Ar 21 Eanáir 1922 tháinig Pádraig Ó Brolcháin i láthair Choimisinéirí an Oideachais Náisiúnta. Go deas séimh d’fhógair sé gurbh é féin an Bord feasta. Bhí sé ag labhairt leo thar ceann an Aire Oideachais, Fionán Ó Loingsigh, fear a briseadh as a phost múinteora mar gheall ar Éirí Amach 1916! Nóiméad ard-drámata ba ea é i saolú an stáit dhúchais.

I gCarn Domhnach, Co. Dhún na nGall a rugadh Pádraig ar 21 Aibreán 1876. Patrick Bradley a bhí ar a athair agus Rose O’Doherty ar a mháthair. In 1894 thosaigh sé ag obair in Oifig an Bhunoideachais i mBaile Átha Cliath. Bhí gach rud a bhain leis an nGaeilge mar chúram air. Ghnóthaigh sé ardú céime i 1912 nuair a d’aistrigh sé go dtí an Coimisiún um Árachas Náisiúnta Sláinte. D’fhan sé ansiúd go dtí an lá cinniúnach úd i 1922.

Riamh ón uair a cheangail sé leis an Ard-Chraobh de Chonradh na Gaeilge sna 1890idí chaith sá a dhúthracht ar fad leis an teanga. Ba é ba thúisce a smaoinigh ar bhailiúchán náisiúnta (in The United Irishman) agus ar Sheachtain na Gaeilge agus ar an mórshiúl a chuirtí ar bun lena linn; ba é a thug an chéad dream foghlaimeoirí go dtí an Rinn; bhí páirt an-mhór aige san fheachtas chun go mbeadh an teanga ina hábhar riachtanach don mháithreánach in Ollscoil na hÉireann; b’eisean a d’áitigh ar an Dr Micheál Ó hIceadha a bheith ar thús cadhnaíochta sa chath.

Bhí sé an-mhór le Art Ó Gríofa agus Liam Ó Maolruanaí. Scríobh sé memoir nuair a bhí saothar Uí Mhaolruanaí á fhoilsiú. Bhí sé sna cumainn náisiúnta go léir i dtús an chéid agus scríobhadh sé go rialta in Shan Van Vocht, The United Irishman, Irish Emerald agus do phreas Mheiriceá. Ó 1912 go 1922 bhíodh ‘Matters of the moment’ á scríobh aige in The Catholic Bulletin.

Chuir sé dúil mhór i léann na Gaeilge agus chaith tamaill le sean-Ghaeilge agus palaegrafaíocht faoi Kuno Meyer agus John Strachan, le seanstair na hÉireann faoi Eoin Mac Néill agus le foghraíocht faoin Dr Risteard Ó Dálaigh. Shíl Ó Dálaigh gurbh é an mac léinn ab fhearr i gColáiste Laighean é sna blianta tosaigh agus ligeadh sé dó dul i gceannas ranga nuair a tharlaíodh dó féin bheith as láthair. Bhain Pádraig dioplóma amach i dteagasc na Gaeilge agus ard-dioplóma i léann na Gaeilge i 1907.

Art Ó Gríofa a sheas leis nuair a phós sé Máire Ní Chillín as Conga Féichín ar 30 Meitheamh 1904. Bhí sise ina ball de Choiste Gnó an Chonartha. Rugadh seisear mac dóibh agus thóg siad le Gaeilge iad.

Ar 26 Iúil 1914 chuaigh sé ar a rothar go Binn Éadair agus thug raidhfil abhaile leis ón Asgard. Coimeádadh a thuilleadh raidhfilí i bhfolach ina theach. Ní bhfuair Pádraig, státseirbhíseach meánaosta a raibh lán tí de mhuirín aige, aon deis chun a raidhfil a úsáid. An t-ordú a bhí faighte aige dul siar go Gaillimh chealaigh Eoin Mac Néill é agus ní bhfuair sé aon ordú nua. Plean eile nár tháinig i gcrích gurbh ina theachsan a d’fhanfadh Ruairi Mac Easmainn nuair a shroichfeadh sé Baile Átha Cliath.

Céadaoin Sheachtain na Cásca thaisteal Pádraig an timpeall ar a rothar ó Ghlas Naíon go dtí sléibhte Bhaile Átha Cliath mar a raibh Eoin Mac Néill féachaint arbh fhéidir a áitiú air na hÓglaigh ar fud Éireann a thabhairt i gcabhair ar na fir a bhí faoi léigear sa chathair.

An Gríofach a d’fhéach chuige gur ceapadh é ina Phríomh-Oifigeach i gceannas an bhunoideachais sa stát nua. Chuir an ceapachán áthas ar an gConradh. ‘Beidh muinín ag Gaeilgeoirí as de bhrí gur Gaeilgeoir é féin agus go dtuigeann sé a fhabhtaí a bhí Oifig an Oideachais agus go bhfuil fhios aige céard is oideachas náisiúnta ann ó cheart’ (Misneach, 4 Feabhra 1922). Ba é ba mhó faoi deara scéim na gColáistí Cónaithe Ullmhúcháin bheith curtha i gcrích faoi Fheabhra 1927. ‘Ghlac sé chuige mar scéim an beart seo agus níor staon dá haltromadh go raibh sé tugtha chun bláthais aige’, arsa Aindrias Ó Muimhneacháin in Dóchas agus duainéis. Air ba throime a bhí tionscnamh an chláir nua teagaisc sna bunscoileanna ag titim.

D’éag sé ar 4 Iúil 1934. Creideadh gurbh í obair na Gaeilge a mharaigh é. ‘From the first day he took charge at Tyrone House his predominant ideal was to gaelicize the schools and through the schools to restore Irish as a living tongue. To this he dedicated his official life. I believe that those who knew him intimately, as I did, must have felt that he had sacrificed his life on the altar of his ideals’ (T. J. O’Connell, 100 years of the INTO, 1968). Ar 14 Iúil 1934 dúirt An tÉireannach faoi: ‘Scéal cinnte é gur chuir sé cor níos mó i stair na hÉireann ná chuir cuid mhór de lucht na polaitíochta’. Ní iarrfadh státseirbhíseach maith a mhalairt d’fheartlaoi.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú