Tugann Breandán Ó Conchúir a bhfuil ar fáil d’eolas faoi in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982 agus deir sé gur bhailigh Peadar Ó hAnnracháin (Irisleabhar na Gaedhilge,18, 1908) agus James Buckley (Ls. G523 sa Leabharlann Náisiúnta) cibé eolas a bhí ag a mhuintir. Faoi ‘O’Cullane [O'Cuiléin, Collins], John’ tá cuntas gairid ag Norman Moore air in Dictionary of national biography, agus tá cuntas ag James Hardiman air in Irish minstrelsy or bardic remains of Ireland, with English poetical translations, 2 iml., 1831. B’fhéidir gurbh in Éigse Chairbre: filíocht ó Chairbreacha i gContae Chorcaí agus ón gceantar máguaird 1750-1850, 2006 le Bláthnaid Uí Chatháin, 2006 atá an cuntas is iomláine.

In aice le Baile an Ghoirtín, i gceantar na Cille Míne, Co. Chorcaí, mar a raibh feirm ag a athair, a rugadh é. Fuair an t-athair bás go luath i ndiaidh a dhíshealbhaithe agus thug a mháthair, bean de mhuintir Anglainn, an leanbh léi go dtí a muintir i nDrom Dhá Liag agus rinne siadsan cúram de scolaíocht Sheáin. Chaith sé tamall mar ábhar sagairt sa Fhrainc nó sa Spáinn; dúirt sé féin gur chaith sé ceithre mhí i gcoláiste in Coimbra sa Phortaingéil. Thart ar 1773 bhí sé ar ais in Éirinn agus lámhscríbhinní Gaeilge á ndéanamh aige. Seachas tamall sular cailleadh é is i bparóiste Mhidhe Ros in IarChairbre a chaith sé an chuid eile dá shaol. Bhí sé ag múineadh scoile ansiúd agus bhí an scoil aige ar feadh i bhfad sna Ceapaí in aice shéipéal an Stuaicín. Tá sé le tuiscint óna lámhscríbhinní go dtugadh sé tréimhsí i dTig Molaga.

Phós sé bean de mhuintir Chochláin agus bhí triúr nó ceathrar leanaí acu. Fear réiciúil ba ea é agus nuair a d’imigh a bhean bhí a deirfiúr in aontíos leis ar feadh tamaill agus rugadh iníon dóibh. Ach ní rómhaith a réitigh sé léi seo ach an oiread agus deirtear gur chuir sí an teach agus a raibh ann trí thine lá dá raibh Seán as baile. D’fhág sé Midhe Ros thart ar 1814 agus chuaigh chun cónaithe leis an iníon ab óige aige, a bhí pósta le fear de mhuintir Dhrisceoil sa Sciobairín. Bhí sé ag múineadh scoile ansiúd go dtí gur cailleadh é ar 18 Aibreán 1817. I 1910 cuireadh leacht os cionn a uaighe i reilig na Cille Míne.

‘The Silver Tongue of Munster’ a thugadh daoine air agus ‘The last Irish scholar, historiographer and poet of Carbery’ a thug Seán Ó Donnabháin air. Ní mhaireann ach deich gcinn dá dhánta, agus is aistriúcháin ar shaothar daoine eile trí cinn acu. Luann Breandán Ó Buachalla ‘An Buachaill Bán’ in Aisling Ghéar mar cheann de na haislingí ba mhó le rá dár chum filí na Mumhan. Chaith an tAthair Maitiú Ó hArgáin tamall i bparóiste Mhidhe Ros agus bhí baint aigesean le ‘Machnamh an Duine Dhoilíosaigh’, an dán is aitheanta dá dhéantús. In Measgra Dánta: miscellaneous Irish Poems Part 11, 1927 deir Tomás Ó Rathile go bhfuil fianaise air seo i nóta a scríobh an sagart ar chóip den dán, mar a ndeir sé gur scríobh sé féin roinnt véarsaí ar an ábhar céanna agus gur thaispeáin sé don Choileánach iad: ‘I put the seven verses on this subject into his hands on June the 10th, when he returned the following beautiful poem to me on the 16th of June 1819 [sic] .... He retains in this almost all my lines.’ Deir Ó Rathile: The “seven verses on this subject” alluded to above are a series of seven indifferent quatrains composed by Fr. Horgan himself .... The comparison of the two poems shows that Horgan’s statement that Ó Coileáin retained almost all of the lines of the earlier poem is much exaggerated. In fact only four or five lines of Horgan’s poem can be said to be retained at all. The rest of Horgan’s verses were altered and improved beyond recognition in passing through Ó Coileáin’s hands, while two thirds of Ó Coileáin’s poem has nothing in the shape of an original.’ Deirtear freisin gurbh é an sagart a thug bunsmaoineamh an dáin don fhile trí ‘Elegy written in a country churchyard’ le Thomas Gray a léamh dó, a dhúshlán á thabhairt aige a leithéid a scríobh i nGaeilge. Ba é tuairim Dhomhnaill Uí Chorcora go raibh cuma na fírinne ar an insint seo: ‘And the poem made is just as Irish as Gray’s is English.’ D’aistrigh Thomas Furlong agus Samuel Ferguson go Béarla é. Rinne sé leagan Gaeilge den dán ‘The Exile of Erin’ (ar cosúil gurbh é George Nugent Reynolds [1770-1802] a scríobh).

Bhí spéis aige sa tseanchas agus chuir cuntas ar Chárthaigh Ghleann an Chroim le chéile agus, in 1813, scríobh sé cuntas ar mhuintir Dhonnabháin. Scríobh Seán Ó Donnabháin faoin gcuntas deiridh sin: ‘I do not believe that he had a single authentic document before him when he was putting it together, for he confounds dates and persons to no end .... His work is a mere accumulation of traditions ...’. Ach meabhraíonn Ó Conchúir dúinn gur tharraing an Donnabhánach céanna go minic as agus stair mhuintir Dhonnabháin á scríobh aige féin. Bhí stair na hÉireann agus foclóir Béarla-Gaeilge idir lámha aige. Scríobh sé ‘The Elements of the Irish Language’, mar aon le tráchtais ar ogham agus ar leabhair mhóra na Gaeilge. Bhí comhfhreagras aige le Mícheál Óg Ó Longáin agus le Donncha Bán Ó Floinn agus thugadh sé lámhscríbhinní ar iasacht dóibh. Tá lámhscríbhinní dá chuid i leabharlanna éagsúla, aon cheann déag díobh, iad liostaithe ag Ó Conchúir.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú