Duine de bhunaitheoirí Chuallacht Cholmcille i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, agus fear gaoil le Breandán agus Ciarán Ó Doibhlin. Rugadh i mBoth Domhnaigh Íochtair in aice leis an Ghoirtín i gContae Thír Eoghain é ar an 21 Nollaig 1874. Shíolraigh sé ó dhaoine a raibh cónaí orthu i gCabhán an Chaorthainn i dTír Eoghain ach a cuireadh ó sheilbh. Bhí sé ina leaschathaoirleach ar an Legion of St Columba a bunaíodh sa Choláiste sa bhliain 1898 ach ar fearr aithne inniu air mar Chuallacht Cholmcille. Ba é Patrick Toner as Deoise Ard Mhacha a bhí ina chathaoirleach, fear a bhí ina Ollamh le Diagacht sa tréimhse 1904 go 1908. Bhí trí chraobh sa Chuallacht agus mar seo a labhair Pádraig ag cruinniú tionscnaithe ceann acu, St Mary’s, faoi ghnáthléitheoireacht na linne: ‘... the Penny Dreadfuls, the Shilling Shockers, the Bits, the Chips, the Pick-me-ups and the Forget-me-nots that are vomited by the publishers of London.’

Trí bliana ina dhiaidh sin agus an chéim BD bainte amach aige, labhair sé ag an chraobh chéanna faoin leabhar Love-songs of Connaught. Gairid ina dhiaidh sin, ceapadh ina shagart cúnta i Léim an Mhadaidh é ach glaodh air dul ag múineadh i gColáiste Cholm Cille, rud nár theastaigh uaidh agus nár thaitin leis. Sa bhliain 1915 ceapadh ina shagart cúnta ar Dhún Geimhin é agus mhair sé ansin go dtí an bhliain 1918. Ní raibh an tsláinte go maith aige agus i ndiaidh bliain a chaitheamh ina shagart cúnta ar an Urnaigh cuireadh go Denvir, Colorado, ar mhaithe lena shláinte é. Bhí sé ina shéiplíneach in ospidéal St Joseph go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1946. Fuair sé bás in Denvir ar an 9 Nollaig 1949. (Tá na húdair buíoch d’Aodh Ó Canainn a sholáthair an cuntas seo).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú