Tá cuntas air in Kerryman 19 Iúil 1991. Foilsíodh ‘Seanmóir ar bhás an Athar Ó Ciosáin’ le Micheál Ó Mainín in An Sagart, geimhreadh 1991. Ag Chriss Nolan in Ballydonoghue Parish Magazine, 1992 tá ‘Cnoc an Fhómhair faoi néalta bróin: A Tribute to the late Fr. Micheál Ó Ciosáin’. I gCill Ó Míorua, Baile Uí Dhonnchú, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 16 Deireadh Fómhair 1920. Ba iad a thuismitheoirí Margaret O’Connor as Eas Daoi agus John Kissane; bhí tríur deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Tar éis bunoideachais i Lios Eiltín chaith sé tamaill i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, agus i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne, roimh dhul go Maigh Nuad dó mar ar oirníodh é i 1946; i Maigh Nuad chuir sé suim ar leith i stair na heaglaise agus i léann na Gaeilge agus bhain BA amach sa léann Ceilteach. Bhí a uncail, an Mons. Eamann Ó Ciosáin, ina ollamh sa choláiste agus ina uachtarán níos deireanaí. Chaith sé tamall ar an misean in Glamorgan sa Bhreatain Bheag agus, anuas go dtí 1951, bhí sé ina shéiplíneach i Sanatóir Edenburn i nGort an tSléibhe, Trá Lí; bhí an eitinn forleata ag an am sin. Ceapadh é ina shagart cúnta ag an Athair Tomás Ó Muircheartaigh i mBaile an Fheirtéaraigh agus, nuair a d’éag seisean i 1966, chaith sé 22 bliain ina shagart paróiste ann. Nuair a theip ar a shláinte i 1989 d’éirigh sé as an gcúram. Dúirt an tEaspag Diarmaid Ó Súilleabháin faoi sa réamhrá (‘Focal Fáilte’) in Cnoc an Fhómhair, 1988: ‘Ní hamháin gur chaith an tAthair Micheál díograis agus dúthracht lena chúram sagartachta, rinne sé staidéar grinn ar Ghaoluinn Chorca Dhuibhne ó bhéal agus ó pheann; chuir sé spéis agus chothaigh sé suim i ngach gné d’oidhreacht shaibhir na dúiche sin…. Má tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne beo bríomhar ag saothrú a hoidhreachta inniu, tá cuid mhaith dá bhuíochas ag dul don Athair Micheál’. Dúirt Ó Mainín: ‘Fear mór oibre dob ea an tAthair Ó Ciosáin, pé rud a chuireadh sé roimhe a dhéanamh. Chomh maith leis sin bhí bua aige foireann daoine a bhailiú timpeall air agus a spreagadh chun oibre. Nuair a bhí sé ina shagart cúnta sa pharóiste bhunaigh sé foireann drámaíochta agus thug sé an spreagadh céanna dóibh sin.’ Thionscain sé Céad bliain ... stair paróiste an Fheirtéaraigh, 1971. Scríobh sé stair a cheantair dhúchais féin, Cnoc an Fómhair, 1988; deir sé sa réamhrá: ‘Is é atá i gceist le Cnoc an Fhómhair ná an dúiche sin ina bhfuil abhainn na Sionainne agus paróiste Bhéal Átha Longfoirt mar theorainn thuaidh uirthi agus an Fharraige Mhór mar theorainn thiar uirthi agus abhainn an Chasáin agus abhainn na Gáille mar theorainn theas uirthi.’ D’éag sé ar 15 Iúil 1991 agus adhlacadh é i nDún Urlann. Is ina onóir a foilsíodh Ceamara Chorca Dhuibhne—cnuasach grianghrafanna 1888-1960, 1991 le Pádraig Tyers.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú