Tá cuntas ar an scoláire Gaeilge seo ón Ollainn in Éigse 25, 1991. In Haren, Groningen, a rugadh é ar 12 Nollaig 1936. Rinne sé staidéar ar an tSean-Ghaeilge agus ar an Meán-Ghaeilge in Ollscoil Amstardam agus fuair post in Ollscoil Groningen ar dtús agus ansin in Ollscoil Amstardam. Bhí sé ina scoláire in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath i 1965-67 agus rinne staidéar faoi D.A. Binchy agus Gearóid Mac Niocaill. Chuir sé eagar ar Immram curaig Máele Dúin, obair a thuill dochtúireacht dó ó Ollscoil Amstardam. ‘As a student of literarture he concentrated on the mediaeval Dutch texts about the Voyage of St. Brendan. He published an edition of the Reis van Sente Brandane from the Comburg am Kocher manuscript, presently at Stuttgart.’ Idir 1972 agus 1975 bhí sé ina comhalta taighde san eagraíocht ZWO [NWO ar ball] agus chaith an chuid is mó den tréimhse sin in Éirinn. ‘The aim of his long-term research project was the systematic description of all Irish manuscript materials from AD 1000-1300, with emphasis on their physical aspects. Its final purpose was to establish a classification of Irish “monastic schools”.’ D’fhoilsigh sé ailt in Éigse agus in irisí léannta eile. D’ullmhaigh sé ‘Irish Manuscript tradition A.D. 1000-1300’ ach ní léir gur foilsíoidh é. Bhí post sealadach aige ag múineadh Sean- agus Meán-Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Idir Bealtaine 1976 agus Márta 1978 bhí sé fostaithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann mar Phríomhfhoclóirí ar an Dictionary of Celtic Latin. D’fhill sé ar an Ollainn agus bhí ag múineadh na hOllainise i meánscoileanna. Ó 1979 go 1987 bhí sé ina sheanadóir thar ceann pháirtí lucht oibre na hOllainne. D’éag sé ar 15 Iúil 1990.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú