Bhí an sagart seo ar dhuine de bhunaitheoirí an Gaelic Society in 1808 agus mar fhreagra ar Mervyn Archdall (1723-91) agus Edward Ledwich (1738-1823) scríobh sé An Ecclesiastical History of Ireland, from the first Introduction of Christianity to the beginning of the 13th century, 4 iml., 1822. Tá cuntas air in Irish Wits and Worthies, 1873 le W. J. Fitzpatrick, in Dictionary of National Biography agus in Times to cherish, Cashel and Rosegreen parish history 1795-1995, 1994 ag Séamus D. King (‘Cashel’s man of letters’). I gCaiseal, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é, mar a raibh a athair Thomas, arbh as Baile an Teampaill, Dún Droma, dó, ina mháistir scoile. Ba í Mary Ann Dorkan as Baile na mBéac, Mainistir na Croiche, a mháthair agus ba é an duine ba shine de sé dhuine dhéag é. I scoil a bhí á coinneáil ag máistir Protastúnach ar an mbaile, an tUrr. Patrick Hare, bhí sé mór le Edward Lysaght. Tugadh sparán dó i gColáiste na nGael sa Róimh. I ndiaidh a oirnithe bhí baint aige le hOllscoil Pavia agus tugadh cathaoir na hEabhraise ann dó. Cara leis ann ba ea Tamburini, fear a raibh cáil an Jansenachais air. I 1793 sochtadh a leabhar Institutiones Biblicae i ngeall ar thuairimí a bhí curtha chun tosaigh aige ann. Bhí Gearmáinis, Fraincis, Eabhrais, Laidin, Gréigis, Spáinnis, agus Iodáilis ar a thoil aige. Bhronn an ollscoil dochtúireacht (D.D.) air i 1794. Dhá bhliain ina dhiaidh sin chuir fórsaí Napoleon scaipeadh ar mhuintir na hollscoile agus bhí Lanigan ar dhuine de na sagairt a d’fhill abhaile. Ní raibh pingin aige nuair a shroich sé Corcaigh agus is mar gheall ar smál an Jansenachais nach dtabharfadh easpag Chorcaí aon chúnamh dó. B’éigean dó siúl go Caiseal. Bíodh gur chuir a mhuintir na múrtha fáilte roimhe ní raibh obair le fáil aige sa deoise. Thug sagart paróiste a bhí sa Róimh leis post dó i séipéal Naomh Proinnsias, Baile Átha Cliath. Ainmníodh é do chathaoir na hEabhraise agus na Scríbhinní Diaga i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Tharraing sé siar ón bpost nuair a iarradh air, le heagla an Jansenachais, glacadh ar dtús le foirmle áirithe focal.

Ar mholadh an Ghinearáil Vallancey, leasuachtarán Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, ceapadh é ina leabharlannaí cúnta sa Chumann, agus cúraimí liteartha agus teangacha air. Ó 1799 amach bhí sé lánbhunaithe sa phost. Faoi ainmeacha pinn théadh sé ag argóint i dtaobh na mbac a bhí ar Chaitlicigh, nó thugadh go binbeach faoi aon rud nár thaitin leis i gcúrsaí creidimh nó sa pholaitíocht. An chéad phortús Rómhánach dár foilsíodh riamh in Éirinn ba é a réitigh le cur i gcló é. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Gaelic Society agus ba é a chum an inscríbhinn atá ar leac William Haliday. Bhí ag meath ar a shláinte faoi 1813 agus in 1824 b’éigean dó cur faoi i ngealtlann i bhFionnghlas. D’éirigh sé siabhránach go maith sa deireadh: chreid sé gur d’ór a bhí tithe Chaisil déanta agus gur de chlocha luachmhara a bhí na sráideanna pábháilte. D’éag sé sa ghealtlann an 7 Iúil 1828 agus cuireadh é i bhFionnghlas. I nGaeilge agus i Laidin atá an inscríbhinn ar an leac thuama: ‘Guidhidh ar anam an Athar Seaán Ó Lainneagáin, Ollamh Diadhachta, ughdar eolach an leabhair do ar ba ainm Stair Eaclastacda Eireann agus saothar eile. Do geineadh e san mbliadhain MDCCLVIII agus d’eg se an seachtmadh la do mhi Mheadhoin Samhradh [sic] na bliadna MDCCCXXVIII’. George Petrie a dhear an chrois cheilteach ar bailíodh airgead i Meiriceá agus in Éirinn lena tógáil. Ba é James Kelly, an duine a d’oscail an uaigh in 1828—agus a bhí beo go fóill in 1860—a thaispeáin do chairde Lanigan cá raibh sé. Bhí an deirfiúr b’óige aige beo anuas go dtí an bhliain sin freisin. Tá liosta a shaothair in DNB.

Tá cuntas insuime air ag Seán Ó Corcora in An Léann Eaglasta in Éirinn 1200–1900, 1988 in eagar ag Máirtín Mac Conmara (‘An Léann Eaglasta san Eaglais Chaitliceach 1700–1900’). Deir sé: ‘Thóg Ollscoil na hÉireann táibléad cuimhne dó in Ollscoil Phavia i 1925. An Dr Seán Daltún a bhí san am sin ina ollamh le teangacha clasaiceacha i Maigh Nuad a chum an téacs Laidine agus rinne Dubhghlas de hÍde leagan Gaeilge. Ní thabharfadh Ollscoil Phavia cead d’aon leagan taobh amuigh den Laidin nó den Iodáilis.’ Tá an leagan Gaeilge i gcló ag an gCorcorach.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú