Péintéireacht: Birth of the Irish Republic le Walter Paget
'Birth of the Irish Republic' le Walter Paget

Nuair a tosaíodh amach ar an tsraith leabhar Beathaisnéis (1986–2007) a scríobh, díríodh ar an tréimhse céad bliain ó 1882 go 1982; baineann an chéad chúig imleabhar leis an tréimhse sin. Pointe tosaigh maith a bhí ansin mar cuireadh Irisleabhar na Gaedhilge ar bun in 1882. Tháinig borradh úr faoi athbheochan na Gaeilge ansin nuair a tháinig deichniúr le chéile ar Shráid Sackville ar an 31 Iúil 1893 le Conradh na Gaeilge a chur ar bun. Breis agus fiche bliain ina dhiaidh sin, tháinig buíon eile le chéile ar an tsráid chéanna — Sráid Uí Chonaill mar is fearr aithne uirthi anois - le Poblacht na hÉireann a fhógairt ar Luan Cásca 1916. Ar thús cadhnaíochta bhí Pádraig Mac Piarais a léigh an Forógra os comhair Ard-Oifig an Phoist an lá sin agus a daoradh chun báis mar gheall ar an ról a bhí aige san Éirí Amach. Ach má bhí baint lárnach aigesean leis an réabhlóid sin bhí an-bhaint go deo aige freisin le gluaiseacht na Gaeilge ar feadh a shaoil. Scríobh sé leabhair Ghaeilge, bhí sé ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis, chuir sé Scoil Éanna, ardscoil dhátheangach do bhuachaillí, ar bun agus rinne sé neart eile ar son na teanga. Duine ar leith a bhí sa Phiarsach gan amhras, ach bhí neart eile cosúil leis mar ba léir do scríbhneoirí Beathaisnéis: ‘Gnéithe eile a ghabhann le suirbhé is ea an bhaint a bhí ag lucht na Gaeilge i gcoitinne leis an bpolaitíocht réabhlóideach, leis an IRB, le comharchumannachas agus ceardchumannachas, le gluaiseacht na mban’ (Breathnach & Ní Mhurchú 2000/01: 22). Ghlac an méid sin de lucht na Gaeilge páirt ghníomhach san Éirí Amach gur cruthaíodh an chatagóir ‘Éirí Amach 1916: Rannpháirtithe’ i measc na n-innéacsanna in Beathaisnéis a naoi (2007). Tá breis agus daichead ainm sa chatagóir sin.

Gheofar thíos anseo liosta beathaí in ord aibítre atá luaite ar bhealaí éagsúla le hÉirí Amach 1916. Rannpháirtithe ba ea cuid acu, ina measc daoine a throid i mBaile Átha Cliath nó in áiteanna eile le linn sheachtain na Cásca chomh maith le daoine a ghlac páirt neamhchomhraiceach sa réabhlóid. Bhí daoine ar nós Louise Gavan Duffy a d’oibrigh i gcistin Ard-Oifig an Phoist le linn na seachtaine sin agus an tAth. Agaistín Ó hAodáin a rinne freastal spioradálta ar na reibiliúnaigh san áit chéanna. Tá daoine eile luaite leis an Éirí Amach in Beathaisnéis nár éirigh leo a bheith páirteach sna heachtraí, dá n-ainneoin féin go minic, ach a raibh tionchar suntasach ag an réabhlóid orthu. Duine mór le rá é Eoin Mac Néill, mar shampla, nár ghlac páirt sa troid. Eisean a thug an freasordú leis an Éirí Amach a chur ar ceal ach gearradh pianseirbhís saoil air ina ainneoin sin. Tá sé san áireamh anseo ar an mbonn sin. Tá beathaí luaite ar an liosta thíos freisin a nocht tuairim láidir i dtaobh an Eirí Amach, tuairim dhiúltach i gcásanna áirithe. Deirtear gur chuir an tÉirí Amach fearg ar an scoláire logainmneacha Liam Price, mar shampla, agus go raibh súil aige go múinfeadh an tArm ceacht do na reibiliúnaigh.

Gearraistí

Scríobhadh cúpla gearraiste ar théamaí éagsúla a bhaineann leis an Éirí Amach le linn na bliana 2016 agus foilsíodh iad ar bhlag Gaois.ie:

Léarscáil

Ar an léarscáil thíos gheofar an áit a raibh daoine áirithe lonnaithe um Cháisc 1916 sa chás go bhfuil ionad sonrach luaite i dtéacs na beatha. Tá formhór na mbeathaí atá luaite ar an léarscáil luaite le Baile Átha Cliath, ní nach ionadh. Is foirgnimh aitheanta de chuid na cathrach sin iad Ard-Oifig an Phoist agus Muilte Uí Bheoláin i gcónaí. I gcás Mhonarcha Jacobs agus Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, nach bhfuil ann a thuilleadh, tá an áit a mbídís suite marcáilte ar an léarscáil.

Á lódáil
Léarscáil á lódáil...

LIOSTA NA mBEATHAÍ

ÁGHAS, Tomás

Bhí sé gníomhach sna hÓglaigh ó 1913 ar aghaidh. I 1914 bhí sé ag timireacht thar ceann Chonradh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe. Bhailigh sé roinnt mhaith airgid. Bhí sé ag bailiú do na hÓglaigh freisin. Ceapadh ina cheannaire é ar chath Fhine Gall de na hÓglaigh. Gabhadh é i 1916 i ndiaidh an chatha i gCill Dhéagláin.

Léigh tuilleadh »

BÉASLAÍ, Piaras

Nuair a bunaíodh na hÓglaigh ceapadh é ina Leas-Cheannaire sa Chéad Chath agus i 1916 bhí sé ag troid i gceantar Shráid an Rí Theas. Gearradh pianseirbhís air agus chaith sé tamaill i bpríosúin Phortland agus Lewes. Ba ghnách leis laoithe braighdeanais a chumadh agus é faoi ghlas.

Léigh tuilleadh »

BIBBY, Albert

Is air a thit sé cúram spioradálta a thabhairt do cheannairí 1916. Con Colbert, Seán Heuston agus Micheál Ó hAnnracháin, sular cuireadh chun báis iad. In éineacht leis an Athair Agaistín bhí sé sa láthair nuair a bhí Tomás Ághas ag saothrú an bháis.

Léigh tuilleadh »

BRUGHA, Cathal

Toghadh é mar 1ú Leifteanant ar Chomplacht D i gCathlán a 4 de na hÓglaigh i Márta 1914. Chuaigh sé go Binn Éadair agus go Chill Chomhghaill chun na gunnaí a thabhairt i dtír. Bhí sé in Aontas (Teach na mBocht) Bhaile Átha Cliath Theas Seachtain na Cásca 1916, é ina leas-Cheannfort ag Éamonn Ceannt. Gortaíodh é go dona le granáid agus lámhachadh é ach rinne sé cosaint ina aonar ar na hÓglaigh a bhí ag cúlú.

Léigh tuilleadh »

CEANNT, Éamonn

Bhí sé ar dhuine den seachtar a shínigh forógra Phoblacht na hÉireann agus bhí i gceannas sa South Dublin Union san Éirí Amach. Cuireadh chun báis é ar 8 Bealtaine.

Léigh tuilleadh »

COTTON, Albert Wesley

Deirtear gur chaith sé éide na nÓglach in eaglais Phrotastúnach Thrá Lí uair. Má bhí cead ag Arm na Breataine a sainéadaí a chaitheamh ann níor léir dó cén fáth nach ndéanfadh sé féin é. Chaill sé a phost i 1915 agus bhí ina eagraí lánaimseartha agus ina theagascóir ag na hÓglaigh sa chontae. Bhuail an Piarsach leis féin agus le hAibhistín de Staic i bhfómhar 1915 agus thug eolas dóibh faoin Éirí Amach a bhí beartaithe. In Kerry’s Fighting Story 1916-1921 tá alt aige dar teideal ‘Kerry’s place in the general plan, 1916’. Bhí sé á choimeád i mBéal Feirste mar gheall ar an Defence of the Realm Act an bhliain sin. Mar oifigeach coimisiúnaithe sna hÓglaigh bhí sé ar dhuine de cheannasaithe na bpríosúnach i gCampa Frongoch. Aistríodh go Reading é ar 11 Iúil 1917.

Léigh tuilleadh »

DE BHALDRON, Éamonn

Bhí sé ina aidiúnach i mBriogáid Lár an Chláir agus um Cháisc 1916 bhí sé faoi arm in Inis Díomáin ag fanacht ar orduithe. Gabhadh é agus chaith sé tamall i bpríosún Wakefield sular aistríodh go Frongoch é.

Léigh tuilleadh »

DE BÚRCA, Feargus

Bhí sé ina bhall de chomplacht Ráth Fearnáin de na hÓglaigh agus ghlac páirt in Éirí Amach 1916 in Ard-Oifig an Phoist. Bhí sé ina imtheorannaí in Frongoch agus bhí baint aige leis na cluichí peile a eagrú ann.

Léigh tuilleadh »

DUFFY, Louise Gavan

I mbun staidéir dá M.A. di ina lóistín i mBóthar Haddington chuala sí go raibh éirí amach ar siúl. Shíl sí gur dhíchéillí an mhaise do na hÓglaigh é ach chuaigh sí caol díreach chuig Ard-Oifig an Phoist. Chuir an Piarsach ag obair sa chistin í go ceann na seachtaine.

Léigh tuilleadh »

GÓGAN, Liam Seosamh

Bhí sé ar bhall den toscaireacht sna Stáit ag iarraidh armlón a fháil, rud a theip orthu. D’éirigh sé as an rúnaíocht ar fhilleadh dó i samhradh 1915. Níor shaighdiúir riamh é. Galar a bhuail é le linn a óige d’fhág sé cos ghairid aige. I 1914 fuair sé post leaschoimeádaí i Roinn na Sean-Seod den Ard-Mhúsaem. I ndiaidh Cháisc 1916 gabhadh é agus chaith sé seal in Frongoch. Ar theacht amach dó bhí sé gan phost nuair nach raibh sé sásta mionn dílseachta a thabhairt. Go dtí 1922 níor éirigh leis dul ar ais sa phost sin.

Léigh tuilleadh »

GREEN, Alice Stopford

D’íoc sí cuid mhór den chostas a bhain le gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair Iúil 1914. Ní raibh sí i bhfabhar Éirí Amach 1916 ach bhí gníomhach san fheachtas in aghaidh Coinscríofa.

Léigh tuilleadh »

HAMILTON, Beatrice

Bhí sí glan in aghaidh Éirí Amach 1916 ach ar son féinrialtais.

Léigh tuilleadh »

LYNCH, Diarmuid

Chabhraigh sé le Tom Clarke chun na socraithe don Éirí Amach a eagrú. D’ordaigh Pádraig Mac Piarais dó dul go Ciarraí d’fhonn réamhshocraithe a dhéanamh maidir le lasta gunnaí a thabhairt i dtír. Bhí sé ina chaptaen foirne i ngarastún Ard-Oifig an Phoist i 1916. Bhí príosúnaigh ina chúram ann ar feadh tamaill agus i mBeairic Richmond d’aithin duine díobh é ar a fhiacail óir.

Léigh tuilleadh »

MAC CANNA, Piaras

Cheangail sé leis na hÓglaigh go luath i 1914 agus ceapadh é mar oifigeach i gceannas ar Óglaigh Thiobraid Árann , an chuid díobh a thug droim láimhe do pholasaí an Réamonnaigh. I rith an Éirí Amach chuir sé Éamonn Ó Duibhir go Luimneach agus Seán Ó Treasaigh go Corcaigh leis an teachtaireacht go dtosódh Briogáid Thiobraid Árann ag troid dá mbeadh Corcaigh agus Luimneach sásta an rud céanna a dhéanamh. Chaith sé tréimhse i bpríosúin Reading agus Frongoch i ndiaidh an Éirí Amach.

Léigh tuilleadh »

MAC CURTÁIN, Tomás

Toisc thrasnaíocht na dteachtaireachtaí a shroich Corcaigh theip ar na socraithe don Éirí Amach ann. Gabhadh Tomás 3 Bealtaine agus cuireadh go príosún Wakefield i Sasana é ar dtús agus ansin ar 10 Meitheamh go Frongoch. Aistríodh go Reading é 11 Iúil agus scaoileadh saor é um Nollaig 1916. Choinníodh sé dialann i nGaeilge agus d’eagraíodh ranganna Gaeilge sna príosúin sin.

Léigh tuilleadh »

MAC ENNA, Stiofán

Um Cháisc 1916 thairg sé cabhrú leis na hÓglaigh in Ard-Oifig an Phoist ach síleadh é a bheith ró-dhrochshláinteach. Tá a chuimhní ar lucht an Éirí Amach in Memories of the dead (1917) a scríobh sé faoin ainm cleite “Martin Daly”.

Léigh tuilleadh »

MAC NÉILL, Eoin

Cé gur gan fhios do Mhac Néill a beartaíodh ar éirí amach um Cháisc 1916 bhí sé sásta gan cur ina aghaidh ar dtús. Ach nuair a chuala sé gur gabhadh Roger Casement agus gur cuireadh an Aud go tóin poill chuir sé orduithe cealaithe amach ar fud na tíre.... Cé nár ghlac sé aon pháirt san Éirí Amach gearradh pianseirbhís saoil air 24 Bealtaine agus chaith sé tréimhsí in Dartmoor agus Lewes sular scaoileadh saor é Meitheamh 1917.

Léigh tuilleadh »

MAC PIARAIS, Pádraig

Is é is cáiliúla dár oibrigh ar son na teanga ó 1876. Na fáthanna is mó leis sin gan amhras an ról a bhí aige in Éirí Amach 1916 agus gurbh é príomh-mhairtíreach a linne é. Mar Chathaoirleach ar Rialtas Sealadach na Poblachta ba é a léigh Forógra na Saoirse ag Ardoifig an Phoist Luan Cásca. Ba é Ard-Cheannasaí Arm na Poblachta é agus cuireadh chun báis é ar 3 Bealtaine 1916.

Léigh tuilleadh »

MAC SUIBHNE, Traolach

Ceapadh é ina chathaoirleach ar choiste gnótha na nÓglach i gCorcaigh i 1915. Chaith sé mí in earrach 1916 i bPríosún Chorcaí tar éis dó óráid cheannairceach a thabhairt uaidh sa Bhaile Nua, Co. Chorcaí. Faoin am seo bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta. Ghlac sé le horduithe cealaithe Mhic Néill um Cháisc 1916. Le cead Arm na Breataine thaistil sé féin agus Tomás Mac Curtáin go Ciarraí lena rá leis na hÓglaigh a n-airm a ghéilleadh. Lean mothú ciontachta an teip sin i gCorcaigh. Chaith sé tréimhsí gairide de 1916 agus 1917 i ngéibheann i Wakefield, Frongoch, Reading, Corcaigh, Béal Feirste agus Dún Dealgan.

Léigh tuilleadh »

MAG RUAIDHRÍ, Micheál

Luan Cásca 1916, bíodh gurbh fhear meánaosta pósta é agus iníon óg aige, shiúil sé isteach le hÓglaigh Ráth Fearnáin go dtí Halla na Saoirse, a ghunna ar a ghualainn. In Ardoifig an Phoist ar an Máirt d’áitigh an Piarsach air litir a thabhairt abhaile go Ráth Fearnáin. Gabhadh é san Hermitage i ndiaidh an Éirí Amach. Tugadh go dtí Beairic Richmond é agus as sin go dtí Beairic Coinneála Stafford.

Léigh tuilleadh »

NEESON, Seán

I ndiaidh 1916 cuireadh i bpríosún é i bhFrongoch agus Reading. Bhí cór aige sna príosúin a dtugtaí “Neeson’s canaries” air.

Léigh tuilleadh »

NÍ ÉIGEARTA, Eibhlín

Tugadh bonn di i ngeall ar a ndearna sí in Inis Córthaidh le linn Éirí Amach 1916 nuair a ghlac na hÓglaigh seilbh ar an mbaile.

Léigh tuilleadh »

NIC SHIUBHLAIGH, Máire

Bhí sí gafa le gluaiseacht na saoirse agus le Cumann na mBan, í an-ghníomhach sna ceolchoirmeacha agus na haeríochtanna a d’eagraíodh siad. Bhí cónaí uirthi i nGlas Tuathail ag an am agus an deaslabhra á theagasc aici. Bhí sí i gceannas ar na mná a chaith Seachtain na Cásca 1916 i monarcha Jacobs.

Léigh tuilleadh »

Ó BRIAIN, Liam

Ní raibh a fhios aige maidin Luan Cásca go raibh an tÉirí Amach le tarlú. Ach ba é an cuntas ar a bhfaca sé timpeall ar Phortobello a thug ar Eoin Mac Néill a chreidiúint go raibh sé ar siúl. Rinne Liam a bhealach ansin isteach go dtí Ardán Phort an Iarla mar ar casadh Anraí Mac Niocaill air agus chuaigh siad beirt thar na ráillí isteach i bhFaiche Stiabhna chun cabhrú le hArm na Saoránach faoi cheannas an Cheannphoirt Michael Mallin. I ndiaidh an Éirí Amach chaith sé dhá mhí i bpríosún Wandsworth agus bhí ar dhuine den chúigear a bhí ag múineadh rang Gaeilge ann, agus sé mhí i gcampa Frongoch.

Léigh tuilleadh »

Ó BROIN, Giolla Chríost

Cheangail sé féin agus a dheartháireacha leis na hÓglaigh nuair a bunaíodh iad. Bhí sé féin sa 4ú Cathlán (Innealltóirí). Bhí sé réitithe go nglacfadh sé páirt san éirí amach i gContae na Mí.

Léigh tuilleadh »

Ó BUACHALLA, Domhnall

Nuair a chuala sé Luan Cásca 1916 go rabhthas tar éis éirí amach i mBaile Átha Cliath chuaigh sé ar a rothar ann ar dtús chun an scéal a dheimhniú. Ansin bhailigh sé a dhíorma le chéile, scór díobh ar fad, agus chuaigh siad feadh na Canálach Ríoga gur chaith siad oíche i Reilig Ghlas Naíon. Maraíodh beirt díobh ag trasnú Sráid Anraí agus iad ag iarraidh Ardoifig an Phoist a bhaint amach. Is ag Domhnall amháin a bhí raidhfil. Chaill sé é i ndamhach suibhe ar tharla dó léimt isteach ann agus é ar a bhealach trí shiopa chun na hArdoifige.

Léigh tuilleadh »

Ó CAOIMH, Pádraig

Bhí sé ar dhuine den dream a bhí i láthair i dteach an Dr Séamus Ó Ceallaigh i Ráth Garbh Satharn Cásca nuair a bhíothas ag iarraidh teacht chun réitigh idir Eoin Mac Néill agus ceannairí an Éirí Amach. Cuireadh isteach chuig oifig an Sunday Independent é chun go bhfiafródh sé cad é an nóiméad ba dheireanaí a bhféadfaí fógra a chur i gcló ann. Ghlac sé páirt san Éirí Amach mar bhall de gharastún i gceann de thithe ósta Shráid Uí Chonaill. Chaith sé tréimhse i bpríosún i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.

Léigh tuilleadh »

Ó CEALLAIGH, Séamus

Bhí cleachtas dochtúra ag Séamus i 53 Bóthar Ráth Garbh, Baile Átha Cliath,... Sa teach sin ar Aoine Chéasta 1916 a bhí an cruinniú cinniúnach úd ag Eoin Mac Néill le Tomás Mac Donnchadha, Seosamh Pluincéad, Art Ó Gríofa agus daoine eile, an cruinniú ag ar scríobh sé na hath-orduithe chun stop a chur leis an Éirí Amach.

Léigh tuilleadh »

Ó CEALLAIGH, Seán Tomás

Bhí sé sáite sa bhroid i rith na seachtaine roimh an Éirí Amach. Mar chaptaen ar fhoireann an Phiarsaigh bhí sé gnóthach le linn an Éirí Amach ag gabháil bia agus eile sna siopaí, ag cur forógraí suas. ag iarraidh stop a chur le creachadh is slad, agus i mbun teachtaireachtaí éagsúla go dtí gur gortaíodh a chos ar an Aoine. Chaith sé tamaill i mBeairic Richmond, i Wandsworth, Woking agus Frongoch agus scaoileadh saor é um Nollaig 1916.

Léigh tuilleadh »

Ó COIRBHIN, Aodh

Bhí sé réidh le páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca ach nuair a tháinig orduithe cealaithe Eoin Mhic Néill d’imigh sé ar saoire go Béal Feirste.

Léigh tuilleadh »

Ó CUILL, Seán

Bhí sé ina bhall den choiste stiúrtha a bhunaigh na hÓglaigh i gCorcaigh ach mar gheall ar a shláinte ní ghlacfaí leis féin mar óglach gníomhach. Deirtear gur aistrigh sé na mílte piléar timpeall na cathrach roimh an Éirí Amach.

Léigh tuilleadh »

Ó DEIRG, Tomás

Thug scoláireacht go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe é i 1915. D’eagraigh sé buíon de na hÓglaigh i measc na mac léinn sa Choláiste agus bhí ina chaptaen air. Bhí sé sa bhaile ar saoire um Cháisc 1916 ach gabhadh é agus chaith sé tamaill i bpríosún i Woking, Wormwood Scrubbs agus Frongoch. D’iarr Coláiste Ollscoile na Gaillimhe go scaoilfí saor é chun go leanfadh sé dá staidéar, rud a rinneadh i Lúnasa 1916.

Léigh tuilleadh »

Ó DRUACHÁIN, Proinsias

Fuair sé ordú ón mBráithreachas i 1913 na hÓglaigh a bhunú i gCluain Meala. Chabhraigh sé le Seán Mac Diarmada chun airm a cheannach. Nuair a tharla an scoilt leis na Réamonnaigh sna nÓglaigh ba é a d’fhéach chuige gur ghabh na hÓglaigh nach raibh ag réiteach leo sin seilbh ar na gunnaí a bhí á gcoimeád i ngnólacht Hearne i bPort Láirge.... Gabhadh é tar éis an Éirí Amach agus tugadh ó Bheairic Mhíleata Chluain Meala é go Príosún Chorcaí, as sin go Beairic Risteamain agus go príosún Barlinnie in Albain sular aistríodh go Frongoch é.

Léigh tuilleadh »

Ó DUBHGHAILL, Séamas

Bhí an fear seo ar dhuine de cheannairí 1916 in Inis Córthaidh nuair a bhí seilbh acu ar an mbaile ar feadh ceithre lá.... Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus ina Bhriogáidire Cúnta in Inis Córthaidh i 1916. Ba é a scríobh agus a chuir suas an forógra ag an Athenaeum sa bhaile.

Léigh tuilleadh »

Ó DUIBHIR, Éamon

Um Cháisc 1916 thug sé iarracht ar thacaíocht don éirí amach a fháil i dTiobraid Árann agus i Luimneach agus chaith sé an tréimhse uaidh sin go hOíche Nollag 1916 i bpríosún i Wakefield agus Reading.

Léigh tuilleadh »

Ó FATHAIGH, Proinsias Pádraig

Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh agus in Éirí Amach 1916 bhí ina Chaptaen Ceannais ar Chomplacht C de Bhriogáid C sna Ceithre Chúirt. Bhí tamall de mhíonna roimh an Éirí Amach caite aige in ospidéal. Gearradh deich mbliana pianseirbhíse air. Chaith sé seacht mí i ngéibheann i bPortland agus seacht mí eile i Lewes sular scaoileadh saor é um Meitheamh 1917.

Léigh tuilleadh »

Ó FOGHLUDHA, Micheál

Bhí sé páirteach in Éirí Amach 1916. Ba é a chuir Micheál Ó Coileáin in aithne don phóilín Éamonn Broy.

Léigh tuilleadh »

Ó hANNRACHÁIN, Micheál

Ba é seo an tAnnrachánach a bhí ar dhuine de cheannairí Éirí Amach 1916 a cuireadh chun báis.... I monarcha Jacobs a bhí Micheál agus Anraí ag troid. Nuair a bhí sé ag séirseáil le haghaidh soláthair bia thit sé ar staighre cloiche agus bhuail a chloigeann gur fhulaing comhtholgadh, meastar. Ach ní cheadódh sé go bhfaigheadh Tomás Mac Donncha scéal na timpiste ar eagla go gcuirfí in ospidéal é. Bhí sé go dona tinn ar feadh na coda eile den seachtain. Lámhachadh é i gCill Mhaighneann 4 Bealtaine tar éis cúirt airm a chur air.

Léigh tuilleadh »

Ó hAODÁIN, Agaistín

Trí bhearna sna ballaí d’éirigh leis dul isteach in Ard-Oifig an Phoist i 1916 go ndearna freastal spioradálta ar Sheán Mac Giolla Bhríde, agus ar an bPiarsach agus a dheartháir. Bhí baint aige leis an socrú faoinar ghéill Tomás Mac Donnchadha.

Léigh tuilleadh »

Ó hAODHA, Micheál

Bhí sé páirteach san Éirí Amach i Monarcha Jacob agus d’éirigh leis fanacht saor ina dhiaidh.

Léigh tuilleadh »

Ó hAODHA, Séamus Seosamh

Bhí Séamus ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus den Pháirtí Sóisialach agus bhíodh aistí i gcló aige san Irish Worker sna blianta 1912-1914. San Éirí Amach is i monarcha Jacob a bhí sé. Gearradh deich mbliana príosúin air agus chaith sé an tréimhse go Meitheamh 1917 i Lewes agus Portland.

Léigh tuilleadh »

Ó hÉIGCEARTUIGH, Diarmuid

Leifteanant i gComplacht F den Chéad Chath de na hÓglaigh ba ea é—bhí cuid mhór de na Céitinnigh sa Chath sin. Seán Mac Diarmada a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é. San Éirí Amach ghlac sé páirt cheannasach faoi Fhionán Ó Loingsigh sa troid i gceantar Sráid King Uach./Na Ceithre Cúirteanna.

Léigh tuilleadh »

Ó hEIREAMHÓIN, Seoirse

Dháréag as Fear Manach a ghlac páirt in Éirí Amach 1916 agus ba dhuine den triúr Protastúnach ina measc Seoirse.... Nuair a bunaíodh na hÓglaigh chuaigh sé isteach iontu agus bhí ina chaptaen ar Chomplacht ‘D’ de Cheathrú Cathlán Bhriogáid Bhaile Átha Cliath. San Éirí Amach is faoi Éamonn Ceannt sa South Dublin Union a bhí sé ag troid. Tugadh faoiseamh ón mbreith báis dó agus cuireadh go príosún Lewes é.

Léigh tuilleadh »

Ó hUIGINN, Brian

Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh 1913 agus ghlac páirt in Éirí Amach 1916. Nuair a tháinig sé abhaile tar éis géibhinn i mBeairic Stafford agus i bhFrongoch chuaigh sé chun cónaithe i gCarraig an Chabhaltaigh nuair a tairgeadh post cláraitheora/rúnaí dó i gColáiste Uí Chomhraí.

Léigh tuilleadh »

Ó LOINGSIGH, Fionán

San Éirí Amach bhí sé i gceannas ar na hÓglaigh ó Shráid an Rí Thuaidh síos i dtreo na gCeithre Cúirteanna. Daoradh chun báis é ach laghdaíodh an pionós go deich mbliana príosúnachta. Scaoileadh saor é samhradh 1917.

Léigh tuilleadh »

Ó LOINGSIGH, Micheál

Bhí sé ag troid san Éirí Amach i 1916 i gceantar Shráid na hEaglaise le Complacht B, 2ú Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath. Chaith sé tréimhsí i bhFrongoch agus i mBaile Coinnleora. Chaill sé a phost státseirbhíse i ndiaidh 1916 agus d’fhostaigh Sinn Féin é.

Léigh tuilleadh »

Ó MAICÍN, Peadar

Is i Muilte Uí Bheoláin a bhí sé seachtain na Cásca agus lámhachadh é go timpisteach 26 Aibreán. Is mar seo a chuireann An Glór síos ar thoscaí a bháis: ‘I rith na seachtaine bhí sé i bhfeighil buíne de na hÓglaigh a bhí i seilbh dhroichead an bhóthair iarainn atá os cionn na sráide go ngairmtí Great Clarence Street uirthi an taca san ach gurb é Sráid Pheadair Maicín a ghlaoitear uirthi ó shin i leith. Throid siad go calma neamheaglach gan sos gan scíth gan chodladh. Lead bocht de na hÓglaigh ghoill an cruatan air, theip na neirbhíní air, agus i ndorchadas na hoíche lámhaigh sé Peadar.’

Léigh tuilleadh »

Ó MÁILLE, Pádraig

Bhí baint aige le Sinn Féin beagnach óna thús agus bhí sé sna hÓglaigh. Gabhadh é i nGaillimh go luath i ndiaidh Éirí Amach 1916 agus cuireadh go príosún Wandsworth é.

Léigh tuilleadh »

Ó MAOILEOIN, Séamas

Gabhadh é i Luimneach i ndiaidh an Éirí Amach agus chaith sé tamaill i ngéibheann i Luimneach agus i mBeairic Richmond sular cuireadh go Sasana é mar ar chaith se tamaill i Wakefield agus i bhFrongoch.

Léigh tuilleadh »

Ó MAOLCHATHA, Risteárd

Bhí sé páirteach san Éirí Amach mar thánaiste ag Tomás Ághas i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus i gCill Dhéagláin, Co. na Mí. Is trí thimpiste a tharla sé sin. Is é a bhí beartaithe go rachadh sé chuig Ard-Oifig an Phoist tar éis dó féin agus dá chompánaigh na cáblaí cumarsáide ag Acomhal Bhinn Éadair a ghearradh. Ach toisc nár aithin siad é ghabh Óglaigh an Ághasaigh an fear a bhí curtha isteach sa chathair acu mar thaiscéalaí.

Léigh tuilleadh »

Ó MONACHÁIN, Ailbhe

Throid sé san Éiri Amach i mBéal Átha an Rí. Chaith sé féin, Ó Maoilíosa agus Proinsias Ó hEidhin ceithre mhí ar a seachaint i gContae an Chláir, iad ag cur fúthu i mbothán ar thalamh mhuintir Mhaoldomhnaigh sa Bhaile Uachtarach.

Léigh tuilleadh »

Ó MURCHÚ, Colm

Bhí Colm ina bhall de Chomplacht F den Chéad Chath. Bhí cuid mhaith de na Céitinnigh ann, Gearóid Ó Súilleabháin, Diarmuid Ó hÉigeartaigh, Micheál Ó Coileáin ina measc. Bhí Béaslaí ina chaptaen orthu ar dtús ach ba é Fionán Ó Loingsigh a thug amach iad Seachtain na Cásca. D’inis an Coileánach do Phiaras go raibh drochmheas ag Seán Mac Diarmuda ar Cholm agus go raibh ionadh air siúd freisin Colm a fheiceáil ag troid in Ard-Oifig an Phoist.

Léigh tuilleadh »

Ó MURTHUILE, Seán (1881–1941)

Cathal Brugha a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é i 1912.... Bhí baint aige leis na hullmhúcháin don Éirí Amach. Tuairim Lúnasa 1916 a ceapadh é ina rúnaí ag Ardchomhairle an Bhráithreachais.

Léigh tuilleadh »

Ó RATHGHAILLE, Micheál Seosamh

Bhí páirt mhór aige i bhforbairt na gluaiseachta agus go háirithe sna hiarrachtaí ar ghunnaí a cheannach agus a thabhairt i dtír. I nGaeilge a choinníodh sé taifid airgeadais na nÓglach agus na leabhair nótaí míleata. Faoi 1915 bhí sé ina Stiúrthóir Arm.... Bhí sé ina bhall de gharastún Ardoifig an Phoist.... Maraíodh é go deireanach Aoine Sheachtain na Cásca nó go luath maidin an tSathairn tar éis gur goineadh é i ruathar ionsaithe ar bharacáid na saighdiúirí i Sráid Uí Mhórdha. Mura raibh sé ar shínitheoirí Fhorógra na Cásca aithnítear mar dhuine de cheannairí an Éirí Amach é. Ba é an chéad duine díobh a maraíodh.

Léigh tuilleadh »

Ó RINN, Liam

Bhí sé féin agus a dheartháireacha ag troid san Éirí Amach. Scaoileadh as Frongoch é i Nollaig 1916.

Léigh tuilleadh »

Ó SCANAILL, Tadhg

Nuair a fuair Tadhg scéala an Éirí Amach chuaigh sé go Baile Bhuirne. Bhí sé socair gurbh ann a roinnfí amach cuid de na gunnaí ón Aud. Ba chuimhin leis gur chuir muintir na háite an milleán ar an dream i mBaile Átha Cliath nuair nár tháinig na gunnaí.

Léigh tuilleadh »

Ó SEANÁIN, Cathal

Nuair a chuala sé an tÉirí Amach a bheith ar siúl chuaigh sé de chois ón gCaisleán Nua i gContae an Dúin go Baile Átha Cliath. Bhí an troid thart agus ó thuaidh leis go Béal Feirste mar ar gabhadh é. Chaith sé seal i ngéibheann i bhFrongach agus Reading.

Léigh tuilleadh »

Ó SÚILLEABHÁIN, Diarmuid

I dtuairiscí a bháis deirtear gur bhall de Bhráithreachas na Poblachta é agus gur earcaigh Micheál Ó Coileáin é mar dhuine dá oifigigh eolais. Tugtar le tuiscint gur ag troid in Ard-Oifig an Phoist a bhí sé. Cibé páirt a ghlac sé tá sé níos dealraithí gur mar oibrí ann a bhí sé ag soláthar eolais i ndiaidh 1916.

Léigh tuilleadh »

Ó SÚILLEABHÁIN, Gearóid

Ba é seo an Súilleabhánach ar ar thit sé an trídhathach a thógáil os cionn Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca 1916... Bhí sé sna hÓglaigh ó thosach agus bhí ina oifigeach foirne ag Seán Mac Diarmada. Tar éis an Éirí Amach chaith sé tamaill i ngéibheann i mBeairic Risteamain, i Wandsworth, mar a raibh sé ar dhuine de na múinteoirí Gaeilge, agus i bhFrongoch mar ar chabhraigh sé le Micheál Ó Coileáin chun cimí a earcú i mBráithreachas na Poblachta. Ba é a bhí i gceannas ar stailc sa champa sin i nDeireadh Fómhair 1916.

Léigh tuilleadh »

Ó TALLAMHAIN, Séamus

Bhí Séamus ina bhall den Chéad Chath, Complacht B de na hÓglaigh agus ghlac sé féin agus a thriúr deartháireacha páirt in Éirí Amach 1916, agus bhí sé féin agus Seosamh ina mbaill de gharastún Ard-Oifig an Phoist. Bhí Seosamh ar dhuine d’iompróirí shínteán Uí Chonghaola. Chaith Séamus téarmaí in Wakefield agus Frongoch.

Léigh tuilleadh »

Ó TÓRNA, Seosamh

Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh i 1913 agus ghlac páirt sna gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair in Iúil 1914. Is i Monarcha Jacob faoi Thomás Mac Donnchadha a bhí sé ag troid san Éirí Amach. Nuair a ghéill na cinnirí d’éirigh leis a chosa a thabhairt slán abhaile agus dul ar ais chuig a phost státseir­bhíse faoi mar ná beadh dada as an ngnách déanta aige.

Léigh tuilleadh »

PRICE, Liam

Bhí i ndán dó tamall de 1918 a chaitheamh in aice an fhronta sa Fhrainc ach faoi 1916 bhí sé ag obair i gCorcaigh sa roinn den arm a bhí ag déileáil le pá. Tharla ar saoire sa bhaile é um Cháisc agus chuir an tÉirí Amach fearg air: dúirt sé lena chara Diarmuid Ó Cobhthaigh go raibh súil aige go múinfeadh an tArm ceacht do na reibiliúnaigh. Ach faoi cheann trí bliana bhí sé iompaithe ina náisiúnaí, agus bhí "Liam" á thabhairt aige air féin.

Léigh tuilleadh »

RUISÉAL, Liam

Ball de Bhráithreachas na Poblachta ba ea é agus chuaigh sé isteach sna hÓglaigh i gCorcaigh a luaithe a bunaíodh iad i Halla na Cathrach 14 Nollaig 1913 agus chabhraigh le baill a earcú. Ba dhuine é den scata Óglach a chuaigh go Feis Sráid an Mhuilinn i Lúnasa 1915 chun Pádraig Mac Piarais a thionlacan go Corcaigh. Bhí sé ar an dream a bhailigh le chéile um Cháisc 1916 chun éirí amach a chur ar siúl.

Léigh tuilleadh »

SHORTALL, William

Tá cuntas air in Scéala Éireann 1 Lúnasa 1938. ‘Liam Shortall was one of the first Dubliners to obtain a perfect command of the National Language and his aid was often sought on account of his linguistic abilities’. Deirtear sa chuntas sin go raibh sé ina bhall de Shinn Féin ó thús agus de Bhráithreachas na Poblachta, go raibh sé ina bhall de na hÓglaigh (Céad Chathlán Bhaile Átha Cliath) agus, tar éis dó a bheith gníomhach i gceantar Shráid na hEaglaise san Éirí Amach, gur daoradh chun báis é agus gur chaith sé tamall in Frongoch.

Léigh tuilleadh »