De bhunadh Ultach muintir an bhailitheora béaloidis seo; bhí gaol aige le Seán Ó hÉinirí. I dTulachán Bán, Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é 10 Márta 1888. Bhí a athair Féilim Shéamuis, feirmeoir agus iascaire, go maith as agus bád aige; ba í Margaret Goonan a mháthair agus bhí triúr deirfiúracha agus beirt deartháireacha aige. Níor ghnách lena thuismitheoirí Gaeilge a labhairt leis ach d’fhoghlaim sé paidreacha agus véarsaí beaga sa teanga óna mháthair. Bhí sé ar scoil i nDumha Thuama agus bhí múinteoir ansin a chothaigh spéis sa Ghaeilge ann. Nuair a d’fhág sé scoil chuir a athair mar phrintíseach é go siopa éadaigh i mBéal an Mhuirthead ach níor mhair sin ach cúpla lá nuair a d’áitigh an múinteoir go gcuirfí ar ais ar scoil é. Bhí sé tamall ina mhonatóir i nDumha Thuama agus rinne sé cúrsa comhfhreagrais leis an Norman Correspondence College, Londain. Bhuaigh sé Scoláireacht an Rí agus cháiligh mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Fuair sé a chéad phost i nGleann Chuilinn, Baingear. Tharla ráig fiabhrais sa cheantar ag an am bhí sé deacair lóistín maith a fháil ach thug máistir scoile Bhaingear, Peter Shevlin, lóistín dó ar choinníoll go dtabharfadh sé oiliúint d’iníon leis a bhí ag iarraidh scoláireacht a fháil. Phós sé duine de na hiníonacha, Kate, i 1910 agus mhair cúigear de na leanaí a rugadh dóibh, triúr mac agus beirt iníonacha. D’éag Kate in aois a 42 bliain i 1934 agus níor phós sé arís.

Chaith sé tamall ina phríomhoide i nDumha Locha agus nuair a cailleadh athair a chéile chuaigh sé ina áit i mBaingear. Ann a chaith sé an chuid eile dá shaol múinteoireachta. Thug sé bliain sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath gur bhain dioplóma amach san oideachas. B’éigean dó an bhliain sin a thógáil mar shaoire ach d’fhéach ceannaí i mBaingear chuige nach mbeadh a chlann ar an nganntanas lena linn. Níor ghlac sé le post cigire mar ba leasc leis a bheith scartha ón gclann arís. Ar feadh tamaill de bhlianta bhí ‘secondary top’ ar siúl aige agus é de cháil air go dtugadh sé togha an chúnaimh do dháltaí cumasacha; bhronn duine díobh a chéad phá air mar chomhartha buíochais. Bhí duais Carlisle agus Blake buaite faoi dhó aige.

Óna óige bhí spéis aige i mbailiú an bhéaloidis agus bhí suim ar leith aige i mbéarlagar na dtincéirí. Nuair a d’éirigh sé as an múinteoireacht bhí sé ag bailiú go lánaimseartha ina cheantar dúchais agus tá ar chruinnigh sé i dtaisce i Roinn Bhéaloideas Éireann. Foilsíodh aistí leis in Béaloideas. Ag oscailt oifigiúil na Roinne sin i 1971 thagair Seámus Ó Duilearga dó: ‘Close at hand, another outstanding man saved a vast store of seanchas in his native Iorras. He is with us today. His name is Micheál Mac Énrí—one of the most careful and painstaking of all our outdoor staff.’ Tá sé luaite ag Pádraig Ó Duinnín mar dhuine a thug eolas dó faoi Ghaeilge Mhaigh Eo. Scríobh sé Sár-laochra Éireann, [1924] agus Teagasc naoidheanán, [1926]. D’éag sé 19 Márta 1991 agus tá sé curtha i mBaingear.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú