Bhí sé féin agus Eoghan Ó Comhraí ar an mbeirt scoláirí Gaeilge ba mhó lena linn. Tá neart alt ina thaobh sna hirisí léannta ach seo iad na leabhair agus na cuntais is minice a mbaintear feidhm astu: Síoladóirí (1947) le Bráthair Críostamhail [Micheál Mac Confhormaoil]; Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí (1962) le hÉamonn de hÓir; John O’Donovan (1806–1861), a biography (1987) le Patricia Boyne; Éadbhard Ó Raghallaigh, Seán Ó Donnabháin agus an tSuirbhéireacht Ordanáis (1991) le hArt Ó Maolfabhail. ‘Seán Ó Donnabháin’ (72 leathanach) le Nollaig Ó Muraíle in Scoláirí Gaeilge: Léachtaí Cholm Cille XXVII (1997) in eagar ag Ruairí Ó hUiginn an cuntas fada is iontaofa; tá ann leabharliosta agus léirmheas ar ar foilsíodh d’aistí agus de bheathaisnéisí anuas go 1997, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe. Tá leabharliosta cuimsitheach ag Boyne freisin.

In Áit an Tí Mhóir, Co. Chill Chainnigh, a rugadh é, 25 Iúil 1806 is ródhóigh. Ba é an seachtú duine é agus an tríú mac den naonúr clainne a rugadh d’Éamonn Óg Ó Donnabháin agus a bhean Eileanóir Hoberlin. Tá cuntais ar a shinsearacht Dhonnabhánach ag de hÓir agus ag Ó Muraíle. Ar mhuintir de Búrca, a raibh sé síolraithe uathu freisin, scríobh sé féin cuntas, ‘The Family of Gall Burke, of Gallstown, in the County of Kilkenny’ in Journal of the Kilkenny and South-East of Ireland Archaeological Society, III (new series) (1860–1). Is é breithiúnas Uí Mhuraíle nárbh í an Ghaeilge a bhí chun tosaigh i dteach a athar. Dúirt sé féin gur thosaigh sé ag foghlaim Laidine agus Gaeilge nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois, i scoil scairte, ní foláir, agus gur in Hunt’s Academy i bPort Láirge ó 1821 amach a d’fhoghlaim sé uimhríocht, gramadach an Bhéarla agus cuntasaíocht. Bhí an-dúil ag a uncail Pádraig Ó Donnabháin i seanchas an oirdheiscirt agus ba é a spreag spéis Sheáin sa stair. B’fhéidir a rá gur sa stair is mó a bhí spéis riamh aige féin agus ag an gComhraíoch.

In 1822 bhí scoil ar bun aige ach ó 1823 go 1827 bhí sé ag freastal ar scoil Laidine i mBaile Átha Cliath, Dr Doyle’s Classical Academy ar Oileán Uiséir, b’fhéidir, agus é ar intinn aige dul le sagartacht. An costas a bhainfeadh le Maigh Nuad agus, is dóigh, malairt aigne a chuir as a cheann é. Chuir Séamus Ó Scoireadh in aithne é do James Hardiman agus chaith sé cúpla bliain ag obair go páirtaimseartha dósan agus d’fhoghlaim mórán i dtaobh páipéirí stáit agus foinsí Gaeilge. D’fhan siad cairdiúil le chéile. Ag pointe éigin chaith sé tamall beag ag múineadh Gaeilge do Thomas Larcom, Maoirseoir na Suirbhéireachta Ordanáis. Dhéanadh sé obair do chara leis, Myles John O’Reilly, agus is ina theachsan i bPort Laoise a chaith sé tamall de 1830 tar éis gur bhris ar a shláinte. Ann a chuala sé tuairisc bháis Éadbhaird Uí Raghallaigh a raibh tamall gairid caite aige ag ceartú agus ag deimhniú litriú ainmneacha na mbailte fearainn sa tSuirbhéireacht Ordanáis. Scríobh sé chuig Larcom agus tugadh post sa tSuirbhéireacht dó 28 Deireadh Fómhair 1830. Ní heol cén fáth a raibh sé imithe ón bpost faoi Eanáir 1833; luaitear easaontas le Larcom. Petrie a d’iarr ar Larcom go dtabharfaí ar ais go rannóg na topagrafachta é, rud a rinneadh i mí Lúnasa 1833. I mí an Mhárta 1834 a thosaigh sé ag taisteal na hÉireann dáiríre agus ag cur go Baile Átha Cliath na litreacha úd ar cuid luachmhar de stair, béaloideas agus litríocht na hÉireann iad; tagraíonn Ó Muraíle go háirithe don ghreann atá iontu. Ar 11 Lúnasa 1841 a scríobh sé an litir dheireanach díobh; bhí drochshláinte ag bagairt air agus ní raibh an pá sách mór d’fhear a bhí ag taisteal na hÉireann agus bean agus clann aige i mBaile Átha Cliath. Ar 18 Eanáir 1840 phós sé Mary Anne Broughton, deirfiúr le bean Eoghain Uí Chomhraí, agus bhí siad ar feadh píosa ag cur fúthu i dteach Uí Chomhraí ag 32 Ascaill Radharc an Chuain, an Trá Thuaidh.

Tháinig deireadh le hobair na topagrafachta in 1842 ach go lá a bháis bhí obair don tSuirbhéireacht á déanamh aige agus é á íoc de réir méid na hoibre sin; tá tábla 1846-1861 i gcló ag Ruaidhrí de Valéra (‘Seán Ó Donnabháin agus a lucht cúnta’) in Journal of the Royal Society of Antiquaries (1949) a thaispeánann go ndearna sé 709 lá oibre dóibh sa tréimhse sin.

Bhíodh aistí á scríobh aige in Dublin Penny Journal in 1832–3 agus bhí a thuilleadh i gcló aige in Irish Penny Journal in 1841. In 1842 thosaigh sé ar staidéar ar an dlí gur glaodh chun an bharra é in 1847; níor chleacht sé an cheird riamh. Gach bliain i dtús na 1840idí chuir sé eagar ar théacs don Irish Archaeological Society: The banquet of Dun na nGedh and the battle of Magh Rath . . . (1842); Tribes and customs of Hy-Many, commonly called O’Kelly’s country. Now first published from the Book of Lecan . . . and the Genealogical MS. of Duald Mac Firbis (1843); The genealogies, tribes and customs of Hy-Fiachrach, commonly called O’Dowda’s country . . . (1844). Don Chumann Ceilteach thug sé amach in 1847 Leabhar na gCeart, or the Book of Rights. Now for the first time edited, with translation and notes. In 1845, in ainneoin scrupaill coinsiasa, scríobh sé A grammar of the Irish language le húsáid i gColáiste Choilm, scoil chónaitheach nua Phrotastúnach. Toghadh ina chomhalta den Acadamh Ríoga é in 1847 agus bhronn siad bonn óir Cunningham air an bhliain dár gcionn. Bhí tosaithe aige tuairim 1832 ar Annála Ríoghachta Éireann a aistriú agus anois bhí idir am agus eolas aige le heagrán a réiteach; bhí i gceist ar dtús gurbh é an tAcadamh Ríoga a d’fhoilseodh ach ar deireadh ba é George Smith a thug amach na sé imleabhar in 1848–51. In 1856 tugadh amach arís é maille le himleabhar an innéacs. 4,170 líon iomlán na leathanach agus is beag nach bhfuil nótáí Uí Dhonnabháin níos toirtiúla ná an téacs. Ceapadh é ina Ollamh le teangacha agus litríocht na gCeilteach i gColáiste na Banríona, Béal Feirste, in 1849; dála ar tharla sna coláistí eile, ar éigean mic léinn ar bith aige riamh ann. In Queen's Thinkers: essays on the intellectual heritage of a university (2008) in eagar ag Alvin Jackson agus David Livingstone ta aiste leis an Ollamh Mary Daly 'John O'Donovan and the development of Celtic Studies'.

In 1852 chuir sé eagar ar an aoir a scríobh Aonghus Rua Ó Dálaigh agus d’aistrigh é faoin teideal The tribes of Ireland . . .; with poetical translation by the late James Clarence Mangan, together with an historical account of the family of O’Daly; and an introduction to the history of satire in Ireland. Ón mbliain sin amach bhí sé féin agus Ó Comhraí ina gcomheagarthóirí i bhfiontar téacsanna na seandlíthe a chóipeáil agus a aistriú; tá Ancient laws of Ireland (1865-1901) in eagar ag Robert Atkinson bunaithe ar a saothar. Cuireadh moill mhór ar an obair idir 1859 agus 1861 nuair a féachadh le duine ní ba mheasúla ná an bheirt ó thaobh cúlra léinn agus dlí de a cheapadh mar phríomheagarthóir. In 1856 thug an rialtas pinsean £50 don Donnabhánach; ní róshásta a bhí sé nuair is £200 a tugadh do William Carleton nach raibh ann ach scéalaí! Ní rómhaith a bhíodh sé ag réiteach leis an gComhraíoch agus is mó rud searbhasach a dúirt siad faoina chéile. Más fearr ag pointe ar bith a bhí ag éirí sa saol leis an gCláiríneach níor leasc leis an Donnabhánach a mheabhrú láithreach dá chairde gurbh iomláine an t-oideachas a bhí air féin.

Ní raibh sé tinn seachtain féin nuair a d’éag sé 10 Nollaig 1861. Dar leis an gComhraíoch gur tholg sé slaghdán nuair nach in aice na tine a shuíodh sé, le heagla go bhfeicfeadh seisean cad a bhí á scríobh aige, ach in aice na fuinneoige agus gurbh in a chuir tús leis an bhfiabhras daitheacha ba thrúig bháis dó. I Sráid Buckingham Uachtarach a bhí cónaí air ag an am. I nGlas Naíon atá sé curtha. Ina shochraid bhí William Wilde, an tEaspag William Reeves, Samuel Ferguson, agus William Wakeman. D’fhág sé baintreach (tá tuairisc a báis in Irisleabhar na Gaedhilge, Iml. IV, Uimh. 46, Iúil 1893) agus seisear mac, 19 bliana ag an duine ba shine agus 5 bliana ag an duine ab óige. Tá cuntas orthu ag Boyne. Mac díobh an Edmund O’Donovan (1844–1883), comhfhreagraí cogaidh, a scríobh The Merv Oasis: travels and adventures east of the Caspian, 1879–8. Mhair duine de na mic, Richard, anuas go 1939. Bhí siadsan agus beirt eile de na mic, John agus William, sna Fíníní. Dhéanadh Larcom, a bhí ina Fho-Rúnaí faoin am seo agus a bhí ainmnithe ag an Donnabhánach mar chaomhnóir a leanaí agus mar sheiceadóir, idirghabháil lena saoradh ó phríosún.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú