Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 92
Bhain sé amach a shlí bheatha mar oide Gaeilge meánscoile ar feadh bliana i dtosach san Ardscoil a bhí lonnaithe i Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, an uair sin, agus ó 1960 go 1963 i gColáiste Wesley a bhí ar Fhaiche Stiabhna; ansin mar léachtóir i Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ó 1963 go dtí 1972 nuair a ceapadh chuig post an chláraitheora é ··· Orthu sin bhí tábhacht Choláiste Phádraig mar ionad oiliúna d’oidí bunscoile agus ba mhinic a chuir sé in iúl a dhóchas astu i dtaca le hoideachas, óige agus saol na tíre ··· An aisling sin d’oideachas agus d’oiliúint oidí bunscoile a chothaigh Stiofán i bpáirt le Séamas agus le Dónal Ó Criagáin C.M., uachtarán Choláiste Phádraig idir 1957 agus 1976, bhí sí ag teacht leis an leagan amach a bhí á mholadh ag John Henry Newman ··· D’éirigh trí ócáid mhóra i saol Choláiste Phádraig lena linn ar a rabhthas buíoch as a chumas ar cheannaireacht acadúil, pleanáil straitéiseach agus bainistiú athraithe: polasaí a bheartú maidir le hoscailt an choláiste do mhná agus iad a ghlacadh isteach de réir a chéile ó 1971 ar aghaidh; bliain a chur leis an gcúrsa oiliúna agus aitheantas a ghnóthú faoi scáth an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, do chéim bhaitsiléara san oideachas in 1974 mar cháilíocht d’oidí bunscoile, socrú a sheas go dtí 1995; aitheantas a ghnóthú do Choláiste Phádraig trí nascadh institiúideach le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 1993 a d’fhág Coláiste Phádraig ina choláiste de chuid na hollscoile sin feasta, socrú a cheadaigh céim bhaitsiléara sna healaíona agus réim leathan de chúrsaí iarchéime a thairiscint sna healaíona agus san oideachas, amach suas go dtí cáilíocht dochtúireachta. Seo a leanas tuairisc a chomhghleacaí John Canavan, ceann roinn oideachais an choláiste ag an am, ar pháirt Stiofáin san fhorbairt deiridh sin: Stiofán had a far-seeing vision for St Patrick’s College, its place in Ireland and its role in education ··· Bhí sé ina chathaoirleach ó 1965 amach ar Chumann Peile agus Iomána Choláiste Phádraig, agus ar Dhóchas Éireann/ Erin’s Hope, cumann na n-ábhar oidí a d’imríodh i gcomórtais pheile agus iomána faoi choiste Bhaile Átha Cliath, agus ní raibh a shárú ann i dtaca le tuiscint ar mhianach na gcluichí, foirne a ullmhú agus a spreagadh, chomh maith le taicticí imeartha a bheartú agus a chur i bhfeidhm. Thuig sé dúil na mac léinn sna cluichí dúchasacha agus a bhfonn deiseanna imeartha a sholáthar dá ndaltaí sna scoileanna
I bhfoirgneamh Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, a bhí an coláiste ullmhúcháin sin i rith Éigeandáil 1939–45, agus sin toisc seilbh ar fhoirgneamh an choláiste i nGaillimh a bheith ag an Roinn Cosanta agus gur tharla Coláiste Phádraig folamh ag an am i ngeall ar bhac a bheith i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais ar ábhar múinteoirí a earcú (Jones 2006) ··· Aindreas a thug an t-aitheasc ag sochraid Bhreandáin in 1990. Cháiligh Aindreas mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Phádraig agus bhí sé fostaithe anseo is ansiúd: Sligeach, Móinteach Mílic, Co ··· Ón uair a chonaic sé léiriú de ‘Oíche mhaith agat, a Mhic Uí Dhomhnaill’ ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair in aois a sheacht mbliana dó ba mhór a spéis i gcúrsaí amharclainne (‘An mhuintir seo againne,’ Scéala Éireann, 27 Feabhra 1960) agus is insuime, agus gan ach an scór bliain aige, agus é go fóill i gColáiste Phádraig, gur stáitsíodh dráma leis, ‘Clocha na Coighcríche’, in Amharclann na Péacóige i rith Oireachtas na Gaeilge (15 Deireadh Fómhair 1950 ar aghaidh)
I gColáiste Éinde ar an mBóthar Ard i nGaillimh a fuair sé a chuid meánscolaíochta agus chuaigh sé as sin chuig Coláiste Phádraig i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath, áit ar oileadh mar bhunmhúinteoir é sa bhliain 1970. Níor réitigh an bhunscoil ná an mheánscoil chónaithe leis beag ná mór agus chreid sé go daingean gurbh amhlaidh a d’ísligh an córas iontu a spiorad, in ionad é a neartú ··· Malairt measa a bhí aige ar Choláiste Phádraig agus an tsaoirse agus an spreagadh a bhí le fáil ansiúd. Ba é an t-ollamh le Gaeilge a bhí i gColáiste Phádraig, Séamus Ó Mórdha (1915–2005), a mhol dó tabhairt faoin scríbhneoireacht agus ansiúd freisin a fuair sé deis luí isteach ar ábhar eile a thaitin go mór leis – an stair
Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bhí an scoláire seo ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus tá eolas cuimsitheach ar a shaol ag Breandán Ó Conaire in Aistí ag iompar scéil: in ómós do Shéamus P ··· Thacaíodh sé féin go mór le foireann Choláiste Phádraig, Dóchas Éireann. Chaith sé an tréimhse 1935-38 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar scoláireacht ó Chomhairle Chontae Mhuineacháin ··· Ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1954, post a bhí aige go 1981 nuair a shroich sé aois an phinsin
Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ó 1908 go 1910 agus bhí ina oide sa scoil náisiúnta ann ó 1910 go 1922 ··· Ghlac sé a chéad ranganna Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1919 agus thosaigh go lánaimseartha mar Ollamh le Gaeilge ann i Meán Fómhair 1922 ··· Scríobh sé School terms and orders, 1922; Foghraidheacht na Gaeilge, 1924; Teacht aniar: an ceathramhadh leabhar Gaeilge, c.1924; Litiridheacht na Gaeilge, 1929; An léirmheastóir, 1931, chomh maith le scata de leabhairíní scoile. D’éirigh sé as a phost i gColáiste Phádraig 31 Lúnasa 1954
Bhuaigh sé Scoláireacht an Rí agus chaith na blianta 1902-3 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ··· Nuair a cháiligh sé mar mhúinteoir chuaigh sé ag obair i nDoirín an Chairn chun go mbeadh deis ag a dheartháir Seán dul go Coláiste Phádraig
Chaith sé bliain i Scoil Thionchoisg Dhroim Conrach [Coláiste Phádraig, Baile Átha Cliath] ..
Roghnaíodh é ina ábhar múinteora i ndiaidh na Meán-Teistiméireachta agus de thoradh a mharcanna san Ard-Teistiméireacht chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Droim Conrach ··· In 1934 fuair sé post sa bhunscoil a bhain le Coláiste Phádraig, Droim Conrach; mura mbeadh post ollscoile le fáil aige d’oirfeadh dó a bheith ina chigire agus chuige sin níor mhór gurbh ag múineadh i scoil cháiliúil a bheadh sé. In 1937 ceapadh é ina léachtóir cúnta sa Ghaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; bhí dhá phost den chineál céanna fógartha agus Tomás S
Cé is moite de na blianta 1899–1900 nuair a bhí sé ag cáiliú mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, is ina mhúinteoir i Scoil na mBuachaillí i nGleann na hUidhre i bparóiste Thuar an Fhíona a chaith sé an tréimhse 1896–1902 ··· I gColáiste Phádraig bhí sé cairdiúil le hÉnrí Ó Muirgheasa a raibh ardspéis sa teanga aige cheana féin. Bhí sé ina bhall de Choiste Ceantair na nDéise de Chonradh na Gaeilge agus ar 25 Deireadh Fómhair 1902 fógraíodh in An Claidheamh Soluis go raibh sé ceaptha ina thimire i gContae Phort Láirge
Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 13 Eanáir 1906 gur ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i gcomharbacht ar Eoin Mac Néill ··· Deirtear ar 27 Eanáir gur shroich sé Baile Átha Cliath le dul i mbun a dhualgas nua. Coláiste Phádraig, Droim Conrach, an seoladh a bhí aige nuair a thug sé síntiús don bhailiúchan náisiúnta
Ó 1892 go 1894 bhí sé i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus ansin fuair sé post múinteora i Lána na Cuaiche i mBaile Átha Cliath ··· Ar fhilleadh go hÉirinn dó ceapadh é ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Scoláireacht an Rí a thug go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, é ··· He had little interest in material comforts and sent his salary home to provide an education for his younger siblings, after the untimely death of his father.’ I 1931 d’aistrigh sé go Scoil Phádraig, bunscoil a bhí bainteach le Coláiste Phádraig maidir le hoiliúint múinteoirí
Cháiligh sé mar oide scoile i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ina dhiaidh sin agus chaith sé na blianta ó 1957 go 1968 ag teagasc i Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Nuair a tháinig Liam go Baile Átha Cliath i dtosach mar ábhar oide i gColáiste Phádraig, dhéanadh sé obair dheonach le Cumann Uinseann de Pól
Cheatharlach agus é ag freastal ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach
In 1967 bhí a dheartháir Mícheál ar fhoireann na Mí a bhuaigh Craobh Shinsir na hÉireann sa pheil. I gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a oileadh Pádraig mar mhúinteoir agus tar éis an tamaill sin a chaitheamh i mbun na ceirde i bPort Láirge, fuair sé post i Scoil Lorcáin, áit ar mhúin sé Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin a bhain cáil amach ina dhiaidh sin leis an ngrúpa ceoil The Hothouse Flowers. Ba le linn dó a bheith i bPort Láirge a chas a bhean, Clár Nic Cárthaigh, air
Bhásaigh iníon eile, Tina, de bharr meiningítis in 1942 agus gan í ach naoi mbliana d’aois. D’fhreastail Peadar Lamb ar Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua agus ina dhiaidh sin chaith sé cúig bliana i gColáiste Éinde i mBóthar na Trá, Gaillimh, sular oileadh mar bhunmhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach
Chaith sé tréimhse mar scríbhneoir cónaitheach i bPáras (2003 agus 2012); in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne (2005); agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach (2011 agus 2012)
Cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Thug scoláireacht go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, é agus thosaigh ar a cheird mhúinteoireachta i Léim an Bhradáin, Co
Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta in 1940 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath
Chorcaí, a bhí sé ar ball. Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, agus chaith tamall leis an gceird sa Cheapach Mhór, Co
Gan aon amhras is mar ‘Jerome’ agus ‘Jeremiah’ a dhéanadh sagairt na seanaimsire galldú ar an ainm sin ‘Diarmuid.’ Is i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, a cháiligh sé mar bhunmhúinteoir
Chuir sé an-suim, leis, i gcúrsaí spóirt. Ar cháiliú mar bhunmhúinteoir dó in 1955, in aon rang le John McGahern i gColáiste Phádraig, phós Diarmaid Mary Gallagher, as Dún Lúiche, Gaoth Dobhair, a bhí ag staidéar i mBaile Átha Cliath
Chorcaí, agus roinnt blianta i Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge, Baile Átha Cliath, nó gur thosaigh i lár na 1960idí ina léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath
Tar éis ceithre bliana ann, ar aghaidh leis go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, mar ar oileadh ina mhúinteoir bunscoile é in 1953
I ndiaidh na hArd-Teistiméireachta chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Droim Conrach
Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Bhí sé tamall ag múineadh Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
I ndiaidh cúpla bliain i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, thosaigh sé ag múineadh i Scoil Mhuire ar Chnoc Easúin i gcathair Chorcaí in 1897 agus bhí sé ina dhiaidh sin ina phríomhoide i Scoil na gCloichíní sa Pharóiste Thuaidh
Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1929
Ghnóthaigh a mharcanna dó ionad i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus scoláireacht ollscoile
B’ansin a dhírigh Énrí féin ar obair an bhailiúcháin agus lean sé air ar feadh a shaoil. Fuair sé oiliúint mhúinteora i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1900
Ceoltóirí ba ea an bheirt acu. Bhí sé ag freastal ar Scoil Mhaolmhaodhóg sula ndeachaigh sé go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, agus ansin go dtí Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste mar ar bhain sé céim B.A
Chaith Seán bliain i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach
Chaith sé an tréimhse 1912–14 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1891–92
Ghnóthaigh sé scoláireacht a thug go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, é
Faoi 1928 bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Is cuimhin liom go maith na sceitimíní a bhí orainn agus an draíocht a chuir Mac Liammóir orainn’ (An Glór 22 Eanáir 1944). Bhí sé i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ó 1932 go 1934
Ba bhall é den toscaireacht a chuaigh chun cainte in 1884 leis an Athair Peter Byrne, uachtarán Choláiste Phádraig, Droim Conrach, i dtaobh ollúnacht Ghaeilge a bheith acu
Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus chaith breis mhaith agus ceithre bliana déag ag múineadh sa Mhodhscoil in Inse Chór agus i Scoil Mhuire na Dea-Chomhairle i nDroimneach
Ó 1893 go 1895 bhí sé i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Chuaigh sé le bunmhúinteoireacht agus tar éis dó tamall a chaitheamh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhí sé ag múineadh anseo is ansiúd i mBaile Átha Cliath gur ceapadh é ina phríomhoide i Scoil Chaoimhín, Black Pitts
Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus ceapadh é ina phríomhoide i scoil náisiúnta Roisín i 1933
Chabhraigh a dheartháir Peadar leis san obair freisin; gabhann Ciarán Ó Coigligh buíochas leis an mbeirt acu faoi fhoinn roinnt d’amhráin Raiftearaí a thabhairt dó. Tar éis bunoideachais i Scoil Náisiúnta Bhaile Chláir na Gaillimhe agus i Meánscoil Naomh Seosamh, Gaillimh, cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1936
I ndiaidh oideachais i gColáiste Éinde, Gaillimh, cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Nuair a dúnadh an coláiste sin chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Droim Conrach (1939-40), agus bhain an chéad áit sa stair agus san ealaín i scrúdú deiridh na sinsear
Scoláireacht na Cásca a thug go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, é
Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge agus cháiligh mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Fuair a iníon Kitty post Eoghanachta ar ball. I ndiaidh dó cáiliú mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhí poist sealadacha aige anseo is ansiúd agus i Sligeach go háirithe: an Ghráinseach, Cliafuine, Lake View ...
Cuireadh meánoideachas air i gColáiste Éinde, coláiste ullmhúcháin i nGaillimh, agus cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Ghnóthaigh sé scoláireacht mhíosa i gColáiste Gaeilge Thuar Mhic Éadaigh i 1927 agus an bhliain chéanna sin chuaigh sé isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, gur cháiligh mar bhunoide i 1929
D’éirigh leis de thoradh scrúdaithe i 1943 áit a fháil i gColáiste Éinde, Gaillimh, ceann de na coláistí ullmhúcháin úd a bunaíodh i 1927 chun oideachas den dara leibhéal a chur ar ábhar múinteoirí (i ngeall ar chúrsaí na héig­eandála 1939-45 is i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a bhí an coláiste sa bhliain sin 1943-44)
I 1948 cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Ceapadh é ina ollamh le stair i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Bhí sé i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, 1918-20 agus chaith sé cúpla bliain ag teagasc i Scoil Náisiúnta Thrá Lí
Uncail leis ba ea Micheál Ó Loingsigh[B2], Príomhaistritheoir Rannóg an Aistriúcháin. Tar éis bunscolaíochta i Scoil Bhaile Uí Bhuaigh agus meánscolaíochta ar scoláireacht i gColáiste Ullmhúcháin De La Salle in aice le Mala, cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Thug scoláireacht go dtí Coláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne é, mar a raibh tionchar ag an mBráthair Peadar Ó Loingsigh[q.v.] air, agus cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
I 2001 thug Ceirníní Claddagh Éigse Dhiarmuidín amach i gcomhar le Raidió na Gaeltachta. Cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Tar éis meánoideachais i gColáiste Éinde cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1942
His love for Irish remained all through his life, and he followed with keen anxiety the work of the Gaelic League.’ Ba é a d’iarr in 1897 ar Eoin Mac Néill[B4] Gaeilge a theagasc i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, rud a d’fhág gurbh é an Niallach an chéad ollamh le Gaeilge ann
Bhuaigh sé scoláireacht an Rí in 1923 nuair a bhí sé ina mhonatóir ann ach, tharla é bheith ró-óg le dul isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, d’fhan sé bliain eile gur bhuaigh arís é
Tar éis tamaill i scoil phríobháideach i mbaile Dhún na nGall fuair sé scoláireacht go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, agus cháiligh mar mhúinteoir náisiúnta i 1930
Ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1897 agus ba é an chéad duine riamh sa phost sin é
Bhí Gaeilge agus Béarla acu go léir. Fuair Seosamh bunoideachas i scoil sa Bháinseach agus d’fhreastail ar scoil i gCill Chaoi sula ndeachaigh sé isteach i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach in 1886
Ó 1906 amach bhí sé i gColáiste Adhamhnáin agus chaith 1912–14 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Tar éis dhá bhliain i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhain sé amach BA i 1913 agus MA deich mbliana ina dhiaidh sin
Bhí an dara bliain ealaíon san Ollscoil Ríoga déanta aige agus chuaigh sé isteach an bhliain chéanna sin i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Chaith sé tamall ag múineadh i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach ach dúnadh an coláiste go sealadach i rith an Chogaidh Dhomhanda
Tar éis dó a bheith ina mhonatóir i scoil a athar cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1908 agus bhí ag múineadh i scoileanna náisiúnta i gcathair Chorcaí
Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Tar éis bunscolaíochta d’fhreastail sé ar Choláiste Chaoimhín, coláiste ullmhúcháin i mBaile Átha Cliath, agus cháiligh mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Bhí sé ina ollamh le sláinteachas i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus i gColáiste Dhún Chéirí, poist pháirtaimseartha gan amhras
Chaith sé an scoilbhliain 1889-90 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus bhain Grád A1 sa scrúdú deireanach agus teistiméireacht den chéad ghrád sa mhúinteoireacht
Tar éis a bheith ar scoil ag na Bráithre Críostaí san Aonach bhuaigh sé scoláireacht an Rí i 1926 agus chaith 1926-28 i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Thuigfeá ón epithalamium le Torna go raibh Seán tráth ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh (An Claidheamh Soluis 18 Samhain 1905) agus is dóigh gur le linn dó a bheith i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a ghlacadh sé páirt in imeachtaí na craoibhe sin
Chaith sé ceithre bliana i gColáiste Éinne, Gaillimh, agus bliain i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Thabharfadh scoláireachtaí Ardteistiméireachta go dtí ceann de na coláistí ollscoile é ach go raibh a mhuintir róbhocht chun go nglacfadh sé leo. Fuair sé an chéad áit sna scrúduithe deiridh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1939
Tar éis a cháilithe i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, bhí sé ag múineadh i Latharnach ar dtús go dtí gur ceapadh é ina phríomhoide i Scoil na Cóguise, Cill Charthaigh, Co
Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir in gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ar dtús agus in 1939 fuair céim MA le céad-onóracha sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar a raibh Bergin agus Gearóid Ó Murchadha i measc a mhúinteoirí; Gaeilge Chill Chainnigh is ábhar dá mhórthráchtas MA agus do shaothair eile mar ‘Dréachtaí Filíochta a cumadh do sna Grásaigh i gContae Chill Choinnigh’ (1938) agus ‘Iarsmaí de Ghaelig Chontae Chill Choinnigh’ (Éigse, 1992)
Chaith sé sealanna i gcoláistí ullmhúcháin Éinde, Chaoimhín agus Íosagáin (Baile Bhuirne) sular cháiligh mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1924 agus bhí an marc ab airde in Éirinn sa Ghaeilge aige sa scrúdú deiridh
Tyrone’; an scoláire cáiliúil Estyn Evans a bhí mar ollamh aige. Bhí sé ina chúntóir taighde san ollscoil sin ar feadh trí bliana sular ceapadh é ina léachtóir le geografaíocht i gColáiste Phádraig Droim Conrach, agus bhí baint aige le bunú Studia Hibernica le linn dó a bheith ann
Cuireadh meánscolaíocht air i gColáiste Ullmhúcháin Chaoimhín, Baile Átha Cliath, agus cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Thug scoláireacht é go Coláiste Chaoimhín, Baile Átha Cliath, agus cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1940
In 1919, bhuaigh sé scoláireacht an Rí agus chaith dhá bhliain i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, gur cháiligh mar bhunmhúinteoir
Cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Bhuaigh sé Scoláireacht an Rí agus cháiligh mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach
Tar éis meánoideachais i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, cháiligh sé ina bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach