I Leamhchoill, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 12 Bealtaine 1883. Seán Ó Raghallaigh, fear a raibh gabháltas beag aige, a athair agus ba í Máire Ní Loideáin ón Spidéal a mháthair. Cainteoirí dúchais Gaeilge iad agus thóg siad le Gaeilge an chlann mhór a bhí acu.

Fuair Tomás bunoideachas i Maigh Cuilinn sula ndeachaigh sé go dtí Meánscoil Sheosaimh Naofa i gCathair na Gaillimhe. Ghnóthaigh sé scoláireacht a thug go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, é. Cheangail sé le Conradh na Gaeilge agus chaith tamall ag múineadh i mBaile Átha Cliath. Chuaigh sé ag obair i gCeatharlach ar ball agus ansin go dtí Oileán Acla. Chaith sé sealanna i nGob a’ Choire, i Sáill, i nDumha Acha agus i nDumhach Bhinn Aille. Bhí Máire Sinéad Ní Challanáin ag múineadh in aon scoil leis ansin agus phós siad. Rugadh cúigear clainne dóibh.

I 1911, ar chuireadh Thomáis Bháin Uí Choncheanainn, ghlac sé le post múinteora taistil i gContae Mhaigh Eo. Bhí sé ar an bhfeadhain a chuir Scoil Acla ar bun i nDumha Acha i 1912. Fuair sé post múinteora i mBaile Chláirna Gaillimhe i 1916. D’aistrigh sé as sin go dtí Coláiste Sheosaimh Naofa i nGaillimh agus fuair Máire Sinéad post i scoil an Chladaigh. Ó 1919 go 1926, d’fhreastail sé arCholáiste Ollscoile na Gaillimhe agus bhain céimeanna B.A., M.A. agus Ph.D. amach. Bhí sé ina Ard-Ollamh i gColáiste Thuar Mhic Éadaigh i 1923–25 agus chaith sé sealanna ina ollamh i gColáiste an Phiarsaigh, Ros Muc, agus i gColáiste Chonnacht sa Spidéal.

I 1927, ceapadh é ina chúntoir i Roinn na Gaeilge sa Choláiste. Tamall ina dhiaidh sin, ceapadh ina léachtóir sa Mheán-Ghaeilge é. I 1938, toghadh é ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gcomharbacht ar Thomás Ó Máille. Thogh céimithe na Gaillimhe é ar Choiste Riartha an Choláiste ar feadh dhá thréimhse. Bhí sé freisin ina scrúdaitheoir seachtrach ag Coláiste na Ríona, Béal Feirste, agus ag Coláiste Ollscoile Chorcaí.

Bhí Pádhraic Ó Domhnalláin mar fhear comhair aige nuair a scríobh siad Bruth-fá-thír (1923). Bhí sé ina chomhúdar ag Seán Ó Ruadháin ag scríobh Scéalta gearra scoile (1924). Ó 1926 go 1929, bhí “Seanchas na mBúrcach” i gcló aige in Galway Historical Society Journal. Foilsíodh An Scoil Ghaeilge i 1927, Duanta Eoghain Rua Mhic an Bhaird i 1930 agus Maingín aistí (g.d.). Bhí “Dánta a Duanaire Mhig Shamhradháin” i gcló aige in Féilsgríbhinn Eoin Mhic Néill (1940). Scríobhadh sé ailt in Scéala Éireann, An Stoc, An Branar, Ar Aghaidh, Misneach ... “Tír-dá-loch” an t-ainm pinn a bhíodh aige.

Foilsíodh Filí agus filidheacht Chonnacht i 1938. Na lámhscríbhinní ar a raibh roinnt de na dánta bunaithe, bhí siad i seilbh Uí Chonchubhair Dhoinn. Bhí siad ceadaithe cheana féin ag Tomás Ó Rathile. Chuir seisean i leith Thomáis gur ar a obairsean a bhí cuid dá leabhar bunaithe agus nach ar na lámhscríbhinní féin. Bhí achrann faoi chóipcheart agus bagradh dlí. Tharraing Tomás a leabhar siar. Tá Eachdhroim an Áir, dráma gan dáta leis, faoina ainm in Galway Authors le Helen Maher.

D’éag sé ar 26 Eanáir 1966. Mac leis is ea an craoltóir Pádraic Ó Raghallaigh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú