Rugadh é sa Cheapach Rua, An Scairbh, Co. an Chláir, ar 16 Feabhra 1894. Bhí 80 acra ag a athair John Clune. Iníon feirmeora as Tuath Ó gConaíle ba ea a mháthair Ellen Rohan. Ar dtús i scoil náisiúnta na Scairbhe agus ansin i Meánscoil na nÍosánach i Luimneach. Ó 1908 bhí sé i gColáiste Fhlannáin agus ó 1911 i Maigh Nuad mar ar oirníodh ina shagart é i 1917. Mac léinn díograiseach a bhí ann. Bhí sé ar dhuine den bheirt a bhí ar aon chéim sa chéad áit do Scoláireacht Phiarais Uí Mhaoileoin a bhí oscailte do mhic léinn ollscoile na tíre. Ó 1917 bhí sé ag múineadh i gColáiste Fhlannáin agus ceapadh ina ollamh le Gaeilge ann é i 1919.

Ag foghlaim Gaeilge dó chaith sé seachtain i gColáiste Eoghain Uí Chomhraí, Carraig an Chabhaltaigh, mar a mbíodh Seán Tóibín ag múineadh. Chuaigh sé as sin go Corca Dhuibhne. Chaith sé tamall ar an mBlascaod Mór i 1919 agus tamall eile i 1920. I 1922 foilsíodh Réilthíní Óir, abairtí agus nathanna a bhailigh sé sa Ghaeltacht, iad minithe i nGaeilge. Scríobh sé i gcóip Sheáin Tóibin dá leabhar gurbh é Seán a mhúin Gaeilge dó. Dar leis an Tóibíneach, áfach, gurbh ‘é féin a mhúin é féin agus é féin a thug arda an eolais dó féin’. Cé nár chaith sé ach seachtain i gColáiste Uí Chomhraí ní foláir nó bhíodh sé i gcomhluadar an Tóibínigh go minic.

Chabhraigh Tomás Ó Criomhthain leis chun Réilthíní Óir a chur le chéile.

‘Tháinig an tAthair Mac Clúin agus thug sé trí seachtaine i mo theannta. ... Tháinig sé thar n-ais agus thugas mí ina theannta, sinn i gcabhair a chéile ag ceartú gach a bhfuil in Réilthíní Óir. Bhíodh ocht n-uaire an chloig suite síos gach aon lá againn; dhá théarma sa ló, ceithre huaire ar maidin agus ceithre huaire trathnóna. Is é seo an mí ba mhó a ghoill riamh orm ar muir ná ar talamh, agus fairis sin, is mó a chuir paisiún agus fearg orm nuair a chonac nár luaigh sé go raibh mo leithéid riamh ina chabhair’ (eagrán 1973 de An tOileánach).

I 1922 foilsíodh a leabhar Binn is blasta agus ansin i 1924 foilsíodh Róisín Fiain na Mara, sraith d’ailt inar bhain sé úsáid as an ‘gearr-litriú’. Mhol Eoin Mac Néill an saothar seo. I 1926 cuireadh Litridheacht i gcló. ‘Mac Cluain’ a thugtar air in DIB agus is dóigh gurb é sin leagan ceart Gaeilge an sloinne. Ach is é ainm a chleacht sé féin mar údar Mac Clúin agus chuirfeadh ‘Mac Cluain’ amú na daoine a bheadh ag lorg teidil a chuid leabhar agus a aistí in Clár Litridheacht na nua-Ghaedhilge agus sna trí imleabhar bibleagrafaíochta a d’fhoilsigh Institiúid an Ard-Léinn. Theip an tsláinte air i 1930. Um an dtaca seo bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Choláiste Fhlannáin. Chaith sé bliain san Eilbhéis. Nuair a d’fhill sé ceapadh é ina shagart cúnta i gCora Chaitlín. As sin go Cill Rois i 1940, an bhliain ar foilsíodh Cainnt an Chláir. Chabhraigh Seán Mac Mathúna, An Luach, Dúlainn, agus Pádraig Ó Catháin, an Chrois, Carraig an Chabhaltaigh, leis sa mhórobair sin

I 1942 ceapadh ina shagart paróiste in Áth Leathan é. D’éag sé ar Oíche Shamhna 1949.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú