Tá gach gné dá shaol is dá shaothar pléite ag Séamas Ó Saothraí in An Ministir Gaelach Uilliam Mac Néill (1774-1921) agus an oidhreacht a d’fhág sé againn, 1992. Tugann Roger Blaney cuntas air in Presbyterians and the Irish language, 1996. I Ráth Déamain, an Chill Mhór, Co. an Dúin, mar a raibh a athair Moses Neilson ina mhinistir Preispitéireach, a rugadh é ar 12 Meán Fómhair 1774. Shíolraigh a mháthair, Catherine Welsh, ó John Knox (c.1505–72), bunaitheoir Eaglais na hAlban. Ba é Uilliam an ceathrú mac den ochtar clainne a rugadh don lánúin. Tá fianaise i gcló ag Ó Saothraí go raibh Gaeilge ón gcliabhán ag Moses agus gurbh í an ghnáth-theanga í ag Preispitéirigh. Bhí beartaithe ag an Moses seo graiméar Gaeilge a scríobh. Bhí acadamh aige i Ráth Déamain agus is dóigh gur fhreastail Uilliam air. Bhí sé tamall ag foghlaim ó Phádraig Ó Loingsigh i Loch an Oileáin. Chaith sé cúpla bliain in Ollscoil Ghlaschú ach ní dheachaigh chomh fada le céim ollscoile a bhaint amach. Oirníodh ina mhinistir Preispitéireach é ar 21 Nollaig 1796. Nuair a ceapadh é ina mhinistir i nDún Dealgan phós sé Jane Warnock ó Phort an Pheire, Co. an Dúin. Ceathrar cailíní agus aon mhac amháin a bhí acu. Bhunaigh sé scoil sa bhaile. Bhronn Ollscoil Ghlascú dochtúireacht air in 1805.

I nDún Dealgan i 1798 a scríobh sé leagan giorraithe de The English Irish dictionary: an focloir Bearla Gaoidheilge, 1732 le Conchobhar Ó Beaglaoich agus Aodh Buí Mac Cuirtín agus is sa Leabharlann Náisiúnta atá an lámhscríbhinn sin. Idir 1804 agus 1821 chuir sé ceithre théacsleabhar Gréigise i gcló agus leabhar ar ghramadach an Bhéarla. Ach is é An introduction to the Irish language, 1808 a fhágann go bhfuil cuimhne ar a ainm inniu. Deirtear gurbh é Moses a scríobh an chuid tosaigh. ‘The most important surviving authority for the Co. Down dialect of Irish’, a thug Séamus Ó Casaide air agus dúirt T.F. Ó Rathile freisin gurbh é an t-údar ba mhó é ar chanúint oirdheisceart Uladh. Bhí sé ina bhall den Gaelic Society agus in 1808 toghadh é ina chomhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann.

In 1810 tháinig uaidh Cead leabhar na Gaoidheilge, air na chur a gclo, chum maitheas puiblidhe na hEirin. air iartas agus costas na cuideachta Eirionaighe, priméar 24 lch a scríobh sé saor in aisce don Hibernian Bible Society. Roghnaigh an Eaglais Phreispitéireach é 24 Meitheamh 1806 ina Mhodhnóir, an onóir ba mhó a d’fhéadfadh an eaglais sin a thabhairt do mhinistir. Ag Sionad Ginearálta Uladh in 1813 thacaigh sé le rún ar son fhuascailt na gCaitliceach. Théadh gach aicme creidimh go dtí an scoil mhór lae agus cónaitheach a bhí aige i nDún Dealgan; dalta díobh ba ea Nicholas Joseph Callan (1799–1864), an t-eolaí mór a bhí ina ollamh i Maigh Nuad. In 1816 mhol sé go mbeadh an tUrr. William Steel Dickson (1744–1824), an tÉireannach Aontaithe, ina ollamh le diagacht sa Royal Academical Institute i mBéal Feirste, rún nár glacadh leis.

D’fhág sé slán le Dún Dealgan in 1818 chun post a bheith aige sa Royal Academical Institute, é ina ardmháistir ar an scoil chlasaiceach agus ina Ollamh le Laidin, Gréigis agus Eabhrais. Thugadh sé léachtaí Gaeilge trí huaire sa tseachtain. In 1819 toghadh é ina uachtarán ar Chumann Liteartha Bhéal Feirste. Ceoltóir maith ba ea é agus rinne sé iarracht uair an Irish Harp Society a athbheochan.

Tairgeadh cathaoir na Gréigise in Ollscoil Ghlaschú dó ach bhí sé ag fáil bháis ag an am. D’éag sé um meán oíche 26-7 Aibreán 1821. Deirtear gur 15,000 a shiúil ina shochraid. Tá sé curtha i Ráth Déamain.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú