Scoláire geografaíochta, aistritheoir, file. Tá cuntais ar a bheatha in Foinse 29 Iúil 2001 le Pádraig Ó Snodaigh agus in Irish Times 4 Lúnasa 2001, agus tá iontrálacha in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973 agus in Eolaire Iar-Chonnachta de Scríbhneoirí Gaeilge, 1998. Sa Pharáid Theas, Bóthar Ormeau, Béal Feirste, a rugadh é 4 Eanáir 1934. Ba é an dara leanbh é ag Éamon F. Mac Aodha, cuntasóir, agus a bhean Caitlín Diskin. Ó 1945 go 1951 bhí sé ag freastal ar Choláiste Maolmhaodhóig. Bhain sé BA amach in Ollscoil na Ríona i 1955 agus MA i 1959 lena thráchtas ‘The Pattern of farming in Co. Tyrone’; an scoláire cáiliúil Estyn Evans a bhí mar ollamh aige.

Bhí sé ina chúntóir taighde san ollscoil sin ar feadh trí bliana sular ceapadh é ina léachtóir le geografaíocht i gColáiste Phádraig Droim Conrach, , agus bhí baint aige le bunú Studia Hibernica le linn dó a bheith ann. Bhí sé ina léachtóir le Geografaíocht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe go dtí gur ceapadh é ina ollamh i 1968. Ba é an chéad duine riamh sa chathaoir sin é agus d’fhéach sé chuige go bhféadfadh mic léinn a gcúrsa a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. In aon staidéar geografach a bhí á dhéanamh aige níor mhiste leis riamh dul ar iontaoibh an bhéaloidis, na litríochta, na logainmníochta agus cúrsaí teanga. An dearcadh a bhí aige ar an ngeografaíocht gur droichead is ea í idir an sruithléann agus an eolaíocht; thugadh sé tacaíocht don staidéar idirdhisciplíneach. Bhí sé ina bhall den Choimisiún Logainmneacha agus ina bhall den fhochoiste a d’ullmhaigh Sráidainmneacha: Treoirlínte, 1962, agus ina eagarthóir ar Hereditas agus Topothesia. In éineacht le Austin Currie scríobh sé: A Systematic and Regional Geography, 1968. Dúradh san Irish Times i dtaobh fhoilseacháin a roinne i nGaillimh: ‘Perhaps the most impressive single piece of work to emerge from the geography department in its early years was the Galway Gaeltacht Survey [An tSuirbhéireacht ar Ghaeltacht na Gaillimhe, 1969]. Breandán Mac Aodha directed the compilation of this monumental work which was by far the most comprehensive survey of a Gaeltacht region ever undertaken.’ Saothair eile a luaitear a ainm leo is ea An Outline Plan for Galway City, Conacre in Ireland agus An Agricultural Atlas of Co. Galway. Bhí sé ina bhall de Chomhairle An Fhorais Talúntais. Bhí sé ina bhall den Choiste Téarmaíochta (An Roinn Oideachais) agus bhí baint aige le dhá fhoilseachán dá chuid: Foclóir Tíreolaíochta, 1972 agus Tíreolaíocht agus Pleanáil, 1981. Chuir sé eagar ar Sráidainmneacha na hÉireann, 1998. Aistriúcháin a rinne sé don Ghúm is ea Carraigeacha agus Mianraí, 1995, An Aimsir, 1995 agus Iontaisí, 1996.

Roghnaigh sé ábhar i gcomhair dhá bhailiúchán de dhánta agus ghearrscéalta: Cnuasach, 1966 agus Cnuasach 2, 1968. D’fhoilsítí a dhéantús filíochta agus a aistriúcháin ar dhánta Spáinnise in Fearsaid, Feasta, An tUltach, Teangadóir, Comhar. Roghnaíodh dánta leis in Nuafhilí 2 (1953-1963), 1968 agus Nuafhilí 3, 1979. Cnuasaíodh a shaothar in Uaimheolaíocht, 2001. Phós sé Íde Rafael Ní Bhraoin (d’éag 1998) 16 Lúnasa 1962 agus bhí ceathrar iníonacha acu, a bhfuair iníon díobh bás seachtain i ndiaidh a breithe, agus ceathrar mac. D’éag sé 20 Iúil 2001.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú