Tá cuntas air in Clare Champion 25 Lúnasa 1989. I ndiaidh oideachais i gColáiste Éinde, Gaillimh, cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé ag múineadh scoile i gContae na Gaillimhe agus i gContae an Chláir agus bhí ina phríomhoide i scoil Chora Finne, Co. an Chláir, nuair a chuaigh sé amach ar pinsean i 1979. Bhunaigh sé craobh de Chonradh na Gaeilge sa bhaile sin agus mhúineadh sé Gaeilge i ranganna oíche. Bhí sé ina bhall de choiste bainistíochta Choláiste Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh, ina bhall bunaidh den Clare Tourist Board, agus baint aige le bunú Clare FM. Ba é Pearsa an Chláir é i 1987. Bhunaigh sé an Sinsearlann i gCora Finne (Clare Heritage Centre) agus bhí sé ina bhall den Tascfhórsa Ginealeolaíochta a thug an Taoiseach le chéile i 1988. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, dochtúireacht air i 1989. D’éag sé ar 17 Lúnasa 1989. Luadh ceathrar deartháireacha agus ceathrar deirfiúracha sna fógraí báis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú