Tá sé le háireamh, in éineacht le Mathúin Ó Riain, Séamus Mac Pháidín agus Liam Ó Cathasaigh, i measc shagairt Chonradh na Talún a thacaigh go láidir le Conradh na Gaeilge. Tá cuntas fada air, ar a shaothar paróisteach, ar a ghaolta agus ar a ghníomhaíocht pholaitiúil, ag an Athair Iarfhlaith de Bhaldraithe in Irisleabhar Chomórtha Céad Bliain ó tógadh Séipéal Mhic Dara 1893-1993 in eagar ag Dónall Ó Colchúin. Tá tagairtí minice dó ag Gerald Moran in A Radical priest in Mayo, Fr Patrick Lavelle: the rise and fall of an Irish nationalist,1825-86, 1994.

Ba é an seachtú mac é ag William Conway agus Peggy Burke i Scardán, Co. Mhaigh Eo. Bhí an mac ba shine acu ina easpag ar dheoise Chill Ala agus chuir seisean Uaitéar ar scoil i mBéal an Átha. Bhí sé i Maigh Nuad ó 1870 amach agus tá de Bhaldraithe sásta gur oirníodh é in 1873 agus tugann mar údar leis an tréimhse ghairid oiliúna sin go raibh sagairt an-ghann ag an am sin. Bhí sé i gCill Mhanainn ar dtús. Is ann a thaispeáin sé den chéad uair an drochmheas a bhí aige ar thiarnaí talún. Tharraing sin i dtrioblóid é agus aistríodh go dtí an Clochán é in 1877. Bhailigh sé airgead in Albain agus i Sasana le haghaidh séipéil nua le linn dó a bheith ann. Ghlac sé páirt i gconspóid leis an tiarna talún agus faoi 1880 bhí sé ina riarthóir i bparóiste na Fairche agus bhí ag iarraidh an séipéal ansin a mhéadú. Ní thabharfadh a chomharsa, an tAthair Patrick Lavelle, sagart paróiste Chonga, síntiús dó. Deir Gerald Moran gurbh in a chuir tús leis an bhfala a bhí acu le chéile agus gurbh in freisin an fáth ar thug Conway go nimhneach faoin Tiarna Ardilaun ar leis an talamh go léir i bhFairche agus i gConga: bhí seisean i ndiaidh síntiús mór a thabhairt do Lavelle chun séipéal nua a thógáil i gCorr na Móna. ‘This confrontation underlay the animosity between Lavelle and Conway right up to the former’s death in 1886. Lavelle was one of the most notable absentees from the subscription lists for the enlarged church which Conway was building in Clonbur. This was at a time when most of the major donations for such edifices came from clergymen in neighbouring parishes. Lavelle’s name was also absent from the testimonial got up to meet Conway’s legal expenses as a result of an assault upon a notorious civil bill officer, Mr McGrath, which resulted in Conway being sentenced to two months hard labour’. Ach san achomharc i mBaile an Róba cuireadh an pionós ar ceal mar gheall ar fhabht teicniúil.

Le linn dó bheith san Fhairche chuir sé droichead á thógáil trasna Bhéal an tSnámha idir Loch Measc Uachtair agus Loch Measc Íochtair. Bháití daoine ann go minic. Chum Tomás Mór Ó Cadhain amhrán i dtaobh éacht sin an tsagairt agus tá sé ina eagar ag Iarfhlaith de Bhaldraithe in Irisleabhar Chomórtha Céad Bliain ó tógadh Séipéal Mhic Dara. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chonradh na Talún sa pharóiste agus bhí an Tiarna Ardilaun go mór ina aghaidh ar an ábhar sin agus ar ábhair eile. Deir de Bhaldraithe gurbh eisean faoi deara gur aistrigh an tArdeaspag Mac an Mhílidh, a luaithe a tháinig seisean i gcomharbacht ar an Ardeaspag Mac Héil in 1881, go hAchadh Mór é. Aistríodh go dtí an Cheathrú Rua é i ndiaidh dhá bhliain eile agus bhí sé ann go 1896.

Mhair cuimhne a ghníomhartha i measc an phobail ansin. Deir Pádraig Standún in Anois 28/29 Bealtaine, 1994: ‘Tugtar creidiúnt i gConamara don Athair Uaitéar gurb é a d’eagraigh na droichid ó oileáin go hoileáin i mBéal an Daingin, Leitir Móir, as sin go Máimín agus arís thiar ó Gharmna go Leitir Mealláin. Deirtear gur thug sé cuireadh d’Fhear Ionaid an Rí, Balfour (sílim), don Cheathrú Rua, áit ar thug sé béile breá agus neart poitín dó. Tamall ina dhiaidh sin agus na droichid á cheadú aige, chuir fear Pháirc an Fhionnuisce fios ar “tuilleadh den fíon bán álainn sin”. Níl a fhios agam an fíor nó bréagach é ach sin scéal a mhair i seanchas na ndaoine. Tá tuairim agam féin go raibh baint níos mó ag Bord na gCeantar Cúng leis an scéal ná mar a léirítear san insint sin. Is cosúil gur oibrigh deartháir an tsagairt mar innealtóir nó mar shaoiste, b’fhéidir, ar na droichid’. Deir de Bhaldraithe go raibh ceird an stiléara foghlamtha aige agus gur ghnách leis braon a ól mar chosaint ar shlaghdáin, tharla cliabhrach lag aige. Chuaigh sé go Meiriceá chun airgead a bhailiú le haghaidh séipéal Mhic Dara. Thóg sé scoileanna freisin.

Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é. Thuigfeá ó chuntas de Bhaldraithe gurbh i gColáiste Iarlatha i dTuaim a d’fhoghlaim sé Béarla. Bhí sé ina bhall de chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891 le linn dó bheith sa Cheathrú Rua. Níorbh fhada i nGleann na Madadh é go raibh cáil na Gaeilge air. Bhí sé sa láthair i nGaillimh nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ann 25 Eanáir 1894. Bhí sé ina bhall den ghasra oirirc ardáin ag an gcéad Oireachtas agus ina iomaitheoir sa chomórtas aithriseoireachta—moladh a iarracht go hard (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897). Thug sé óráid an Oireachtais, ‘Ár náire nó ár n-onóir’, in 1899 (An Claidheamh Soluis 24 Meitheamh agus 1 Iúil 1899). Thug sé amach An Teagasg Críostaighe Geárr timpeall an ama sin. In An Claidheamh Soluis 18 Márta 1899 tá léirmheas ar An Teagasg Críostaighe Geárr (The Short Catechism in Irish and English). Deirtear ann: 'We earnestly commend the book to the notice of the clergy and teachers in Irish-speaking districts and elsewhere, as affording an unexampled opportunity for bilingual teaching, the only kind of teaching that will give our children a really efficient knowledge of English while encouraging and perfecting them in the use of their native tongue.' Rinne sé péire amhrán a aistriú in An Claidheamh Soluis : ‘Memory of the Dead’ (‘Cuimhne na Marbh’) ar 22 Aibreán 1899 agus ‘I’m sitting on the stile, Mary’ (‘Caoineadh an Deoraí ó Éirinn’) ar 4 Samhain 1899. Tá cuntas fada sa pháipéar sin 12 Deireadh Fómhair 1901 ar an gcuairt a thug an Craoibhín air i nGleann na Madadh agus thabharfá leat as go mba sheanchairde iad. B’fhéidir gurbh in Aontacht na Gaeilge a chuir siad aithne ar a chéile. Bhí sé ar dhuine díobh sin ba mhó a thug cabhair do Timothy O’Neill Lane agus é i mbun eagrán 1904 dá fhoclóir. B’fhiú leis an Western People seanmóir a thug sé Lá ’le Pádraig 1905 a fhoilsíu mar shraith. Deirtear gurb í an tseanmóir Ghaeilge a thug sé ag searmanas Chruach Phádraig i 1905 an chéad cheann riamh i nGaeilge ann. Ainmníodh é don Choiste Gnó agus an bhliain chéanna sin beannaíodh an séipéal nua a bhí tógtha aige i nGleann na Madadh. Scríobh sé stair an pharóiste.

Nuair a labhair sé ag Feis Chonnacht dúradh in An Claidheamh Soluis : ‘Scaoil an tAthair Uaitéar as Gleann na Madadh óráid mhaith chiallmhar uaidh i nGaeilge. Bhí dea-chomhairle inti agus dá nglactaí í b’fhearrde gach duine í’. Ach b’fhéidir go raibh maolaithe beagán ar mhíleatacht a óige nuair a scríobh sé an litir dhébhríoch seo in Tuam Herald 16 Eanáir 1909 i dtaobh cheist na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann: ‘My opinion, if it be worth anything, is that the Irish language, history and literature ought be made compulsory but whether it should be “compulsion by inducement” or otherwise I’d prefer to leave it to wiser heads to decide’. Deir Iarfhlaith de Bhaldraithe faoina théarma i nGleann na Madadh: ‘Níor imigh bliain thart gan trioblóid faoi scoil éigin nó múinteoir éigin ach sílim gur mar gheall ar an séiplíneach, Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh, a bhí aige a d’fhulaing Watt an crá croí ba mhó sna blianta deireanacha a d’fhan sé sa Ghleann’. I 1919 chuir an séiplíneach seo ina leith, os comhair an phobail sa tséipéal, go raibh dúil rómhór aige sna mná. Cé nár chreid aon duine, más fíor, cibé líomhain tromchúiseach a rinneadh, chuir an tArdeaspag fiosrúchán ar siúl. Rinne an tAthair Uaitéar a aigne suas láithreach go bhfágfadh sé a phost.

Chuaigh sé chun cónaithe i Musselborough in aice le Dún-deagh in Albain. Bhí sé ina shéiplíneach i gclochar Shiúracha Naomh Pól (St Anne’s, Windsor Gardens) agus chaith a raibh fágtha dá shaol ann. Is cosúil gur chaith sé saoire san áit i 1918 agus gur thaitin sé leis go háirithe a bheith ag imirt gailf ann. D’éag sé 25 Meán Fómhair 1941. Bhí fógra báis in Irish Independent, agus in Irish Catholic Directory na bliana dár gcionn, ach ní léir go raibh tuairisc cheart air in aon pháipéar i Maigh Eo ná i nGaillimh ná in aon iris Ghaeilge timpeall an ama sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú