Tá cuntas ar an teangeolaí seo in Dán do Oide, Essays in Memory of Conn R. Ó Cléirigh, 1997 in eagar ag Anders Ahlqvist agus Vera Capkova, agus in Teangeolas 34, 1995. I mBaile Átha Cliath a rugadh é 7 Feabhra 1927; ba é an chéad leanbh é ag James Cleary, ceannaí, agus Johanna Connolly; 17 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath, a thugtar mar áit bhreithe sa taifead beireatais ach is dóigh gur theach banaltrais a bhí ann. Bhí sé ar scoil i gColáiste Belvedere 1937-46 agus bhain an chéad áit amach le honóracha den chéad ghrád sa Léann Ceilteach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1949. Chaith sé an bhliain 1951-52 mar mhac léinn iarchéime agus mar chúntóir sa Gaeilge in Ollscoil na Breataine Bige Thuaidh in Bangor mar ar chuir sé lena eolas ar an mBreatnais. Thug scoláireacht taistil go Zurich é agus rinne sé staidéar ar an bhfocleolaíocht Cheilteach, ar na teangacha Ind-Eorpacha agus ar an gcanúineolaíocht; bhí Julius Pokorny i measc a ollúna ann agus is é Conn a scríobh an cuntas iarbháis atá in Celtica. Nuair a d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath chas sé le Ernest Lewy a dhírigh a aird ar theoiricí teanga an tseanscoláire Wilhelm von Humboldt (1767-1835).

Bhí sé ina léachtóir cúnta i Roinn na Breatnaise sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1955-57 agus ina léachtóir ann le Sean-Ghaeilge agus le Meán-Ghaeilge Mhoch 1957-64. Bhí sé ag obair freisin mar fhoclóirí Sean-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann 1956-59. Ba é an chéad ollamh é le teangeolaíocht nuair a bunaíodh an chathaoir sin sa Choláiste i 1964. ‘The academic year 1964-5, which he spent in the University of California at Los Angeles, proved to be most decisive for shaping his views on theoretical linguistics. His profound knowledge of Humboldt prepared him to accept and follow with enthusiasm the emerging paradigm of generative grammar. He became one of the rare scholars who are at home both in traditional philology and in the most recent developments in linguistics’ (Dán do Oide). Deirtear ann freisin: ‘Conn Ó Cléirigh’s contribution to the history of linguistics in Ireland cannot be measured in terms of his scholarly publications. His importance is in a different but essential sphere of scholarly activity; it is in his inspiring teaching, selfless dedication to the transmission of knowledge and the profound influence he thus had on his numerous students, colleagues and friends.’ Ceapadh é ina chathaoirleach ar Institiúid Teangeolaíochta Éireann nuair a bunaíodh é i 1972. In Béaloideas XXVIII, 1960 [1962] chuir sé eagar ar ‘Scéalta ó Chúil Ao’, a bhailigh Gearóid Ó Murchadha ó Dhónal Bán Ó Céileachair. D’éag sé ar 30 Aibreán 1995. Phós sé Ann MacCabe i 1955 agus bhí beirt iníonacha agus ceathrar mac acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú