Seo í an scoláire a bhí pósta ar an Uachtarán Cearbhall Ó Dálaigh. Tá cuntais uirthi ag P. Ní C. in Anois 29-30 Eanáir 1994 agus in Irish Times 8 Feabhra 1994, agus ag Pádraig Ó Fiannachta in An Sagart, samhradh, 1996 (‘Leabharlann Mháirín Uí Dhálaigh ar Ionad an Bhlascaoid’). Tá ‘Máirín Bean Uí Dhálaigh: Bean uasal agus scoláire’ le Próinséas Ní Chatháin i gcló in Léachtaí Cholm Cille XXXIII: Cearbhall Ó Dálaigh, 2003 in eagar ag Ruairí Ó hUiginn. Tugann an tOllamh Ní Chatháin a dáta breithe: 30 Samhain 1908. Tá liosta a saothair i gcló aici freisin san alt seo. Gan amhras tá eolas freisin in Cearbhall Ó Dálaigh, 2001 le Risteárd Ó Glaisne. B’as Baile Átha Cliath dá hathair, múinteoir scoile a bhí ina bhall de Chonradh na Gaeilge. Bhí seisean ag múineadh i dTrá Lí, mar a raibh a chara Proinsias Ó Fathaigh ag múineadh, agus is ann a casadh a bhean air; ba dhuine í de mhuintir Uí Bhrolcháin, tógálaithe i gCorcaigh. Fuair an t-athair post múinteora le Fiúsailéirí na Mumhan san India agus is ann a rugadh Máirín; luaitear beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin a bheith aici. Cuireadh go hÉirinn í nuair bhí sí dhá bhliain go leith d’aois agus chaith sí tamall le deirfiúr a hathar i dTrá Lí. Bhí sí ar scoil aíochta ag na Doiminicigh sa Chabrach, Baile Átha Cliath, ar dtús, i Scoil an Chreidimh Ró-Naofa sna Sceirí ina dhiaidh sin, tamaill ansin i gClochar Loreto i mBaile Brigín agus ag na Doiminicigh i Sráid Eccles, Baile Átha Cliath. Níor chuir sí aithne i gceart ar a hathair riamh; thógadh sé tamall rófhada air teacht ón India agus filleadh ann. Thagadh a máthair go hÉirinn ó am go chéile. Bhain sí bunchéim amach sa Laidin agus sa Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus bhí ag múineadh i Muineachán agus i Scoil Chaitríona sula ndearna sí céim mháistir sa tSean-Ghaeilge. Bhí sí ina Reachtaire ar an gCumann Gaelach agus bhí ar choiste an Literary and Historical Society. Timpeall an ama chéanna bhí Cearbhall Ó Dálaigh sna cumainn sin agus sa chlub siúlóide; phós siad i 1934 agus thug mí na meala ag taisteal na n-oileán Gaeltachta go léir. Tá an nóta seo in Burke’s Irish Families i dtaobh Chearbhaill: ‘married Máirín Nic Dhiarmada of Mussoorie, United Provinces of India and Kashmir.’

Bhí ardmheas ag Osborn Bergin uirthi agus cheap sé í mar chúntóir i Roinn na Sean-Ghaeilge. Bhí sí ina scrúdaitheoir eachtrannach sa tSean-Ghaeilge ag Ollscoil na hÉireann sna 1960idí. Bhí sí ina ball de Choiste Riartha an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ina ball de Bhord Scoil an Léinn Cheiltigh. Chaith sí breis is tríocha bliain ag obair ar Fhoclóir an Acadaimh. Bhí Bergin, Eleanor Knott, Maud Joynt, E. G. Quin, Máire Ní Mhuirgheasa agus Pádraig Ó Fiannachta mar chomhghleacaithe aici san obair sin. Deir ‘P. Ní Ch.’ (Anois) agus í ag tagairt do na scoláirí sin: ‘Her knowledge of Old Irish was held in very high regard by all those scholars and her generosity to the younger generation in regard to learning was wide and deep.’ Deir Ó Fiannachta: ‘Tar éis cúig bliana, d’éirigh liom féin is Máirín an litir L a fhoilsiú. Ní bhíodh d’uain againn araon chun na hoibre a dhéanamh ach cibé lá saoire nó téarma saoire a d’fhaighinnse ó mo dhualgas ollúna i Maigh Nuad, agus ise ó na dualgais aíochta agus tís a bhíodh uirthi mar chéile an Phríomhbhreithimh. Bhí Cearbhall ar an gCúirt Eorpach sula raibh deireadh déanta faoin mbliain 1974, agus an saothar mór sin curtha i gcrích ag an bhfoireann bheag a bhí ag obair sa chuid is mó go deonach páirtaimsireach.’

Chuir sí gluais ar fáil do Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill 2, 1957 atá in eagar ag Pól Breathnach agus Colm Ó Lochlainn agus a d’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaedhilge; sa réamhrá deir Ó Lochlainn: ‘The exhaustive and very valuable glossary is the work of my good and patient friend, Mrs Máirín O’Daly, who also pointed out many misprints and errors. Had I her help at an earlier stage it would have saved me from the many blemishes on my part of the work’. Chuir sí eagar ar Cath Maige Mucrama, 1975, imleabhar a 50 d’imleabhair an Chumainn sin. Deir Brian Ó Cuív faoi seo: ‘Volume 50 contains four stories derived fron Munster traditions of the pre-historic period and transmitted in late Old Irish or early Middle Irish, edited in exemplary fashion by Máirín O Daly’ (‘Development of Irish Language scholarship’ in The Irish Texts Society: The First Hundred Years, 1998, in eagar ag Pádraig Ó Riain). Deir P. Ní Ch.: ‘Chuireadh sé díomá uirthi i gcónaí nár scríobhadh aon léirmheas ar an eagrán sin cé gur chaith sí na blianta fada ag obair air’ (Anois). Bhí aistí agus léirmheasanna i gcló aici in Ériu, Éigse, Celtica, Irish Historical Studies, Béaloideas agus An Sagart. Bhí saothar dá cuid: in Irish Sagas, 1950 in eagar ag Myles Dillon; in Early Irish Poetry, 1965 in eagar ag James Carney; agus inCeltic studies: essays in memory of Angus Matheson 1912-1962, 1968 in eagar ag James Carney agus David Greene. Bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt.Celt uirthi agus ar a fear céile; bhronn Ollscoil Bhaile Átha Cliath dochtúireacht uirthi i 1980 agus bhronn rialtas na hIodáile an gradam ‘Commendatore (al remito)’ uirthi. Ba í a d’oscail Oireachtas 1979 agus ceapadh í ina Leas-Seansailéir ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath an bhliain sin.

Deir an Glaisneach: ‘Faraor ghéar, i mblianta deireanacha a saoil, bhuail galar Máirín—easláinte inchinne a dtagann meath intinne agus coirp di diaidh ar ndiaidh, rud truamhéileach ag bean a raibh an-cheann uirthi agus iompar deas neamhspléach fúithi.’ D’éag sí 25 Eanáir 1994 agus tá sí curtha lena fear céile i Snaidhm, Co. Chiarraí. San fhógra báis luaitear deirfiúr agus deartháir a bheith beo. Bhronn Pádraig Ó Fiannachta leabharlann Mháirín, cúpla míle leabhar, ar Ionad an Bhlascaoid i gcuimhne uirthi féin agus ar Chearbhall: ‘Toisc gur luaigh sí mise ina huacht, bheartaíos an múrphictiúr le Bob Cathail atá anois ar fhalla cúil shéipéal Fionntrá a choimisiúnú agus a thíolacadh ina cuimhne. Tá súil agam go bhfeicfidh na cuairteoirí an pictiúr ealaíonta sin sula ngabhann siad thar tigh Pháidí Sé. Sea, nuair a chualas go raibh an bailiúchán leabhar seo ar díol, thuigeas nár chóir é a scaipeadh.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú