Is eiseamlár é den tsagart léannta nach bhfaigheann aitheantas de bharr chrúóg na hoibre agus, b’fhéidir, doicheall na n-údarás eaglasta. Bhí cáil ar shagart eile dá shloinne as a chuid filíochta san am nach raibh ach Gaeilge le cluinstin fá dheisceart Dhoire, is é sin, Tadhg Ó Brolcháin, mac dearthár don Bhráthair Bán (tá cuimhne fós airsean faoin ainm Friar Bán).

Rugadh Tomás sa tSraith Mór i mBaile na Scríne sa bhliain 1887, duine de cheathrar sagart as an aon chlann amháin. Bhí ainm na scoláireachta air ó aois na meánscolaíochta go dtí go raibh sé ina mhac léinn. Ba é a chuir bail ar an chéad eagrán de Maicín le Fionn Mac Cumhaill [Maghnus Mac Cumhaill B5] a d’fhoilsigh Cumann Liteartha Chúige Uladh i nDoire. Sa bhliain 1923 nuair a bhí Seaghán Bán Mac Meanman ag dul as a chranna cumhachta mar gheall ar an fhocal ‘pingin’ ar stampaí an tSaorstáit a bheith gan séimhiú, scríobh sé litir chuig an Derry Journal á rá gur sine agus gur cirte an focal neamhshéimhithe. Ba léiriú maith í an díospóireacht a lean de ar an tréimhse, ar fheachtas frith-Mhuimhneachais Sheagháin Bháin agus ar mheon cruinncheart Thomáis.

Ba scoláire maith Gaeilge agus eolaí ar logainmneacha é nach bhfuair aitheantas mar ba dhual. Sa chomhfhreagras a bhí aige le Pádraig Ó hEaráin faoi logainmneacha, fuair sé locht ar chuid tuairimí Sheáin Uí Dhonnabháin na Suirbéireachta Ordanáis agus dúirt gur thug sé ró-aird ar ‘Peter MacNamees’ na linne. Mar sin féin bhí sé cairdiúil le Peadar Mac Con Mí agus d’fhreastail ócáidí a bhain le stair an cheantair ina chuideachta. Fuair sé bás ar 5 Samhain 1941 agus cuireadh sa tSraith é. (Tá na húdair buíoch d’Aodh Ó Canainn a sholáthair an cuntas seo).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú