Bhí sí ar dhuine de na chéad mhná a toghadh ina mbaill de Choiste GnóChonradh na Gaeilge. B’as Dún Uí Chofaigh in Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí, di agus dhealródh gurbh í an Ellen Donovan í a baisteadh 9 Bealtaine 1858 agus arbh iad a tuismitheoirí John Donovan agus Joan Hooper. Is cosúil go raibh Gaeilge aici ón gcliabhán. ‘Ba bhreá líofa an teanga Gaeilge a thug sí léi ó ghlúin a máthar’. a dúirt Risteard Ó Foghludha i ndiaidh a báis.

Fuair sí teastas chun Gaeilge a theagasc in 1894 nuair a bhí sí ag múineadh sa Mhodhscoil Láir, Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath (Irisleabhar na Gaedhilge I Aibreán 1895). Faoi chruinniú de Ard-Chraobhan Chonartha ag 57 Sráid an Dama dúradh in United Ireland 14 Márta 1896: ‘A poem by Seán Ó Coileáin read by Miss E. O’Donovan. This was the first time a lady had contributed to the proceedings’. Bhí rang Gaeilge do mhúinteoirí ar siúl aici san Ard-Chraobh. Bhí sí ina ball de Choiste Gnóan Chonartha ó thús beagnach go ceann tuairim 15 bliana. Bhí sí freisin ar an mbeagán a chaith tréimhse an-fhada ar choiste an Oireachtais. Toghadh í ina leasuachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh nuair a bunaíodh é i mBealtaine 1901 agus bhí sí páirteach le baill eile na Craoibhe sin sa chéad léiriú a tugadh do Casadh an tSúgáin sa Ghaiety ar 21 Deireadh Fómhair na bliana céanna. Bhí ról aici freisin i ndráma Uí Dhuinnín An Tobar Draíochta.

Dar le Donnchadh Ó Liatháin in An tÉireannach 28 Samhain 1936 go raibh drochshláinte uirthi le blianta sular cailleadh í 18 Samhain 1936.

Seo é an cur síos a tugadh uirthi in Banba 17 Márta 1903: ‘Aithneoidh gach Gael Eibhlín Ní Dhonnabháin. B’í an chéad bhean in Éirinn í chun tosnú dáiríre ar dhea-obair Chonradh na Gaeilge; agus ón lá a thosaigh sí go dtí an lá inniu níor thug sí sos nóiméid di féin ach ag obair ar a dícheall ar son na teangan....Ní móide go bhfuil bean beo a dhéanfadh an gnó níos fearr, mar nach bhfuil bean beo a labhraíonn an Ghaeilge chomh blasta léi. Is minic sa chathaoir í ag cruinniú na nGael, agus ní miste a rá nár chliste a d’ordaigh breitheamh riamh gnó a chúirte ná mar a ordaíonn Eibhlín gnó a cruinnithe, cé nach dtiteann focal óna béal ach Gaeilge aoibhinn ó thús deireadh’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú