Duine de na Ceithre Máistrí, file, scríobhaí. Chaith Pól Breathnach dua lena thaispeáint gur Diarmaid a bhí ar a athair agus nár mhac é le Lughaidh Ó Cléirigh, údar Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, mar a scríobh Seán Ó Donnabháin sa réamhrá a chuir sé lena eagrán de Annála Ríoghachta Éireann ; ní raibh an bhunchóip i gColáiste San Isadóir sa Róimh feicthe ag an scoláire sin. Is é a dúirt na hannálaithe féin gurbh é mac Diarmada é. Is beag má tá aon eolas ar a bheatha seachas a bhfuil ag Breathnach, Colm Ó Lochlainn agus Anthony B. Clery i dtaobh fhadhbanna ginealais in The Irish Book Lover idir 1932 agus 1945. Deir Breathnach in Studies 24, 1935: ‘Last of all there is Cuchoigcriche, son of Diarmaid, one of the Four Masters. This man lived until 1662 or after.... He composed a poem in the year mentioned on the death of Mary, sister of Red Hugh O’Donnell: Cuchoigcriche O Cleirigh mac Diarmada do rinne so ag eccaoine imtheachta chloinne Aodha mic Maghnusa agus go hairidhe Maire duine as deidhionaigh do ecc don chloinn sin.’ Tá an chuid den dán a liostaíonn deartháireacha agus deirfiúracha Uí Dhomhnaill i gcló ag Breathnach in The Irish Book Lover. Bealtaine-Meitheamh 1935. Tá sé ionann agus cinnte go raibh Seán Ó Cléirigh (1778–1846) síolraithe ó Chúchoigríche s’againne. Thug an Seán seo leis ó Chontae Mhaigh Eo go Baile Átha Clíath lámhscríbhinní mar an ‘Leabhar Gabhála’, ‘Leabhar Ginealaigh Uí Chléirigh’, ‘Beatha Aodha Rua Uí Dhomhnaill’, agus dánta dinnseanchais Sheáin Mhóir Uí Dhubhagáin agus Ghiolla na Naomh Uí Uidhrín. Deir Anthony B. Clery (IBL, Samhain 1945) faoi: ‘The debt which we owe to him arises therefore from the fact that, although a poor man, he faithfully preserved the Ó Cléirigh Manuscripts which he could so easily and profitably have sold to foreign collectors, who would have doubtless removed them from Ireland.’ Bhí fógra a bháis in Drogheda Argus 16 Eanáir 1847: ‘On Monday, 28th December, 1846, at 10 Hamilton-row, Dublin, John O’Clery, the representative of the branch of his name, aged 72 years. He was the son of Patrick, son of Cosnamhach, son of Cairbre, son of Diarmid, son of Cucogry O’Clery, one of the four Masters who died in 1664’ (Colm Ó Lochlainn in IBL, Bealtaine 1942). Is inspéise gur bhailigh Pádraig Ó Moghráin seanchas i gceantar Bhaile Chruaich, Co. Mhaigh Eo, i dtaobh Chúchoigríche agus Chairbre, a dheartháir (Measgra i gCuimhne Mhichíl Uí Chléirigh, 1944 in eagar ag S. O’Brien; ‘O’Clerys in West Mayo’); bhí na logainmeacha Teach Chúchoigrí, Garrdha Chúchoigrí, Tobar Chúchoigrí, Ceathrú Mhuintir Chléirigh agus Ard Chairbre ar eolas ag daoine agus chreid cuid acu gurbh i Mainistir Bhuiríos Umhall a cuireadh é. Rinne sé a uacht i nGaeilge 8 Feabhra 1664.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú