Is léir ar na tagairtí don sagart seo ag P. E. Mac Fhinn in An tAthair Micheál Ó hIceadha, 1974 go raibh sé ar dhuine den líon beag sagart a thacaigh go poiblí le Ó hIceadha in aghaidh na n-easpag sa troid ar son an Ghaeilge a bheith éigeantach i máithreánach Ollscoil na hÉireann. Sa Chaisleán Riabhach a rugadh é ar 13 Márta 1876. Ba iad Patrick Forde, siopadóir sa Chaisleán Riabhach, agus Bridget Mulrenin a thuismitheoirí. Faoi Dhaonáireamh 1901 bhí an t-athair marbh agus sa teach ag 16 An tSráid Mhór sa Chaisléan Riabhach bhí Bridget Forde, baintreach, ceannaí ginearálta (50); a mac Francis (24), cúntóir siopa a raibh Gaeilge aige; a mac John (20), cúntóir siopa a raibh Gaeilge aige; Michael, dalta scoile (15); Owen (12), dalta scoile a raibh Gaeilge aige. Bhí seirbhíseach acu, Patrick Higgins, agus bhí Gaeilge aigesean freisin. Níor luadh an Ghaeilge i 1911 agus ní raibh fágtha ach Bridget (60), Francis (35), Margaret (26), Michael (24). Bhí deartháir agus deirfiúracha eile ag Pádraig: Dudley (rugadh ar 10 Aibreán 1879), a bhí ina dhiaidh sin ina dhochtúir i mBéal na mBuillí; deirfiúr a bhí ina bean rialta i gClochar na Trócaire i Sligeach; Síle a bhí ina poitigéir.

Oirníodh Pádraig i séipéal an Chlochair i Sligeach 15 Lúnasa 1899. Chuaigh sé ansin go hInstitiúid Dhún Búinne. Ó 1902 go 1904 bhí sé ina shagart cúnta i bparóiste Pheadair agus Póil i mBaile Átha Luain. Is i rith na tréimhse sin is mó a thabhaigh sé clú mar shagart de chuid Chonradh na Gaeilge. Is gnách leis An Claidheamh Soluis a thuairisciú gurbh eisean a chuir tús leis an eagraíocht agus leis an bhfeis i mBaile Átha Luain. ‘Mac Conshnámha’ an leagan Gaeilge dá shloinne—‘Fr Forde (Mac Conshnámha) directing work of Athlone Branch’ (An Claidheamh Soluis 15 Feabhra 1902). Ar 9 Iúil 1904 chuir an iris an cheist: ‘Would there have been a Feis Cholmáin without Pádraig Mac Suibhne or a Feis Chiarán (Baile Átha Luain) without An tAthair Pádraig Mac Conshnámha?’. Toghadh ina bhall den Choiste Gnó é i 1902 agus de Choiste na bhFoilseachán; d’éirigh sé astu nuair nár fhéad sé freastal ar na cruinnithe (idem 13 Nollaig 1902). Ach an rud is mó a tharraing aird na tíre air an paimfléad a d’fhoilsigh an Conradh, The language movement: its philosophy. ‘This is the ablest discussion of the philosophical side of the language movement which has yet been published’ (An Claidheamh Soluis 27 Iúil 1901). Ach ba léir nár réitigh cuid de mhuintir an Chonartha leis. I léirmheas eagarthóra san iris sin 3 Lúnasa 1901 deirtear: ‘Under this last heading [Creideamh] Father Forde’s remarks are addressed exclusively to Catholics—Irish Catholics; and in the main they are an appeal for the preservation of Irish, because its [an Béarla] tone and spirit is thoroughly Protestant. We are sure that there is nothing either in the manner or matter of what Fr Forde says which would give offence to any Protestant, yet this argument is not one which the Gaelic League either could or would put forward; as an organisation the League is non-sectarian. . . . It may seem strange, therefore, that the League should have issued a pamphlet which contained this view, but if it be remembered that it was originally written for and read before an exclusively Catholic Society and that it is a broad-minded and brilliant exposition of the rationale of the movement, it will be apparent that it was better to issue it in its original form than to delete the portion referred to...’. Is i ngeall ar an bpaimfléad sin is mó a chuimhneofaí air feasta: thagair An Claidheamh Soluis 28 Aibreán 1906 dó mar ‘the man who awakened Baile Átha Luain and who wrote The Philosophy of the language movement’.

Ó 1904 go 1908 bhí sé ina ollamh i gColáiste Chnoc an tSamhraidh, Sligeach. Ainmníodh é ina theachta ó chraobhacha Chluain Banbh agus Ros Comáin chuig Ard-Fheis 1905. I 1909 bhí sé ar ais i mBaile Átha Luain. Labhair sé i dtaobh ceist na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann ag ollchruinniú sa bhaile (An Claidheamh Soluis 31 Eanáir 1909). I 1910 bhí sé ag obair sa Chaisleán Riabhach. Níl aon tagairt dó san Irish Catholic Directory ina dhiaidh sin. Thug rúnaí Dheoise Ailfinne an t-eolas seo a leanas d’údair an chuntais seo: ‘Our records state that Fr Patrick Forde, a priest of the Elphin Diocese, was incardinated into the Diocese of Lincoln, Nebraska, USA, where he served as parish priest until his retirement in 1934. He subsequently returned home to live in Castlerea, Co. Roscommon, where he died on 27 November 1942’. In Ospidéal Máinliachta Ros Comáin a d’éag sé agus tá sé curtha sa Chaisleán Riabhach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú