Chuir an sagart seo le chéile taisce luachmhar de scéalta, paidreacha dúchais, amhráin, logainmneacha, seanfhocail agus de Ghaeilge sheanchainteoirí dúchais cheantar Bhaile na Scríne, Co. Dhoire, sa leath tosaigh den 20ú haois. Is ar éigean a bheadh aon trácht, ná eolas féin, ar an sagart seo agus ar a shaothar murach leabhar Aoidh Uí Chanainn, Teacht den tSliabh Tráthnóna, 2006. Is ar eolas sa leabhar atá an cuntas gairid seo bunaithe. Tá páipéir Uí Earáin i dtaisce in Acadamh Ríoga na hÉireann agus ina measc tá leabhair nótaí, dialann agus litreacha. Seachas an aiste ‘Gaidhilg Chonndae Dhoire’ in Irisleabhar Mhaigh Nuad, 1923/24 níor fhoilsigh sé aon rud agus b’fhéidir gurbh é sin an fáth gurbh annamh a luaití a ainm.

Ar 22 Bealtaine 1897 (Irish-born Secular Priests in Scotland 1829-1979, 1979 le Bernard Canning) a rugadh é i nGleann Gamhna, Baile na Scríne, Co. Dhoire. Ba é an ceathrú mac é ag Patrick Heron, fear a tógadh le Gaeilge, agus Bridget Donnelly. Bhí deirfiúr amháin aige agus oirníodh duine dá dheartháireacha ina shagart Uinsionnach. De réir dhaonáireamh 1901 bhí Gaeilge ag daoine meánaosta agus ag seandaoine sa cheantar. Tá anailís insuime déanta ag Ó Canainn ar an daonáireamh sin. D’fhreastail Pádraig ar Scoil Bheannchrainn. Bhí Gaeilge ag an bpríomhoide, Seosamh Mac Giolla Bhríde; bhí seisean ar dhuine den bheirt a bhí ag múineadh Gaeilge i scoileanna an pharóiste i 1901.

Bhí beartaithe aige dul le sagartacht agus chuige sin bhí sé á ullmhú go príobháideach ag Peadar Mac Con Mí i mBaile na Croise roimh dhul dó go Coláiste Cholm Cille i nDoire. Bhí cáil na Gaeilge ar Pheadar, fear a bhí tagtha faoi anáil Chonradh na Gaeilge. Ba dhó a thíolaic Aoidhmhín Mac Gréagóir an leabhar Fréamhacha na hÉireann, 1906. Sa chúrsa ullmhúcháin seo d’fhoghlaim Pádraig Laidin, Fraincis agus Gaeilge. Deirtear gur éirigh chomh maith sin leis nár ghá dó freastal ar ranganna Gaeilge an choláiste. Tar éis dhá bhliain ann chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, agus fuair céim le honóracha sa Léann Ceilteach i rith na tréimhse aige ann. Oirníodh ina shagart é 21 Meitheamh 1925. Bhí sé ag múineadh Gaeilge i gColáiste Cholm Cille ar feadh sé mhí. Bhí farrasbarr sagart in Éirinn ag an am agus tá de thuairim ann gur chaith sé tamall ag cuidiú i bparóistí éagsúla. Chuaigh sé isteach i nóibhíseacht na nÍosánach sa Tulach Bheag ach níor fhan ann ach sé sheachtain. Idir 1927 agus 1929 bhí sé i nGlaschú. As sin chuaigh sé go Port Ghlaschú agus d’fhill ar Éirinn i 1931. Léirigh a phobal ansiúd a mórmheas air ag an bpointe sin: ‘Fr. Heron left for home on Monday evening and huge crowds took leave of him at the railway station, he travelled via Glasgow. As the steamer passed down the river, bon-fires blazed on the shores and thus the “Port” people took leave of their “soggarth aroon”...’ (Glasgow Observer 3 Eanáir 1931, i gcló ag Ó Canainn).

Le tamall maith roimh 1922 bhí sé ag bailiú eolais agus ag foghlaim Gaeilge ó na seandaoine ina áit dúchais. Duine lárnach ina measc ba ea a sheanaintín Céití Ní Chléiricín. Ba í ba mhó a thug eolas dó. Deir Ó Canainn: ‘Nuair a bhailigh Pádraig scéalta Gaeilge is eile óna sheanaintín Céití, theagmhaigh sé leis an oidhreacht Ghaeilge a ndearna Ó Donnabháin [Seán Ó Donnabhain B6] iontas de sa bhliain 1834. Bhí sí ar aon aois beagnach leis na páistí a chuala seisean ag súgradh i nGaeilge agus bhí sí chomh mór i dtuilleamaí na Gaeilge is a bhí siadsan.’ Bhí sé i gceist aige sraith alt a scríobh timpeall an ábhair a bhí bailithe aige i dtaobh a cheantair dúchais ach chuir cúrsa a shaoil agus cúraimí na sagartachta an aidhm sin ar an méar fhada.

I ndiaidh filleadh ar Éirinn dó bhí sé in Achadh Dubhthaigh 1931-35 agus i dTamhlacht Ard i 1936 agus i nDíseart Mhártain 1937-39. Sa pharóiste deireanach sin ‘a chonachtas athdhúiseacht suime Phádraig i nGaeilge Bhaile na Scríne’ (Ó Canainn). Thosaigh sé ag bailiú ábhair arís. Ach de réir a chéile is mar chaitheamh aimsire aige a bhí an saothar sin agus bhí ag fuarú ar na haidhmeanna foilsitheoireachta. Níorbh aon ghnáth-Ghaeilgeoir é agus i rith bhunáite a shaoil níor spéis leis gluaiseacht na hathbheochana.

Fuair sé paróiste Bhoth Domhnaigh Uachtarach (Droichead an Phlum) i 1952. ‘Ba mhóide a shásamh go mbeadh sé cóngarach don tSrath Bán agus do Bhaile na Scríne. Ritheann Gleann Aichle, gleann lár na Speiríní, ó Dhroichead an Phlum go baile fearainn Ghleann Gamhna, geall leis. Leath bealaigh eatarthu atá an Chrannóg nó, mar a deireadh Céití, Baile na Crannóige, áit inar mhair traidhfil Ghaeilge go lár an chéid seo caite. Is é Gleann Aichle, an gleann is faide agus is áille i gCúige Uladh, an téad a cheanglaíonn tús agus deireadh shaol Phádraig.’

Ní hé an chuid is lú suim i gcuntas Uí Chanainn an cur síos a dhéanann sé, agus é ag brath go mórmhór ar chuimní cinn na seanpharóisteánach, ar an Earánach mar shagart agus mar dhuine. Braitheadh údarásach tiarnúil seanaimseartha é. Deir Ó Canainn: ‘Bhí meascán de thréithre contrártha san fhear a rinne spéisiúil mar dhuine é. Bhí sé umhal agus uaillmhianach, cineálta agus údarásach, ciallmhar agus corr.’ D’éag sé 29 Bealtaine 1977.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú