Beathaisnéis le P. E. Mac Fhinn is ea An tAthair Micheál P. Ó hIceadha (1974). Ag an Athair Tomás Ó Láimhín in Feasta, Feabhra 1952, tá ‘An tAthair Mícheál Ó hÍceadha, D.D. 1861–1916’. In Dinneen and the dictionary (2005) in eagar ag Pádraigín Riggs, tá an aiste ‘The Lexicographical Contention of Mícheál Ó hIceadha and Pádraig Ó Duinnín’ le Mícheál Briody. Ag Briody: in An Linn Bhuí 9 (2005) tá ‘Bás an Athar Mícheál Ó hIceadha,’ in An Linn Bhuí 13 (2009) tá ‘Briseadh an Athar Mícheál Ó hIceadha, Samhradh 1909,’ in An Linn Bhuí 14 (2010) tá ‘Eachtra Lámhainní Síoda: Fáithscéal leis an Athair Mícheál Ó hIceadha.’ In Decies 57 (2001) tá ag an údar céanna: ‘From Carrickbeg to Rome – the story of Fr Michael O’Hickey’. In Éire-Ireland, earrach-samhradh 2000, tá aiste ag Lucy McDiarmid: ‘The Man who died for the Language: The Reverend Dr. Michael O’Hickey and the “Essential Irish” controversy of 1909,’ agus tá leagan cóirithe den aiste sin in The Irish Art of Controversy (2005) le Lucy McDiarmid. In Dúchas (1986) tá aistí ag Pádraig Ó Fiannachta, Séamus Ó Buachalla agus Máire de Róiste. In Léachtaí Cholm Cille XVI (1986) tá an dara haiste ina thaobh ag Ó Fiannachta. In DIB tá cuntas ar a shaol ag an staraí Patrick Maume agus tá aige ann foinsí eolais seachas a bhfuil luaite thuas.

Sa Charraig Bheag, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 12 Márta 1861. Bhí feirm ag a athair Tomás ar chnoc os cionn an bhaile ar thaobh Phort Láirge den tSiúir. Ba í Bríd Ní Choinleáin as an mBuaile Bheag, Ráth Ó gCormaic, a mháthair. Fuair sise bás agus gan ach dhá bhliain agus ráithe ag Mícheál agus ba í a aintín, Máire Bean Uí Bhriain, deirfiúr a athar, a thóg é. Bhí cáil an Fhíníneachais ar mhuintir Uí Iceadha. Ina dteach a fuair Seán Ó Mathúna agus John Savage (1828–88) fothain in 1848. Tá fianaise air sin in The Nationalist (Cluain Meala) 27 Iúil 1892. Scríobh Savage dán ag moladh na clainne. Ghlac Tomás Ó hIceadha (d’éag 12 Samhain 1907) páirt in Éirí Amach 1848 agus bhí sna Fíníní in éineacht lena dheartháir Muiris. Dúradh in An Claidheamh Soluis faoi Thomás i ndiaidh a bháis: ‘Bhí sé ar an mbuíon laoch a d’ionsaigh an t-arm dubh ag Port Lách an bhliain sin… Bhí lámh ag Tomás Ó hIceadha in obair ’67 freisin.’ Bronnadh brat uaithne Éirí Amach 1848 ar mháthair Thomáis, Ellen Hickey (née Paor), agus thug muintir Uí Iceadha d’Ard-Mhúsaem na hÉireann é i ndaichidí an chéid seo caite. Ba le John Mitchell an brat, ach dealraíonn nárbh eisean ach duine eile de cheannairí Éire Óg a bhronn ar Ellen é.

Bhí Mícheál ar scoil ag na Bráithre Críostaí i gCarraig na Siúire. Beirt oidí ar an mbaile a thug teagasc sna teangacha clasaiceacha dó. Chuaigh sé isteach i gColáiste Naomh Eoin, Port Láirge in 1878. Ann a oirníodh ina shagart é ar 15 Meitheamh 1884. Bhí Gaeilge aige óna óige, cé nach dócha go raibh sí ón gcliabhán aige. Ó Sheán Pléimeann d’fhoghlaim sé léamh na teanga liteartha agus conas lámhscríbhinní a léamh. ‘My dear old friend and tutor’ a thug sé ar an bPléimeannach i léacht ar 21 Deireadh Fómhair 1899. ‘For 20 years I enjoyed his intimate friendship, his entire confidence; and to his inspiration, example and unfailing aid I owe far more than I can ever adequately acknowledge or repay.’ Bhí an Pléimeannach ag múineadh scoile i Ráth Ó gCormaic agus ina chónaí i gCluain Fhia go dtí 1881. Bhí an dá áit sin tuairim ceithre mhíle ón gCarraig Bheag. Ní foláir nó gurbh in 1876 a d’éirigh Mícheál cairdiúil leis an sean-scoláire. Is léir ó chéad imleabhar Irisleabhar na Gaedhilge gur bhall de Chomhairle Aontacht na Gaeilge é ó 1880 ar aghaidh. Mhaígh sé féin go raibh sé ina bhall ó thosach deireadh (1880–1893). Bhí sé ag múineadh Gaeilge i gColáiste Naomh Eoin agus é fós ina mhac léinn. I Leabharlann an Ruiséalaigh, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad tá cóip de Irish-English Dictionary Uí Raghallaigh agus laistigh den chlúdach tá lipéad ar a bhfuil an téacs thíos clóbhuailte:

‘Beidh an Ghaedhilge faoi mheas fós i n-Éirinn i n’inis na righ/ This volume was presented to Mr Michael Hickey by members of the Irish Class, taught by him in St John’s College, Waterford, during the scholastic year 1881-´82’.’ In Irisleabhar na Gaedhilge 4 Feabhra 1883 tá véarsaí dá dhéantús (‘Fáilte d’Irisleabhar na Gaedhilge go Port Láirge’) faoin ainm cleite ‘Seamróg’.

Chaith sé an tréimhse idir 1884 agus 1893 i misean na hAlban, ach bhí comhfhreagras rialta aige leis an Athair Eoghan Ó Gramhnaigh agus le daoine eile i ngluaiseacht na Gaeilge le linn dó a bheith ann. Fuair sé post mar shagart cúnta sa Chill i bPort Láirge in 1893, agus in 1895 ceapadh é ina chigire deoise. Thall in Arizona bhí cloiste ag Ó Gramhnaigh i dtaobh an cheapacháin: ‘I think Fr. Hickey’s appointment is a splendid thing for Irish.’ Thugadh sé seanmóirí i nGaeilge go minic. Ar achainí an easpaig bhí sé ag réiteach chun stair na deoise a scríobh agus bhí sé ag bailiú ábhair bhéaloidis le foilsiú in Irisleabhar na Gaedhilge.

Ansin, i Meitheamh 1896, d’éirigh Ó Gramhnaigh as an ollúnacht i Maigh Nuad. Láithreach bonn chuir Ó hIceadha isteach ar an bpost. Thug a easpag a chead sin dó agus bhí de hÍde, Eoin Mac Néill, Risteárd de Hindeberg, Ó Gramhnaigh, an tAthair Peadar Ó Laoghaire, an tAthair Muiris Ó Faoláin, O.Cist., an tAthair Pádraig Breathnach, C.M. agus daoine eile ag cabhrú leis. Ceapadh é d’aon ghuth i mí Dheireadh Fómhair 1896. Gan amhras ní raibh céim sa Ghaeilge aige, ach ba é ba thábhachtaí ar fad, dar le go leor, gur dhíograiseoir thar aon sórt eile a cheapfaí sa phost áirithe sin. ‘The pivot centre of Gaeldom’ a thug de Hindeberg ar Mhaigh Nuad in 1903. Ní dúirt éinne riamh nár dhíograiseoir agus síoladóir den scoth Ó hIceadha.

Ar feadh na tréimhse 1896–1903 ba iad Ó hIceadha agus Mac Néill an bheirt ba dhéine a rinne obair ar son an Chonartha. Shíl An Craoibhín gur mhaith gur éirigh Ó hIceadha as an leasuachtaránacht in 1903. Ba dhóbair dóibh sagart martraithe eile a bheith ar a lámha acu, shíl sé. Luaigh Ó hIceadha féin go raibh easaontas bunúsach i dtaobh polasaí idir é féin agus an lucht ceannais. Shíl An Craoibhín gurbh é spiorad nua na cancrachta sa Chonradh a chuir an ruaig air; gur ar an Duinníneach agus ar Sceilg (Sean Ó Ceallaigh q.v.) agus ar Chraobh an Chéitinnigh a bhí an locht. Sa litir aige in Freeman’s Journal, 25 Bealtaine 1903 shéan Ó hIceadha go diongbháilte go raibh aon bhaint ag na Céitinnigh lena éirí as leasuachtaránacht an Chonartha. Go raibh sé ag easaontú ó bhun le polasaithe an Choiste Gnó an fáth a bhí leis, dúirt sé. Fáth eile a luaitear gur theastaigh uaidh gur chainteoir dúchais a cheapfaí ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis, nár aontaigh sé le ceapachán Phádraig Mhic Phiarais. Bhí sé ceanndána, b’fhéidir, agus rómhothaolach i gcúrsaí aighnis. B’fhéidir freisin gur éirigh sé dóthanach den tsíorobair a thiteadh air sa Chonradh.

Cibé cúis a bhí le ‘scarúint na gcompánach,’ baint ná páirt ní raibh aige leis an gConradh arís go ceann tamaill de bhlianta. Cheana féin, agus sular rith a leithéid le ceannairí an Chonartha, bhí sé meáite ar throid chun go mbeadh an Ghaeilge éigeantach do Mháithreánach Ollscoil na hÉireann. Ansin d’iarr Pádraig Ó Brolcháin air teacht i gcabhair ar an gConradh chun an aidhm sin a bhaint amach. Bhí gach ar scríobh agus ar labhair Ó hIceadha i rith na troda sin dian ar na heaspaig Chaitliceacha. Ba í stíl an Athar Mícheál í agus níorbh é an sórt duine é a chleachtfadh malairt stíle. Agus ní ghéillfeadh sé go ndeachaigh sé thar fóir in aon rud dá ndúirt sé. Chuir Cuairteoirí an Choláiste tuarascáil isteach ina aghaidh agus dhíbir na hIontaobhaithe as a phost i Maigh Nuad é ag deireadh Iúil 1909. Más ag an gConradh a bhí an lá bhí a gcuradh agus a gcrann seasta ar lár. Chaith sé breis agus sé bliana sa Róimh ag iarraidh a chás a chur chun cinn. Ach cluiche caillte a bhí ann ó thús agus ba ghairid i ndiaidh dó filleadh abhaile a d’éag sé ar 19 Samhain 1916. Is inspéise, b’fhéidir, gur dó a thiomnaigh Seán O’Casey Drums under the Windows (1945): ‘Forgotten, unhonoured, unsung in Éire, here’s a Gael left who continues to say Honour and Peace to your brave and honest soul, Michael O’Hickey, till a braver Ireland comes to lay a garland on your lonely grave.’

(Tá na húdair buíoch de Mhíchéal Briody a dhírigh aird ar bhotúin agus ar easnaimh sa chuntas in Beathaisnéis a hAon).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú