Tá cuntas air ag John J. Marshall in Ulster Journal of Archaeology, Iúil 1906; tá cur síos ag F.J. Bigger in An Leabharlann, Márta 1907 ar a chuid scríbhinní; agus ag Eoin Mac Néill ar a Iámhscríbhinní in Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa-Samhain 1906. Deir Mac Néill: ‘The O’Laverty MSS. contain about 333 pieces of Irish literature, besides a large mass of detached epigrammatic quatrains and proverbs’ agus arís ‘It is to be borne in mind that the O’Laverty MSS. represent the Irish library of a poor and oppressed rural population, a race of helots, so far as the State had power to make them. There is more of the true history of Ireland in the Penal Days in these volumes than in the State Papers.’ Is é dúirt Bigger: ‘He had travelled much, in Rome several times, in France, Italy and Greece. He could read modern Greek like English and loved it more. But his deepest affection was for the tongue of the Gael. It had a depth and beauty of meaning that seemed to meet the very fullness of his soul. How he hoped for the time when the whole Irish people would know it thoroughly and appreciate it.’

Bhí O’Laverty ar dhuine de leasuachtaráin Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste. Sa Cheathrú Bhán i bparóiste Bhreachtáin, Co. an Dúin, a rugadh é 22 Samhain 1828. Tar éis tamaill i Maigh Nuad oirníodh é in Eaglais Naomh Treasa i Sráid Clarendon, Baile Átha Cliath, in 1851. Chaith sé tamall mar shagart cúnta in Acadh Eochaille agus Port Chluain Eoghain in Aontroim. Ceapadh ina dhéan é ar an gcliarscoil i mBéal Feirste in 1857 agus ina shéiplíneach i dTeach na mBocht sa chathair. Bhí sé ina shagart paróiste in Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin, ó 1866 ar aghaidh. Is é An historical account of the diocese of Down and Connor: Ancient and modern an saothar is tábhachtaí dá ndearna sé. Foilsíodh é ina chodanna idir 1878 agus 1887. Deir John Smyth Crone in Concise Dictionary of Irish Biography, 1928 gur ‘in odd half-hours snatched from clerical duties’ a scríobh sé é. Bhí sé cairdiúil le scoláirí móra a linne—Reeves, Samuel Ferguson, Ó Donnabháin agus Ó Comhraí agus bhí ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Scríobh sé freisin The Bishops, 1895 mar aon le morán alt in Ulster Journal of Archaeology. I gcuntas san iris sin in Iúil 1906 dúirt Francis Joseph Bigger faoi gur chainteoir líofa Ghaeilge é ó bhí sé ina fhear óg agus gur chaith sé a shaol ag déanamh staidéir ar stair na hÉireann. Tá cuntas air freisin in Dublin Journal 16 Bealtaine 1887 ag ‘J.G’. Deir seisean: ‘On the whole, this work (containing as it does, the history of almost every townland from Carlingford Bay to the Giant’s Causeway) reflects the highest honour on the learned and laborious author and places the united sees of Down and Connor high among the few of our Irish dioceses whose records are thus permanently preserved for the edification of posterity and the benefit of future historians of the Irish church.’ D’éag sé 18 Aibreán 1906. D’fhág sé a lámhscríbhinní le huacht ag Coláiste Naomh Maolmhaodhóg i mBéal Feirste.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú