Tá taispeánta ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr (II), 1980 go bhfuil cúigear filí a mhair sa tréimhse 1539–1621 a bhfuil an t-ainm ‘Lochlainn Ó Dálaigh’ orthu. An file a leagtar an dán cáiliúil ‘Cáit ar ghabhadar Gaoidhil’ (in eagar ag William Gillies in Éigse, samhradh 1970 faoin teideal ‘A Poem on the Downfall of the Gaoidhil’) atá i gceist anseo. Meastar gur cumadh é aimsir Phlandáil Uladh. Ba dhóigh le Mhág Craith gurbh ollamh ag Ó Raghallaigh Bhréifne an file seo agus gurbh as an dúiche sin dó. Chum sé freisin, i 1596, marbhna ar Philip Ó Raghallaigh, ‘Frémh gach uilc oidheadh flatha’ (in eagar ag James Carney in Poems on the O’Reillys, 1950). Ní móide móran eolais eile a bheith ar fáil ina thaobh.

File de mhuintir Dhálaigh an Chláir agus ollamh ag Brianaigh ba ea an Lochlainn Óg Ó Dálaigh (fl.1550) a chum an péire dán atá in eagar ag Osborn Bergin in Irish Bardic Poetry ..., 1970: ‘Ionmhain triúr táinig dom fhios’ agus ‘Léigidh dhamh mo Dhomhnall féin’. De mhuintir Dhálaigh na Mí an Lochlainn Ó Dálaigh (fl.1601) a chum ‘Uaigneach ataoi, a theagh na mbráthar’ i dtaobh Mhainistir Mhuilte Farannáin (in eagar ag Láimhbheartach Mac Cionnaith in Dioghluim Dána, 1938 agus i gcló ag Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967). De mhuintir Dhálaigh Fhiodhnaigh Bheara fear eile den ainm a chum dán d’Uaithne Ó Lochlainn sa Bhoirinn. Mhair an cúigiú Lochlainn timpeall 1621 agus chum dán do Sir Lúcás Diolúin i gContae Shligigh. Fochraobh de Dhálaigh na Mí ba ea na Dálaigh a bhí ina n-ollúna ag muintir Dhiolúin. Ach tuairimíonn Mhág Craith gurbh fhéidir gurbh é Lochlainn eile na Mí an cúigiú Lochlainn seo!

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú