Ba é an duine ba shine é den seachtar mac a bhí ag James agus Mary Clarke agus is i gCnoc Comair san Uaimh, Co. na Mí, a rugadh é ar 13 Feabhra 1901. ‘Horse dealer’ a athair James dar leis an taifead beireatais agus ba í Mary Kavanagh a mháthair. Dar le Daonáireamh 1901 gur feirmeoir agus traenálaí capall ba ea James. Ag 3 Sráid Canon Row san Uaimh a bhí cónaí ar an gclann i 1911. De réir Dhaonáireamh na bliana sin feirmeoir agus féaránach ba ea an t-athair agus tá gach cuma air go raibh an chlann go maith as: teach maith acu agus tithe beaga ligthe amach ar cíos. Chuaigh beirt de na mic le sagartacht. Níor cuireadh síos i bhfoirm Dhaonáireamh 1911 go raibh Gaeilge ag duine ar bith sa chlann. Dúradh in Meath Chronicle 4 Feabhra 1956 go raibh gaol cleamhnais acu leis an Athair Pól Breathnach.

In ainneoin a bhfuil geallta sa teideal, níl ach fíorbheagán eolais ina thaobh féin ná i dtaobh a mhuintire ina leabhar Seoidíní cuimhne, 1937. Ach deir sé ann: ‘Is é an chéad Tomás Ó Cléirigh a bhí ann—mo sheanathair ó thaobh an athar—Tomás Fionn Ó Cléirigh, é siúd go gcastar píosaí fánacha dá chuid filíochta ar lucht staidéartha lámhscríbheann. Tomás Fionn a d’fhág an coláiste le grá do Shíle Beag Ní Chonalláin agus a mheall a croí le focla binne an amhráin úd “Caidé an fáth mé bheith claíte lá,/ Agus nach maireann beo díom ach mo scáil ?”’. Deir sé gur ó sheanduine darb ainm Beartlaí an Phoist a chloiseadh sé tuairisc ar Thomás Fionn. Tá cúpla dán le fear darbh ainm Tomás Mac Cléirigh i gcló ag Seosamh Laoide in Duanaire na Midhe.

Bhí sé ar scoil i gColáiste Fhinnín san Uaimh agus bhí cáil na lúithnireachta air ann. Bhain sé céim M.A. sa léann Ceilteach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé tamaill le hiriseoireacht, deirtear, agus tamaill le múinteoireacht. Timpeall 1928–29 bhí sé fostaithe mar mhúinteoir Gaeilge ag Comhairle Chontae Chill Mhantáin. In Wicklow People 21 Meán Fómhair 1929 tuairiscíodh ag cruinniú de Choiste Teicniúil Bhaile Chill Mhantáin go raibh sé ag éirí as an bpost sin. ‘Mr Clarke had got the Irish classes going in the permanent centre for Thursday and Friday, Newtown on Monday, Rathnew, and teachers’ class in Ashford, on Tuesday, Glenealy Wednesday, and special class in convent on Saturday’.

D’fhág sé an post sin nuair a d’fhostaigh an Leabharlann Náisiúnta é. Chaith sé tamall ansin san Ard-Mhúsaem. I 1939 ceapadh é ina Chláraitheoir Cúnta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Dúradh in Scéala Éireann 30 Eanáir 1956 gurbh é a réitigh le haghaidh a thaispeána bailiúchán an Mhúsaeim de mhíreanna a bhain le 1916–21. Is dóigh gur faoi threoir Liam Gógan a rinne sé an obair sin. Deirtear go raibh sé sna hÓglaigh agus é ina bhuachaill go fóill. Níor phós sé. D’éag sé ar 28 Eanáir 1956. Bhí cónaí air ag 126 Sráid Líosáin Uachtarach, Baile Átha Cliath, ag an am. Tá sé curtha san Uaimh.

Bhí aistí i gcló aige ó 1924 ar aghaidh in Irisleabhar Mhaigh Nuad, Éigse, Bonaventura, An Camán, An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Guth na nGaedheal, An Gaedheal.... Bailíodh cuid acu in Seoidíní cuimhne. Bhí sé cairdiúil le Pádraic Ó Conaire agus roghnaigh Tomás de Bhaldraithe cuntas ar a chaidreamh ar an mórscríbhneoir le cur ina chnuasach Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982. Mar thráchtas dá chéim mháistir i 1929 rinne sé staidéar ar na scríbhneoirí Proinsiasacha. Chuir sé aistí fúthu i gcló in Scéala Éireann1931–32 agus mhol Robin Flower dó leabhrán a dhéanamh díobh. Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaedhilge i Lobháin, 1936 an toradh a bhí air sin. D’ullmhaigh Tomás de Bhaldraithe eagrán nua i 1985. Chuir Ó Cléirigh Breatnais ar chuid de ghearrscéalta Uí Chonaire in Ystoriau Byr ó’r Wyddeleg, 1934.

Sa chuntas sin in Meath Chronicle deirtear: ‘We recall too, a work of his on the place-names, personalities and history of one of the south-eastern counties which was rightly characterised as definitive in its genre’. B’fhéidir gurbh é a bhí i gceist leabhar sa tsraith Stair na gContae a bhí faoi chúram an Athar Micheál Ó Flannagáin sa Leabharlann Náisiúnta agus gurbh é Tomás a chuir i nGaeilge é agus gur chun cabhrú leis an sagart a earcaíodh é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú