Sa teach Floraville i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath, ar 9 Márta 1836 a rugadh Charles Wright, gramadóir, teangeolaí agus aighneasóir creidimh. Ba é an dara mac é den deichniúr leanaí a bhí ag Edward Wright, abhcóide, agus a bhean Charlotte (ar Wright a sloinnesean freisin). Deartháir leis ba ea an nádúraí cáiliúil Edward Maxwell Wright (1834–1910).

Protastúnaigh mhíleatacha ba ea muintir Wright. Ba mhinic an seanmóirí Gideon Ousley i dteach mhuintir Charlotte i Beech Hill, go háirithe nuair is chun seanmóir a thabhairt ar Fhaiche Dhomhnach Broc a bhíodh sé sa cheantar. Ba bhall é Edward den choiste a bhí ag troid in aghaidh deontas stáit bheith ag Coláiste Phádraig, Maigh Nuad. Ba le clann Wright an talamh ar a mbíodh Aonach cáiliúil Dhomhnach Broc agus ghoilleadh an mí-iompar orthu go mór. Díreach os comhair gheata a dtí a bhíodh an tionól bliantúil.

Sa bhaile a fuair Charles oideachas sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide in 1852. Óna óige bhí sé go mór in aghaidh theagasc na hEaglaise Caitlicí. Bhí sé féin agus an tUrramach Florence McCarthy ag gábhail dá n-obair shoiscéalach lá agus dóbair go gcaithfí in abhainn na Dothra iad.

Bhí sé ina bhall den Chumann Oisíneach in 1853 agus ina bhall de chomhairle an chumainn in 1856. Bhuaigh sé duais na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide in 1853 agus in 1854. Foilsíodh a shaothar A grammar of modern Irish language designed chiefly for the use of classes in the University in 1855. Coláiste na Tríonóide a d’íoc mórchuid den chostas a ghabh lena fhoilsiú. Ollamh na Gaeilge sa Choláiste, Daniel Foley, a scríobh an réamhrá. Ní cosúil gur chuir Wright mórán suime sa teanga ina dhiaidh sin. Ar an diagacht agus ar theangacha an domhain thoir is mó a bhí a aird.

Tá cur síos in Dictionary of national biography ar an ministreacht a rinne sé in áiteanna mar Yorkshire, Dresden, Boulogne-sur-mer, Béal Feirste, Baile Átha Cliath agus Learpholl. Ó 1898 go 1907 bhí sé ina stiúrthóir cléiriúil ar an Protestant Reformation Society. I gcomhar le George Thomas Stokes chuir sé an t-aistriúchán The Writings of St Patrick ar fáil in 1887. Ba eisean agus Charles Neil a chuir A Protestant dictionary in eagar agus ba é a scríobh cuid mhaith de na hiontrálacha. Bhí sé ina scrúdaitheoir Eabhraise ag cuid mhaith ollscoileanna agus scríobh sé mórchuid paimfléad argóinteacha. ‘Abstruse works in German. Hebrew, Chaldaic, Arabic and Celtic and some oriental MSS’ an cur síos a rinne Séamus Ó Casaide in The Irish Booklover (Iml. 1, lch 148/9) ar an mbailiúchán leabhar a bhí aige.

Phós sé Ebba Elmroth, Sualannach, in 1859. Ba iníon í le gobharnóir an Mhionta Ríoga i Stockholm agus bhí tamall caite aici ag obair faoi Florence Nightingale i gCogadh Chrímé. Bhí cúigear mac acu. Fuair Charles bás i Wandesworth Common 22 Márta 1909. Níl dada i dtaobh a spéise sa Ghaeilge sa bheathaisnéis a scríobh James Silvester, A champion of the faith, 1917.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú