh Soluis 5 Iúil 1902). Ach san iris chéanna 15 Feabhra 1902 bhí litir inar dhearbhaigh ‘Glengesh’ gurbh é Mac Pháidín a d’fhéach chuige gurbh é an t-iarrthóir nach raibh aon Ghaeilge aige a ceapadh ina mháistir ar Theach na mBocht sna Gleannta agus gurbh é an t-aon fháth amháin ar ceapadh é go mba nia leis an Easpag Pádraig Ó Domhnaill é. Bhí alltacht ar an scríbhneoir go raibh iarrta ar Mhac Pháidín Óráid an Oireachtais a thabhairt an bhliain sin. Bhí rún cáinte os comhair na hArd-Fheise ach tarraingíodh siar é. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 1 Samhain 1902 go raibh duaiseanna á dtairiscint chun múineadh na Gaeilge a spreagadh i scoileanna a pharóiste. ‘If the Canon made one mistake (and there is no denying he did—as indeed which of us might not ?) he is making ample amends for it’. An bhliain dár gcionn chuala Séamas Mac an Bhaird an méid seo á rá aige ón altóir: ‘Gan seachrán ar bith a bheith oraibh! Gur imigh na laetha a bhféadfaí neamhshuim a chur i dteanga na Gaeilge. Dúirt mé cheana féin agus deirim arís nach bhfaigheann aon duine, ins an pharóiste, nó as an pharóiste, post dá bhfuil faoi mo chúramsa ach Gaeilgeoirí. Mholfainn daoibh ar mhaithe libh féin an Ghaeilge a labhairt agus a fhoghluim. Tá arán agus im inti anois, a chlann, agus b’fhéidir go mbrostódh seo féin sibh’ (Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990 le Donncha Ó Súilleabháin).

Thug sé seanmóir ag an seirbhís eaglasta in Ardeaglais Westminster ar 18 Márta 1906. Tuairiscíodh in Inis Fáil, Aibreán 1906: ‘All of Irish-Ireland that London contains must have crushed round the doors of Westminster Cathedral on Sunday the 18th March when the Irish service was held and the V. Rev Canon McFadden, PP, VF, preached in the Irish language. . . White, robust and jovial, he came into London, an indubitable piece of Ireland, and the Gaels welcomed him as one who had given an example of endurance in dark days’. Toghadh é ina bhall den Choiste Gnó i 1908. Bhí sé ina bhall de choiste Dháil UladhAn Claidheamh Soluis 9 Bealtaine 1908). D’éag sé ar 16 Aibreán 1917. I dtuairisc a bháis dúradh: ‘He was a big influence in the Gaelic League not many years ago. In the early stages of the fight for Irish in the National University he stood by his convictions and by the League, but circumstances compelled him to withdraw from the firing line’ (idem 28 Aibreán 1917). Is dóigh gur tagairt é sin don Easpag Ó Domhnaill a bheith ar an taobh eile sa troid. Ar 18 Aibreán bhí litir ag Stiofán Bairéad sna nuachtáin náisiúnta: ‘During the fight for Irish in the National University, it was well known among his intimate friends that the Canon was strongly on the side of those who favoured making the language essential for matriculation and much gratified when the fight resulted in victory for them’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú