ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil MAC GIOLLA EARNÁIN, Proinsias (19162004)

Tá cuntas ar an eaglaiseach seo ag Tomás Ó Sabhaois, Réamonn Ó Muirí, Denis Faul ... in Seanchas Ard Mhacha, 20, 2004 agus ag Anraí Mac Giolla Chomhaill in An tUltach, Lúnasa 2004. I Sráid Brook, Cúil Raithin, Co. Dhoire, a rugadh é (Francis Joseph William) 23 Bealtaine 1916. Ba iad a thuismitheoirí Patrick Mac Larnon, máistir stáisiúin, Muine Mór, Co. Dhoire, agus Nellie Toner. D’aistrigh a mhuintir go Port Rois ina dhiaidh sin. Bhí deirfiúr agus deartháir aige. Tar éis meánscolaíochta i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha, chuaigh sé go Maigh Nuad. Oirníodh é 23 Meitheamh 1940. Chaith sé dhá bhliain ag déanamh staidéir in Institiúid Dhún Búinne agus bhain DD agus STL amach. Ceapadh ina uachtarán é ar Acadamh Naomh Pádraig i nDún Geanainn i 1942; ó 1961 go ceann deich mbliana bhí sé ina ardmháistir ar Mheánscoil Naomh Pádraig ann. Bhí sé ina shagart paróiste i nDroim Cria, Port an Dúnáin, anuas go 1978 agus thóg sé séipéal nua ann (tá an seanfhoirgneamh ar taispeáint i nDaonpháirc Uladh i gCúl Trá). Deir John Bradley: ‘The “Troubles” were slow to break out in Portadown but when they did in 1972 those of us who were there, including Dr MacLarnon, had some dreadful experiences and were left with unforgettable memories’ (Seanchas Ard Mhacha). Bhí sé ina shagart paróiste i nDún Geanainn 1978-1994. Bhí sé ina dhéan ar chaibidil na deoise, agus ina bhiocáire ginearálta agus ina sheansailéir ar an deoise. D’éag sé 28 Iúil 2004 agus cuireadh é i Reilig Bhóthar Charlainne, Dún Geanainn.

Deir Anraí Mac Giolla Chomhaill: ‘Anneoin go raibh clú agus cáil ar an “Dochtúir” mar mhúinteoir Béarla i rith a shaoil, déarfainn gurbh fhearr an aithne a bhí ar an Athair Mac Giolla Earnáin mar fhear a chaith dúthracht a shaoil ag saothrú ar son chur chun cinn teanga na Gaeilge, agus is beag eagraíocht Ghaeilge nach raibh sé páirteach inti ...’ In agallamh le S.Ó.D. cé seo? in ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 30 Eanáir 1954, dúirt sé gur thosaigh sé ag cur spéise sa teanga le linn dó a bheith i Maigh Nuad agus go gcaitheadh sé mí gach samhradh i nGaeltacht Thír Chonaill. Thug sé féin agus fiche eile ón deoise cuairt ar Rann na Feirste i 1943. Bhí sé ina bhall de Chomhaltas Uladh um 1945 nuair a bhunaigh siad coláiste samhraidh i Ros Goill agus is é a ainm is mó a luaitear mar bhunaitheoir. I scoil Dhoire Chasáin a bhí sin lonnaithe ar dtús. B’eisean faoi deara gur tógadh an foirgneamh nua a osclaíodh i 1952; bhí sé ina uachtarán air ó 1945. In Acadamh Phádraig d’fhéach sé chuige gur chainteoir dúchais a bheadh mar bhean a’ tí ann. Bhí sé ina uachtarán ar Chomhaltas Uladh. Bhí sé ar dhuine den triúr a bhunaigh Leabharlann agus Cartlann Thomáis Uí Fhiaich . I 1953 bhí sé ar bhunaitheoirí Chumann Seanchais Ard Mhacha agus a n-irise Seanchas Ard Mhacha. Bhí baint mhór aige le hathbheochan an chumainn i 1968 agus bhí sé ina uachtarán air. In éineacht le Tomás Ó Fiaich thug sé camchuairt diaspora na nGael i 1986. Ba é an príomhcheiliúraí aifrinn é nuair a thug an Pápa Eoin Pól II cuairt ar Dhroichead Átha i 1979. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhairle Choláistí Uladh de Chumann Lúthchleas Gael agus bhronn sé Corn Mhic Giolla Earnáin le haghaidh comórtas na scoileanna faoi bhun 18 mbliana. Bhí sé ar choiste Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ar feadh i bhfad ina bhall de Bhord na Leabhar Gaeilge.

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta